Pobalscoil Chorca Dhuibhne ag iarraidh a ngreim a choiméad ar Corn Uí Mhuirí

Tar éis Corn Uí Ógáin a bhuachan anuraidh, tá Pobalscoil Chorca Dhuibhne ag súil leis an ngaisce céanna a dhéanamh i mbliana. Tá Coláiste Naomh Proinsias, Baile an Róistigh, rompu i gcluiche ceannais na Mumhan.

PS Chorca Dhuibhne players celebrate with The Hogan Cup 12/4/2014
Imreoirí Phobalscoil Chorca Dhuibhne ag ceiliúradh ar an bpáirc tar éis dóibh Craobh na hÉireann a bhuachan anuraidh. INPHO/Ryan Byrne

 

Corn Uí Mhuirí – Cluiche Ceannais

Pobalscoil Chorca Dhuibhne v Coláiste Naomh Proinsias, Baile an Róistigh, Cill Airne, 3i.n.

I mí Aibreáin anuraidh, bhí Pobalscoil Chorca Dhuibhne ag ceiliúradh i bPáirc an Chrócaigh tar éis dóibh Corn Uí Ógáin a bhuachan. An Satharn seo, ar pháirc na gCrócach, i gCill Airne, beidh siad ag iarraidh céim chun cinn eile a thógáil ar an mbóthar céanna agus Craobh na Mumhan a bhuachtaint don dara bliain as a chéile. I gcoinne Choláiste Naomh Proinsias, Baile an Róistigh a bheidh seaimpíní 2014.

Tá roinnt mhaith den phainéal ó mbliain seo caite fós ar fáil don Phobalscoil, ina measc seachtar a thosaigh Cluiche Ceannais Chorn Uí Ógáin i gcoinne Choláiste Phádraig, Machaire Rátha. Lena chois sin, tá beirt, Brian Ó Beaglaioch agus Tomás Ó Suilleabháin, a bhí mar chuid d’fhoireann mhionúir Chiarraí a bhuaigh Craobh na hÉireann i 2014.

Bhain an scoil Dhuibhneach áit amach sa chluiche ceannais gan mórán stró i mbliana; sé phointe an bhearna is lú a bhí idir iad féin agus an freasúra go dtí seo. Cluiche leathcheannais a bhí ansin, inar bhuaigh siad ar Chloich na Coillte, 0-12 in aghaidh 0-6 i gcoinne.

Bhí bóthar i bhfad níos casta le siúl ag Coláiste Naomh Proinsias. Ní raibh ach dhá phointe le spáráil acu i gcoinne Choláiste na Sceilge sa chluiche ceathrúcheannais agus bua d’aon phointe amháin a bhí acu in aghaidh Naomh Bhreandán, Cill Airne, sa bhabhta leathcheannais.

Chomh maith leis sin, bhí siad san iomaíocht do Chorn an Artaigh, craobh iomána na Mumhan. Bhí formhór na n-imreoirí a bheidh ag dul chun páirce an Satharn seo ar an bhfoireann cluiche ceannais an Choirn sin an deireadh seachtaine seo caite i gcoinne Scoil na mBráithre Críostaí, Durlas.

Agus iad ag iarraidh teacht chucu féin tar éis an cailleadh sin, tá Baile an Róistigh in ann brath ar roinnt imreoirí la bhfuil taithí acu ar leibhéal idirchontae. Bhí ceathrar, Seán Powter, Daniel Meaney, Shane Kingston agus Eoin O’Sullivan, ar phainéal mhionúir Chorcaí a shroich cluiche ceannais na Mumhan anuraidh. Chlis ar an bhfoireann sin i gcoinne Chiarraí agus beidh na himreoirí seo ag iarraidh díoltas de shórt a bhaint amach an Satharn seo. Seans go mbeidh fuar acu.

Fág freagra ar 'Pobalscoil Chorca Dhuibhne ag iarraidh a ngreim a choiméad ar Corn Uí Mhuirí'

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    Éacht nach bheag bainte amach ag an bPobalscoil anuraidh agus gan ach 221 buachaillí sa scoil.Bhuaigh said ar Choláiste Phadraigh anuraidh cé go raibh leath a fhoireann siúd fágtha ón bhfoireann a bhuaigh Coran Uí Ógáin an bhlian roimhe.

    Tá súil agam go mbeidh an ceacht seo foghlamtha ag an coláiste ón nDaingean i mbliana.