Pobalscoil Chorca Dhuibhne ag ceiliúradh, briseadh croí do Scoil Chuimsitheach Chiaráin agus scéalta CLG eile

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar chuid de na scéalta móra ó chluichí CLG an deireadh seachtaine

Pobalscoil Chorca Dhuibhne ag ceiliúradh, briseadh croí do Scoil Chuimsitheach Chiaráin agus scéalta CLG eile

Ruaidhrí Ó Beaglaoich. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Pobalscoil Chorca Dhuibhne spreagtha ag gaiscí Uí Bheaglaoich

Ba é Ruaidhrí Ó Beaglaoich na Gaeltachta laoch Phobalscoil Chorca Dhuibhne Dé Sathairn tar éis dó sárthaispeántas a thabhairt in athimirt chluiche ceannais Chorn Uí Mhuirí. D’aimsigh fear óg na Gaeltachta 2-7 sa chluiche i gcoinne Choláiste Bhréanainn, Cill Airne agus thug an Phobalscoil leo craobh shinsir na Mumhan den séú huair.

Bhí Coláiste Bhréanainn pointe chun cinn agus gan ach 12 nóiméad fágtha ach ba í foireann scoil an Daingin ba láidre a chríochnaigh. D’aimsigh an phobalscoil cúig phointe as a chéile, Ó Beaglaoich a scóráil ceithre cinn acu, agus bhuadar an cluiche 3-11 in aghaidh 0-16.

Cé go raibh Coláiste Bhréanainn ag imirt le cóir na gaoithe sa chéad leath ní raibh siad ach dhá phointe chun tosaigh ag leath ama, 0-11 in aghaidh 2-3. Ba é Ó Beaglaoich a d’aimsigh gach scór don Phobalscoil sa chéad leath ach ba é James Aghas a d’aimsigh an tríú ceann cúl dóibh nuair a chuir sé a dhorn le cic saor ó Deividas Uosis a thit i mbéal an chúil ag tús an dara leath.

Tháinig buachaillí Chill Airne ar ais sa choimhlint ina dhiaidh sin ach ba iad imreoirí Phobalscoil Chorca Dhuibhne a bhí ag ceiliúradh nuair a séideadh an fheadóg dheiridh. Beidh siad ag tabhairt aghaidh anois ar sheaimpíní Laighean i gcluiche leathcheannais na hÉireann ar an 23 Márta.

Deireadh tagtha le rás Scoil Chuimsitheach Chiaráin

Shane Black ag déanamh sábháil ó Joe Ó Gubáin. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Briseadh croí a bhí i ndán do Scoil Chuimsitheach Chiaráin na Ceathrún Rua an deireadh seachtaine seo nuair a fuair Coláiste Pobail Bhéal Átha Beithe an ceann is fearr orthu i gcluiche leathcheannais chraobh ‘D’ na hÉireann. Farasbarr dhá phointe a bhí ag buachaillí Mhuineacháin ar Scoil Chuimsitheach Chiaráin, 1-8 in aghaidh 1-6, sa chluiche a imríodh Dé Sathairn.

Rinne tosaithe Bhéal Átha Beithe scrios i gCraobh Uladh ach ba iad cosantóirí na foirne a shaothraigh a mbua Dé Sathairn. Cé go raibh cóir na gaoithe ag foireann na Ceathrún Rua sa dara leath, chuaigh sé crua orthu mórán deiseanna a chruthú agus níor aimsigh siad ach 1-1 ón imirt sa 30 nóiméad sin.

Agus iad seacht bpointe chun deiridh ag leath ama, 1-6 in aghaidh 0-2, bhí tús maith ag teastáil go géar ón gCeathrún Rua sa dara leath agus b’in a fuair siad nuair a d’aimsigh Joe Ó Gubáin cúl dóibh agus 34 nóiméad imeartha.

