POBALBHREITH TUAIRISC.IE: An mó seans ar Éire Aontaithe i ndiaidh Brexit?

Deir 23% den phobal i dTuaisceart Éireann gur mó seans ar Éire Aontaithe i ndiaidh Brexit, ach tá líon na ndaoine óga a chreideann amhlaidh i bhfad níos airde ná an meán

POBALBHREITH TUAIRISC.IE: An mó seans ar Éire Aontaithe i ndiaidh Brexit?

Duine as gach ceathrar sa Tuaisceart a chreideann go bhfágann Brexit gur mó an seans go mbeidh Éire Aontaithe ann, de réir pobalbhreith nua de chuid Tuairisc.ie.

De réir na pobalbhreithe, a rinne an comhlacht Kantar Millward Brown do Tuairisc.ie, níor mheas ach 23% den phobal i dTuaisceart Éireann gur mó seans go mbeidh Éire Aontaithe ann de thoradh na Breatimeachta.

Léiríonn an phobalbhreith, áfach, go bhfuil líon na ndaoine óga a chreideann gur mó seans ar Éire Aontaithe i ndiaidh Brexit i bhfad níos airde ná an meán.

Brexit-GraphPobalbhreith-2016

D’easaontaigh 35% den phobal leis an áiteamh gur mó an seans ar Éire Aontaithe i bhfianaise Brexit. 20% a bhí idir dhá chomhairle faoin scéal agus thug 21% le fios nach raibh aon tuairim acu faoin gceist.

Daoine óga is mó a chreid go bhfágfadh Brexit a lorg ar cheist na haontachta agus daoine os cionn 50 bliain d’aois is mó a thug le fios nár dhócha go mbeadh mórán tionchair ag Brexit ar an scéal.

37% de dhaoine idir 16-24 bliain d’aois a dúirt gur mó seans go mbeadh Éire Aontaithe ann de thoradh na Breatimeachta.

Ar an dtaobh eile den scéal, d’easaontaigh 49% de dhaoine idir 50-64 bliain d’aois leis an áiteamh gur mó seans ar Éire Aontaithe i bhfianaise Brexit, agus dúirt 43% de dhaoine atá 65 bliain d’aois nó níos sine amhlaidh. 49% de Phrotastúnaigh a chreid nár mhó an seans ar Éire Aontaithe i ndiaidh Brexit.

Dúirt 31% de Chaitlicigh gur mó an seans ar Éire Aontaithe de thoradh Brexit. 

Cuireadh 1,012 agallamh pearsanta ar rannpháirtithe na pobalbhreithe seo in 60 áit samplála i dTuaisceart Éireann.

Cuireadh agallamh pearsanta ar na rannpháirtithe sa bhaile agus deineadh an phobalbhreith le sampla ionadaíoch i measc daoine 16+ bliain d’aois.

+/-3.1% an lamháil earráide don phobalbhreith seo.

Fág freagra ar 'POBALBHREITH TUAIRISC.IE: An mó seans ar Éire Aontaithe i ndiaidh Brexit?'