‘Pluais an Dragain’ díolta in Árainn agus cóiríocht le cur ar fáil do 13 teaghlach leis an airgead

Cheannaigh Barry O’Sullivan an teach sé sheomra, a bhfuil radharc ar an bhfarraige uaidh ag Cill Mhuirbhigh in Inis Mór, ar €500,000 le linn ré an Tíogair Cheiltigh, agus meastar gur caitheadh €250,000 eile ar athchóiriú an tí

‘Pluais an Dragain’ díolta in Árainn agus cóiríocht le cur ar fáil do 13 teaghlach leis an airgead

Díoladh ‘Pluais an Dragain’ in Árainn ag ceant i gcathair na Gaillimhe le deireanas ar €273,000 agus tá an t-airgead a rinneadh ar an teach le bronnadh ar na heagrais charthanachta Focus Ireland agus Cope na Gaillimhe.

Chuir an fiontraí Barry O’Sullivan, duine de ‘dhragain’ an chláir teilifíse ar RTÉ Dragon’s Den, a theach saoire i gCill Mhuirbhigh ar ceant ar mhaithe leis na heagraíochtaí sin agus úsáidfear an t-airgead a rinneadh ar an díolachán mar éarlais ar thithe do dhaoine gan dídean.

Cheannaigh O’Sullivan an teach sé sheomra, ar aghaidh na farraige i gCill Mhuirbhigh, ar €500,000 le linn ré an Tíogair Cheiltigh, agus meastar gur caitheadh €250,000 eile ar athchóiriú ar an teach.

Bhí bunphraghas €250,000 luaite leis an teach agus na ceantálaithe ag súil le €300,000 ar a laghad air. Dúirt O’Sullivan, nuair a fógraíodh an teach a bheith ar ceant ar dtús, gur “an-mhargadh” a bheadh ann don cheannaitheoir a gheobhadh ar an bpraghas sin é.

Bhí triúr istigh ar an gceant, dar le Colm O’Donnellan, ó cheantálaithe O’Donnellan and Joyce. ]

“Thosaigh na tairiscintí ag €200,000 agus d’ardaigh siad de réir a chéile, €5,000 an tairiscint nó gur tharraing tairgeoir amháin siar nuair a chuathas os cionn an bhunphraghais. Lean na tairiscintí ar aghaidh, €2,000 agus ansin €1,000 an tairiscint, sular díoladh é. Cuireadh an-spéis sa teach, is teach breá atá ann,” a dúirt sé leis The Irish Times.

Níor iarr O’Donnellan coimisiún ceantálaí lena chinntiú gur ar mhaithe le Cope agus Focus a chaithfí an t-airgead uilig a fuarthas ar an teach.

Beifear in ann éarlais a chur síos ar 13 teach anois agus clúdóidh na heagraíochtaí carthanachta an chuid eile den chostas le deontais ón Stát agus le morgáistí. Fanfaidh na tithe a cheannófar i seilbh na n-eagraíochtaí agus beidh siad ar fáil ar cíos dóibh siúd a dteastaíonn siad uathu.

Dúirt Jackie Horan ó Cope na Gaillimhe gur iontach an beart a rinne O’Sullivan agus go mbeidh tionchar mór aige ar theaghlaigh i nGaillimh.

“Bhí 124 teaghlach i nGaillimh gan dídean oíche amháin i mbliana. Caithfear an t-airgead ón díolachán seo de réir a chéile. Beidh muid in ann €20,000 a úsáid le héarlais a chur síos ar theach eile. Tabharfaidh an t-airgead seo deis dúinn cóiríocht a chur ar fáil i nGaillimh do theaghlaigh gan dídean, rud atá ag teastáil go géar uathu,” a dúirt Horan.

Bhí O’Sullivan ag iarraidh an t-airgead a thabhairt do na heagraíochtaí go rúnda, ach iarradh air é a dhéanamh go poiblí le súil agus go spreagfaí daoine eile a bhfuil maoin mhór acu a mhacasamhail a dhéanamh.

Fág freagra ar '‘Pluais an Dragain’ díolta in Árainn agus cóiríocht le cur ar fáil do 13 teaghlach leis an airgead'