D’aimsigh Dylan Seoige agus Éanna Mac Cormaic scóranna ó chiceanna saora chun an bhearna a laghdú go dtí dhá phointe ach níor éirigh le Scoil Chuimsitheach Chiaráin an bhearna a dhúnadh agus is iad buachaillí Mhuineacháin a bheidh i gcluiche ceannais na hÉireann.

Sleacht Néill fós ag sárú na mboc mór

Bridin McAllister ag ceiliúradh i ndiaidh an chluiche. Pictiúr: INPHO/Oisin Keniry

Thug foireann chamógaíochta Shleacht Néill Craobh Shinsir na gClubanna leo den tríú bhliain as a chéile inné tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Naomh Máirtín i bPáirc an Chrócaigh.

Éacht atá ann craobh na hÉireann a bhuachan uair amháin, gan trácht ar é a dhéanamh

trí huaire as a chéile, ach tá gaisce ar leith déanta ag mná Shleacht Néill.

Ní hamháin gur cumann beag tuaithe é cumann Shleacht Néill ach ní áit mhór chamógaíochta é Doire ach an oiread. Ní fiú go n-imríonn foireann an chontae i gCraobh Shinsir na hÉireann; sa ghrád idirmheánach a imríonn siad.

Nuair a chaitheann tú súil ar na clubanna a bhfuil craobh na hÉireann buaite acu, is as na contaetha camógaíochta mór le rá iad den chuid is mó iad – Cill Chainnigh, Loch Garman, Corcaigh agus Gaillimh.

Ba é cumann Uí Dhonnabháin Rossa as Aontroim an chéad dream ó chúige Uladh a bhuaigh Craobh Shinsir na gClubanna nuair a thug siad Corn Uí Chearúil leo in 2008 agus tá éacht ar leith déanta ag Sleacht Néill le trí bliana anuas.

Bhuaigh cumann Loch Garman, Scabhat na mBodach, ceithre chraobh as a chéile idir 1981 agus 1984 agus sin í an sprioc atá anois ag laochra ban Shleacht Néill.

Muintir Liatroma ag filleadh ar Pháirc an Chrócaigh faoi dheireadh

Emlyn Mulligan. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Níl ach trí fhoireann pheile sa tír a bhfuil gach cluiche sa tsraith buaite acu go dtí seo, Ciarraí i Roinn 1 agus Doire agus Liatroim i Roinn 4. Bhuaigh Doire agus Liatroim arís an deireadh seachtaine seo, beart a chinntíonn go mbeidh siad ag imirt i Roinn 3 an bhliain seo chugainn. Níos tábhachtaí fós do mhuintir Liatroma, b’fhéidir,  tabharfaidh sé deis dóibh imirt i bPáirc an Chrócaigh i gcluiche ceannais na sraithe.

Níl cluiche imeartha ag Liatroim i bPáirc an Chrócaigh ó 2006, nuair a chaill siad cluiche ceannais Chorn Uí Mhurchú. Beidh a n-aghaidh ar an gceannáras ag deireadh na míosa seo tar éis dóibh Londain a bhualadh i gCora Droma Rúisc inné.  Den chéad uair, beidh deis ag leithéidí Emlyn Mulligan, duine de na tosaithe is cumasaí sa tír le roinnt blianta anuas, imirt dá chontae i bPáirc an Chrócaigh.

Tá sárjab déanta ag Terry Hyland ó tháinig sé isteach mar bhainisteoir ar fhoireann Liatroma ag tús na bliana agus áit bainte amach acu i Roinn 3 den chéad uair ó 2008. Tá sé 25 bliain ó bhuaigh siad Craobh Chonnacht i 1994 agus cé nach bhfuil mórán seans ann go ndéanfaidh siad amhlaidh i mbliana, tá comharthaí téarnaimh le feiceáil sa chontae faoi dheireadh.

Fág freagra ar 'Pobalscoil Chorca Dhuibhne ag ceiliúradh, briseadh croí do Scoil Chuimsitheach Chiaráin agus scéalta CLG eile'