POBALBHREITH: Seans ag muintir Healy-Rae ar dhá shuíochán agus Ferris agus Spring i mbaol

Léiríonn an phobalbhreith is déanaí ó TG4/MRBI go bhfuil seans maith ar shuíochán ag an mbeirt de rítheaghlach polaitiúil Chiarraí atá ag seasamh san Olltoghchán

Healy Rae Michael Danny

Tá an Teachta Dála neamhspleách Michael Healy-Rae chomh mór sin chun tosaigh ar na hiomaitheoirí eile i ndáilcheantar Chiarraí go bhféadfadh go dtoghfaí ina theannta a dheartháir, Danny, agus gan aige siúd ach 4% den vóta céad rogha.

De réir na pobalbhreithe is déanaí ó TG4/MRBI, tá 33% den vóta sa dáilcheantar cúig shuíochán ag Michael Healy-Rae agus 4% atá ag a dheartháir, Danny Healy-Rae.

Dá mbeadh vóta chomh mór sin ag muintir Healy-Rae lá an toghcháin, bheadh leithéidí Arthur Spring ó Pháirtí an Lucht Oibre, a bhfuil 8% den vóta aige, agus Martin Ferris ó Shinn Féin, a bhfuil 7% den vóta aige, á fhéachaint le Danny Healy-Rae don suíochán deireanach i gCiarraí.

I bhfianaise na pobalbhreithe, bhuafadh Michael Healy-Rae an chéad suíochán i gCiarraí gan aon stró ach bheadh dianchoimhlint ann don cheithre shuíochán eile.

Seans go dtabharfadh Fine Gael leo dhá shuíochán agus 27% den vóta ag an bpáirtí. Tá an vóta céanna ag Teachtaí Dála an pháirtí sa dáilcheantar agus 13% ag an Aire Stáit Jimmy Deenihan agus ag Brendan Griffin araon.

De réir na pobalbhreithe, tá 16% den vóta ag Fianna Fáil agus bheadh an páirtí dóchasach gur leor an méid sin chun suíochán amháin a bhuachan. Tá 11% den vóta ag John Brassill (FF) agus 6% atá ag a chomhghleacaí Norma Moriarty.

Léiríonn an phobalbhreith gur chosúil nár chuir an cónascadh a deineadh idir dháilcheantair Chiarraí mar a bhíodh isteach in aon chor ar rítheaghlach mhuintir Healy-Rae agus go bhfuil a mbranda polaitiúil chomh láidir is a bhí riamh.

Deineadh pobalbhreith TG4 Déardaoin seo caite, an lá céanna gur fhógair Danny Healy-Rae go mbeadh sé ag seasamh san Olltoghchán i dteannta a dhearthár.

Cé nach bhfuil ach 4% den vóta céad rogha aige de réir na pobalbhreithe seo toghadh iarrthóirí chun na Dála cheana agus fiú níos lú ná an méid sin acu.

In 2007 toghadh Cyprian Brady chun na Dála agus gan aige ach 2.7% den vóta céad rogha i mBaile Átha Cliath Lár.

Tugadh ‘Bertie’s human surplus’ ar Brady ina dhiaidh sin toisc gurbh iad aistrithe an Iar-Thaoisigh Bertie Ahern a sheol chun na Dála é.

Tacaíocht na bpáirtithe i gCiarraí (Vóta céad rogha)

Fine Gael  27%
Fianna Fáil  16%
Sinn Féin  7%
Páirtí an Lucht Oibre  8%
Páirtithe eile  3%
Neamhspleáigh  39%

Tacaíocht na n-iarrthóirí i gCiarraí (Vóta céad rogha)

Michael Healy-Rae (NS)  33%
Jimmy Deenihan (FG)  13%
Brendan Griffin (FG)  13%
John Brassill (FF)  11%
Arthur Spring (LO)  8%
Martin Ferris (SF)  7%
Norma Moriarty (FF)  6%
Danny Healy-Rae (NS)  4%
Michael Fitzgerald (CGlas)  2%
Grace O’Donnell (FG)  1%
Michael O’Gorman (NS)  1%
Donal Corcoran (RN)  1%

Foinse: Pobalbhreith TG4/MRBI

Fág freagra ar 'POBALBHREITH: Seans ag muintir Healy-Rae ar dhá shuíochán agus Ferris agus Spring i mbaol'