Pobalbhreith nua: Mac Lochlainn i mbaol i nDún na nGall agus dhá shuíochán á thuar d’Fhianna Fáil

Léiríonn pobalbhreith nua a rinne an comhlacht MRBI don chlár ‘Vóta 2016’ ar TG4 go bhféadfadh go mbeidh thiar ar sheift Shinn Féin triúr iarrthóirí a chur sa ghleo i nDún na nGall agus gur ag Fianna Fáil is mó atá seans dhá shuíochán a thabhairt leo

26/05/2012. Sinn Fein Ard Fheis Day 2. TD Padraig MacLochlainn addresses the Sinn Fein Ard Fheis at the INEC, Killarney. Photo: Laura Hutton/RollingNews.ie
Pictiúr: Laura Hutton/RollingNews.ie

D’fhéadfadh go mbeidh troid fhíochmhar i ndán don Teachta Dála Pádraig Mac Lochlainn má tá sé chun an dara suíochán a bhuachan do Shinn Féin i nDún na nGall san olltoghchán.

Léiríonn pobalbhreith nua a rinne an comhlacht MRBI don chlár Vóta 2016 ar TG4 go bhféadfadh go mbeidh thiar ar sheift Shinn Féin triúr iarrthóirí a chur sa ghleo i nDún na nGall agus gur ag Fianna Fáil is mó atá seans dhá shuíochán a thabhairt leo.

I bhfianaise na pobalbhreithe nua, 30% den vóta a bheidh ag Fianna Fáil agus Sinn Féin araon, ach dealraíonn sé gur fearr a bhainfidh Fianna Fáil leas as an vóta atá acu.

Bunaithe ar thorthaí na pobalbhreithe, gach seans go dtoghfaí sa dáilcheantar ina bhfuil cúig shuíochán Piaras Ó Dochartaigh do Shinn Féin (19%), Charlie McConalogue (17%) agus Pat ‘the Cope’ Ó Gallchóir (13%) d’Fhianna Fáil, agus Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh (13%) d’Fhine Gael.

D’fhágfadh an méid sin go mbeadh sé ina chogadh dearg don suíochán deireanach i nDún na nGall idir triúr, Pádraig Mac Lochlainn (SF), an Teachta Dála neamhspleách Thomas Pringle (7%) agus an t-iarrthóir neamhspleách Dessie Shiels (7%).

Is minic pobal vótála Dhún na nGall ar mhalairt intinne leis an gcuid eile den tír, ach dea-scéal atá sa phobalbhreith seo d’Fhianna Fáil agus a sciar den vóta i bhfad níos airde ná an leibhéal tacaíochta atá á lua leis an bpáirtí sin ar bhonn náisiúnta.

Agus vóta Phádraig Mhic Lochlainn íseal de réir na pobalbhreithe seo, theastódh aistriú láidir uaidh ní hamháin óna chomhghleacaithe Piaras Ó Dochartaigh agus Gary Doherty (2%), ach ó iarrthóirí eile chomh maith.

Is é seo an chéad cheann de thrí cinn de phobalbhreitheanna atá coimisiúnaithe ag TG4. Dé Máirt seo chugainn ar Vóta 2016 craolfar torthaí na pobalbhreithe atá déanta ag an gcomhlacht MRBI ar dháilcheantar Chiarraí.

De réir na pobalbhreithe is iad na ceisteanna is mó atá ag dó na geirbe ag muintir Dhún na nGall ná cúrsaí dífhostaíochta, cúrsaí sláinte agus cúrsaí bóithre.

Tacaíocht na bpáirtithe i ndáilcheantar Dhún na nGall (Vóta Uimhir 1)

Sinn Féin  – 30%

Fianna Fáil – 30%

Fine Gael – 17%

Neamhspleách – 23%

Tacaíocht na n-iarrthóirí (Vóta Uimhir 1)

Pearse Doherty (SF) – 19%

Charlie McConalogue (FF) – 17%

Joe McHugh  (FG) – 13%

Pat ‘the Cope’ Gallagher  (FF) – 13%

Pádraig Mac Lochlainn  (SF) – 9%

Thomas Pringle  (NS) – 7%

Dessie Shiels  (NS) – 7%

Paddy Harte  (FG) – 4%

Frank McBrearty Jnr  (NS) – 4%

Tim Jackson  (NS) – 3%

Gary Doherty  (SF) – 2%

Ian McGarvey  (NS) – 2%

Niamh Kennedy  (NS) – 2%

Fág freagra ar 'Pobalbhreith nua: Mac Lochlainn i mbaol i nDún na nGall agus dhá shuíochán á thuar d’Fhianna Fáil'