Pobalscoil Chorca Dhuibhne ag tabhairt aghaidh ar churaidh Chonnacht inniu agus tús curtha le ré nua

Cé gur scaoil an scoil Ghaeltachta an bhliain seo caite leis an ngreim daingean a bhí acu ar Chorn Uí Mhuirí, tá an chuma ar an scéal go bhfuil scata imreoirí óga den scoth ag teacht chun cinn arís in iarthar Chiarraí agus Corn an Fhriúnnaigh buaite an tseachtain seo

Pobalscoil Chorca Dhuibhne ag tabhairt aghaidh ar churaidh Chonnacht inniu agus tús curtha le ré nua

Tá Pobalscoil Chorca Dhuibhne ag ceiliúradh arís agus craobh na Mumhan buaite ag peileadóirí na scoile an tseachtain seo. Thug an scoil atá lonnaithe sa Daingean in Iarthar Duibhneach Corn an Fhriúnnaigh, comórtas sóisir A an chúige, leo Dé Céadaoin tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Choláiste Bhréanainn, Cill Airne, 1-15 in aghaidh 0-12, i Staid Mhic Gearailt i gCill Airne.

Ní bheidh mórán scíthe ag foireann na Pobalscoile áfach mar beidh siad ag dul chun páirce arís an deireadh seachtaine seo. Tabharfaidh siad aghaidh ar churaidh Chonnacht, St Attracta’s Shligigh, i gcluiche leathcheannais na hÉireann an Satharn beag seo. Cuirfear tús leis an gcluiche ag 14:00 i mBéal Átha Grean, Co. Luimnigh.

Cé gur scaoil an Phobalscoil leis an ngreim daingean a bhí acu ar Chorn Uí Mhuirí an bhliain seo caite, tá an chuma ar an scéal go bhfuil scata imreoirí óga den scoth ag teacht chun cinn arís in iarthar Chiarraí agus iad faoi stiúir Éamonn Fitzmaurice, bainisteoir Chiarraí,

Ba é an cúl a d’aimsigh Killian Uí Fháilbhe leath bealaigh tríd an dara leath an scór cinniúnach i gcluiche ceannais na Mumhan. Bhí foireann na Pobalscoile dhá phointe chun cinn nuair a bhain an leatosach gach deis an liathróid scaoilte. Droch-chic saor ó chosantóir de chuid Choláiste Bhréanainn a bhronn an deis ar an bhfear as Abhainn an Scáil agus bháigh sé an liathróid san eangach.

D’fhág an scór sin go raibh Pobalscoil Chorca Dhuibhne chun tosaigh, 1-10 in aghaidh 0-8, agus níor éirigh le buachaillí Chill Airne an farasbarr sin a laghdú as sin go deireadh an chluiche.

Is iad Coláiste Bhréanainn a bhí chun tosaigh ag leath ama, agus farasbarr pointe acu, 0-7 in aghaidh 0-6, i ndiaidh an chéad 30 nóiméad sin. Lena chois sin bhí cóir na gaoithe acu sa dara leath. Mar sin féin, fiú agus iad chun deiridh sa chéad leath ba léir cumas imreoirí Phobalscoil Chorca Dhuibhne agus cúilíní aimsithe dóibh ag seisear, Aodán Ó Dubháin, Cathal Ó Beaglaoich, Ruairí Ó Beaglaoich, Davidos Usios, Franz Sauerland agus Killian Ó Fáilbhe.

Cé go ndeachaigh scoil Chill Airne dhá phointe chun cinn luath sa dara leath, bhí Pobalscoil Choca Dhuibhne ar comhscór taobh istigh de shé nóiméad ó thús an dara leath céanna agus pointí aimsithe ag Colm Ó Muircheartaigh agus Ruairí Ó Beaglaoich.

Ba é Ó Beaglaoich a rinne formhór na scórála sa dara leath, mar ar aimsigh sé cúig cinn de phointí.  Anuas ar chúl Uí Fháilbhe, d’aimsigh Colm Ó Muircheartaigh agus Davidos Usios pointe eile an duine, agus fuair an t-ionadaí, Dylan Ó Géibheannaigh pointe chomh maith chun an bua a chinntiú do bhuachaillí Chorca Dhuibhne.

Fág freagra ar 'Pobalscoil Chorca Dhuibhne ag tabhairt aghaidh ar churaidh Chonnacht inniu agus tús curtha le ré nua'