Plean tithíochta foilsithe ag an Rialtas chun 300,000 teach nua a thógáil

Deir an Taoiseach Micheál Martin go bhfuil ‘géarchéim tithíochta’ ann a chuirfeadh an tír trína chéile mura rachfaí i ngleic léi

Plean tithíochta foilsithe ag an Rialtas chun 300,000 teach nua a thógáil

Tá plean tithíochta foilsithe ag an Rialtas chun 300,000 teach nua a thógáil faoi 2030.

De réir an phlean, Tithíocht do Chách, caithfear €20 billiún as seo go ceann cúig bliana ar 160,000 teach a thógáil.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go raibh “géarchéim tithíochta” againn agus go raibh sin ag cur “drochmhisneach agus éadóchas” ar dhaoine. D’fhéadfadh an ghéarchéim an tír “a chur trína chéile” mura rachfaí i ngleic léi. Beartas “radacach” a bhí i Tithíocht do Chách a dúirt sé “an plean tithíochta is uaillmhianaí” ó bunaíodh an stát.

Ag labhairt dó i nGaeilge dúirt an tAire Tithíochta Darragh O’Brien gurb é Tithíocht do Chách an plean tithíochta “is tábhachtaí riamh”.

“Oibreoidh an plean seo,” a dúirt sé.

De réir na spriocanna éagsúla sa phlean chun dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta, faoin mbliain 2030 thógfaí 90,000 teach sóisialta, 36,000 teach inacmhainne, 18,000 teach ar cíos de réir costais agus 156,000 teach le ceannach go príobháideach nó le ligean ar cíos.

Tá súil ag an Rialtas go dtógfar 33,450 teach sa bhliain 2024 agus gur 40,500 a bheidh i gceist in 2030. 11,500 teach príobháideach atá beartaithe don bhliain seo chugainn agus 24,000 an sprioc atá ann do 2030. 9,000 teach sóisialta atá luaite le 2022 agus 10,200 atá beartaithe do 2030.

4,100 teach inacmhainne agus teach ar cíos de réir costais atá le tógáil in 2022 agus 6,300 an sprioc do 2030. 11,500 teach a bheidh le ceannach go príobháideach nó le ligean ar cíos atá geallta do 2022 agus 10,200 an sprioc do 2030.

Gealltar sa phlean go bhfaighfear áit chónaithe do 1,200 duine atá gan dídean as seo go ceann cúig bliana agus bunófar Coiste Náisiúnta Gníomhaíochta do Dhaoine gan Dídean.

Cuirfear ciste nua ar bun faoin teideal ‘Croí Cónaithe’ chun tithíocht a spreagadh i lár bailte agus cathracha agus tabharfar cáin nua isteach in áit an táille ar láithreacha folmha atá ann faoi láthair chun forbairt tithíochta a spreagadh.

Déanfar leasú ar an Scéim Cothrom na Féinne, a sholáthraíonn tacaíocht dóibh siúd atá i gcúram fadtéarmach tí altranais, “chun stop a chur le pionós a ghearradh ar ioncam cíosa” ionas go spreagfar daoine lena gcuid tithe folmha a dhíol nó a ligean ar cíos.

Fág freagra ar 'Plean tithíochta foilsithe ag an Rialtas chun 300,000 teach nua a thógáil'