POBALBHREITH TUAIRISC.IE: Móramh sa Tuaisceart ar son maoiniú d’ionchoisní na ndaoine a bhásaigh de thoradh na dTrioblóidí

De réir pobalbhreith atá déanta ag an gcomhlacht Kantar Millward Brown i gcomhar le Tuairisc.ie, deir 52% den phobal gur cheart maoiniú a chur ar fáil d’ionchoisní

POBALBHREITH TUAIRISC.IE: Móramh sa Tuaisceart ar son maoiniú d’ionchoisní na ndaoine a bhásaigh de thoradh na dTrioblóidí

Creideann móramh de phobal an Tuaiscirt gur chóir maoiniú a chur ar fáil chun ionchoisní a thionscnamh ar na daoine ar fad a bhásaigh de thoradh na dTrioblóidí.

52% den phobal a dúirt gur cheart an maoiniú a chur ar fáil agus níor easaontaigh ach 24%.

Ba i measc na gCaitliceach ba mhó tacaíocht le tús a chur leis na hionchoisní agus 62% díobh ar a shon. Bhí 59% de dhaoine idir 16-24 bliain d’aois ar son maoiniú do na hionchoisní.

Ba i measc na bProtastúnach ba lú tacaíocht don áiteamh agus 32% díobhsan nár aontaigh gur cheart an maoiniú a chur ar fáil.

I measc na ngrúpaí eile ba mhó a bhí i gcoinne an áitimh, bhí daoine os cionn an leathchéid.

NI-Pobalbhreith-2016

16% den phobal nár aontaigh nó nár easaontaigh leis an áiteamh gur chóir an maoiniú a chur ar fáil d’ionchoisní ar na daoine ar fad a bhásaigh de thoradh na dTrioblóidí. Dúirt 9% nach raibh aon tuairim acu faoin scéal.

Tá scéal mhaoiniú na n-ionchoisní ina ábhar conspóide ó thuaidh le tamall.

Dúirt an breitheamh is sinsearaí i dTuaisceart Éireann, An Tiarna Príomh-Bhreitheamh Declan Morgan, le déanaí “nach féidir dul chun cinn a dhéanamh agus muid faoi scáth na staire”.

D’impigh Morgan ar cheannairí polaitiúla an maoiniú a chur ar fáil mar ábhar “práinne”.

Dar leis go bhfágfadh an mhoill le tionscnamh na n-ionchoisní go mbeadh tuilleadh “crá croí i ndán do theaghlaigh na marbh”. Mura ndéanfaí margadh faoin maoiniú, bheadh na scórtha de bhlianta ann sula mbeadh na cásanna ar fad críochnaithe, a dúirt Morgan. Mhaígh An Tiarna Príomh-Bhreitheamh gur sárú a bheadh ansin an riachtanas dlí a bhaineann leis na fiosruithe a dhéanamh laistigh de thréimhse réasúnta ama.

Luaigh sé freisin nach raibh aon eolas tugtha ag Roinn Dlí Thuaisceart Éireann faoin gcostas a bhainfeadh leis na hionchoisní.

“Údar díomá é go bhfuil an chuma ar an scéal go gcaithfear teacht ar réiteach polaitiúil faoi chur chuige maidir le déileáil le hoidhreacht na dTrioblóidí sular gcuirfear an maoiniú atá riachtanach ar fáil do na hionchoisní,” arsa Morgan.


POBALBHREITH TUAIRISC.IE: An mó seans ar Éire Aontaithe i ndiaidh Brexit?

Ba chóir do pháirtithe aontachtacha níos mó tacaíochta a thabhairt don Ghaeilge sa Tuaisceart – níos mó ná beirt as gach cúigear

POBALBHREITH TUAIRISC: 61% den phobal den tuairim gur cheart pósadh comhghnéis a thabhairt isteach ó thuaidh



Dhiúltaigh an Chéad-Aire Arlene Foster d’iarratas Morgan ar mhaoiniú breise.

Idir an dá linn, tá dúshlán na n-údarás á thabhairt sa chúirt ag os cionn 30 teaghlach ar bhásaigh a muintir i gcuid de na heachtraí ba chonspóidí le linn na dTrioblóidí. Tá na teaghlaigh ag iarraidh go gcuirfí maoiniú ar fáil don Tiarna Príomh-Breitheamh láithreach leis na heachtraí a fhiosrú.

Éistfear a gcás ar an 14 Nollaig.

Cuirfear tús ag deireadh na míosa seo le hionchoisne ar bhás an deichniúir a mharaigh saighdiúirí na Breataine i mBaile Uí Mhurchú i mBéal Feirste i mí Lúnasa 1971.

Cé go bhfuil tús á chur leis an bhfiosrú áirithe sin ar an 30 Samhain, ní thabharfar chun críche é nó go gcuirfear an maoiniú breise ar fáil.

Tá pobalbhreith Tuairisc.ie/Millward Brown bunaithe ar 1,012 agallamh pearsanta ar rannpháirtithe in 60 áit samplála i dTuaisceart Éireann.

Cuireadh agallamh pearsanta ar na rannpháirtithe sa bhaile agus deineadh an phobalbhreith le sampla ionadaíoch i measc daoine 16+ bliain d’aois.

+/-3.1% an lamháil earráide don phobalbhreith seo.

Fág freagra ar 'POBALBHREITH TUAIRISC.IE: Móramh sa Tuaisceart ar son maoiniú d’ionchoisní na ndaoine a bhásaigh de thoradh na dTrioblóidí'