Plus ça change, plus c’est la même camán?

An mbeimid ag caint amach anseo faoi ‘Buille den Bhambú’ in ionad ‘Clash of the Ash’?

Plus ça change, plus c’est la même camán?

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Tá an nath ‘The Clash of the Ash’, lascadh na gcamán, nó fothram na fuinseoige, cloiste go minic againn agus caint á déanamh faoi spórt ársa na hiomána.

De réir scéalta ó stair na hÉireann thug na Ceiltigh isteach an iomáint agus tá tagairt don iomáint i Dlíthe na mBreithiúna sa chúigiú haois. Tá tagairt freisin do chamán a bheith á dhéanamh an lá ar maraíodh Brian Boru i 1014.

De réir na staire freisin bhí an chuma ar an scéal go raibh an iomáint ag fáil bháis aimsir an Ghorta Mhóir. Ach de réir a chéile thosnaigh daoine á himirt arís go háirithe uasalaicme na tíre i mBaile Átha Cliath, áit a raibh sé chlub Camán, mar a glaodh air.
Ansin bunaíodh Cumann Lúthchleas Gael ag deireadh an naoú haois déag agus bhí páirt lárnach ag an gCumann i stair na tíre ó shin.

Is mór an difríocht idir CLG in 1884 agus CLG in 2021. Agus cinnte is mór an difríocht atá idir na camáin a úsáideadh ansin agus na cinn atá á n-úsáid ag imreoirí na linne seo. Agus bíonn athrú éigin ag tarlú beagnach gach deich mbliana anois.

Bhí sé suimiúil féachaint ar Patrick Horgan ag úsáid ceann de chamáin Christy Ring ar an gclár faisnéise faoi Ring a bhí ar ár scáileáin aimsir na Nollag. Bhí difríocht mhór idir cruth chamán Ringy agus an ceann a úsáideann Horgan.

Ó bhíos-sa féin ag imirt tá cuid mhór difríochtaí ar chruth bhas [bos] an chamáin. Mar aon leis sin tá imreoirí na linne seo an-chúramach faoin slaitín draíochta fuinseoige a úsáideann siad. Faigheann tromlach na n-imreoirí an camán lámhdhéanta go speisialta dóibh féin. Tá an-tábhacht ag baint leis an meáchan, an fhaid agus crot an bhas.

Tá an lá imithe a mbíodh mála camán ag club agus go bhfaighfí camán eile as dá mbrisfí do cheann féin.

Lorcan McLoughlin (Corcaigh) agus Jamie Barron (Port Láirge). Pictiúr:INPHO/Oisin Keniry

Ach ó bhí Cúchulainn ina bhuachaill (bhuel le tamall fada) an tréith is seasmhaí faoin gcamán ná an t-adhmad a úsáidtear, an fhuinseog. Bhí galar ag cur isteach ar sholáthar na fuinseoige tamall de bhlianta ó shin agus bhí ar dhéantóirí dul thar lear ar thóir an adhmaid. Deineadh iarrachtaí camáin a dhéanamh as ábhar sintéiseach freisin ach is í an fhuinseog an chéad rogha ag tromlach imreoirí na hiomána, go dtí seo ar aon nós.

Ach tá éilitheoir ar an gcoróin ar an margadh agus an-fhorbairt agus tástáil go leor déanta air le tamall de bhlianta. Tá an comhlacht iomráiteach Torpey Hurleys ó chontae an Cláir ag tabhairt an táirge nua ar an margadh agus mórán ama agus airgid caite acu air. Agus an t-amhábhar? Bambú. Sea an bambú.

Cheapas go dtí seo gurbh iad pandaí na Síne is mó a bhain úsáid as an mbambú ach tá sé tagtha anois chuig na páirceanna iomána agus roinnt imreoirí idirchontae á úsáid agus an-mheas acu ar an mbambú.

De réir diantaighde a rinne Seán Torpey ar feadh cúpla bliain tá an bambú ar comhtharrac leis an fhuinseog i ngach slí ach an buntáiste mór atá ag an mbambú nach mbristear iad leath chomh minic is a bhristear an fhuinseog. Tá sé sin an-tábhachtach d’imreoirí.

Ní maith le haon imreoir nuair a bhristear an camán is fearr atá aige nó aici agus de réir tuairiscí ós na himreoirí atá anois ag úsáid an bhambú tá siad thar a bheith sásta le fad saoil na gcamán bambú. Agus de réir mo chuid taighde féin, is féidir cuid de speicis an bhambú a fhás sa tír seo.

An míbhuntáiste ná an costas mar tá na cinn bhambú beagnach dhá oiread níos daoire na fuinseoige.

An mbeimid ag caint faoi Buille den Bhambú in ionad Clash of the Ash sna blianta amach romhainn?

Bhuel má bhíonn cluichí againn an t-earrach seo b’fhéidir go mbeadh seans againn Buille den Bhambú a chloisteáil fiú más ar an scáileán féin é.

 

Fág freagra ar 'Plus ça change, plus c’est la même camán?'