Plúr na scríbhneoirí Gaeilge le labhairt ag féile litríochta i mBéal Feirste

Is i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich a bheidh Fómhar na Leabhar, féile atá á reáchtáil ag an teach foilsitheoireachta Leabhar Breac

Plúr na scríbhneoirí Gaeilge le labhairt ag féile litríochta i mBéal Feirste

Reáchtálfar inniu agus amárach i mBéal Feirste féile litríochta a bhfuil sé i gceist aici ceiliúradh a dhéanamh ar scríbhneoirí, ar an scríbhneoireacht agus ar an léitheoireacht féin.

Is i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich a bheidh Fómhar na Leabhar, féile atá á reáchtáil ag an teach foilsitheoireachta Leabhar Breac.

Tá sé i gceist sraith comhraítí poiblí agus léamhanna a chur ar siúl idir seo agus tráthnóna Dé Sathairn ina dtabharfar scríbhneoirí agus a gcuid léitheoirí le chéile le plé a dhéanamh ar an litríocht, ar an léitheoireacht agus ar a saothar féin.

Tá scata scríbhneoirí agus aistritheoirí aitheanta le páirt a ghlacadh in imeachtaí na féile.

Beidh Eilís Ní Anluain, Máire Uí Dhufaigh agus Proinsias Mac a’Bhaird ag caint ar shaothar nua atá idir lámha acu, agus beidh Jacqueline de Brún ag trácht ar leabhar nua léi, Cloch na Gréine a bheidh ar fáil i mbliana.

Is ag trácht ar na leabhair atá acusan ar ghearrliosta ‘Leabhar na Bliana’ 2022, Seacht dTír Seacht dTeanga agus Súil an Daill, agus ar na leabhair nua atá ar na bacáin acu féin, a bheidh Diarmuid Johnson agus Darach Ó Scolaí agus labhróidh Muiris Ó Raghallaigh, Labhrás Ó Finneadha agus Antain Mac Lochlainn ar an aistriúchán — agus ar an litríocht.

Agus, dar ndóigh, beidh áthas ar léitheoirí deis a fháil cluas a thabhairt do scríbhneoir Ráth Chairn, Liam Mac Cóil agus a shraith ‘An Litir’ á phlé aige, chomh maith leis an gCorcaíoch, Colm Ó Ceallacháin, ar foilsíodh an cnuasach breá gearrscéalta leis anuraidh, Ré na bhFathach.

Le linn na féile, beidh fáil ar na scríbhneoirí sa Chultúrlann agus beidh leabhair á síniú ag na scríbhneoirí sa siopa leabhar, An Ceathrú Póilí.

Cuirfear tús leis an fhéile ar 6pm Dé hAoine i nDánlann Dillon sa Chultúrlann, agus leanfar den fhéile ón 11am go dtí 4pm Dé Sathairn. Comhráití poiblí faoi stiúir cathaoirligh a bheidh sna seisiúin ar fad, agus beidh fáilte roimh chách.

Fág freagra ar 'Plúr na scríbhneoirí Gaeilge le labhairt ag féile litríochta i mBéal Feirste'

  • Fearn

    Níl áiméar agam plúr an lae seo a bhlaiseadh, monuar, ach amach anseo íosfaidh mé an caiscín bruite!