Plean téarnaimh eacnamaíochta €3.6 billiún seolta ag an Rialtas

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go raibh tionchar a bhí ‘tobann agus nár tharla a leithéid riamh roimhe seo” ag an bpaindéim

Plean téarnaimh eacnamaíochta €3.6 billiún seolta ag an Rialtas

Tá a Phlean Téarnaimh Eacnamaíochta 2021 seolta ag an Rialtas agus é mar aidhm leis postanna a chruthú agus borradh a chur faoin eacnamaíocht go gasta i ndiaidh na paindéime.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go raibh tionchar a bhí “tobann agus nár tharla a leithéid riamh roimhe seo” ag an bpaindéim, tionchar a bhí níos mó ná aon rud eile seachas an dá chogadh mhóra. “Tá damáiste ollmhór le cur ina cheart,” a dúirt sé.

D’aontaigh an Rialtas pacáiste €3.6 billiún a chur ar fáil do thacaíochtaí agus bearta le borradh a chur arís faoin eacnamaíocht.

Faoin bPlean Téarnaimh seo ní ghlacfar le haon iarratas nua ar an Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime (PUP) ó mhí Iúil agus tá sé i gceist tosú ag laghdú na rátaí íocaíochta ó thús mhí Mheán Fómhair.

An duine atá i dteideal an ráta is airde laghdófar a liúntas seachtaine ó €350 sa tseachtain go €300. An duine atá ag fáil €300 sa tseachtain faoi láthair, €250 a gheobhaidh ó thús Mheán Fómhair. An té atá ar an ráta is ísle faoi láthair, €250 sa tseachtain, an liúntas céanna agus a fhaigheann cuardaitheoir poist, €203 sa tseachtain a bheidh aige.

Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald go raibh sé “róluath agus an-éagórach” cinneadh a dhéanamh an PUP a ghearradh san Fhómhar.

“Céard a tharla do ‘ar scáth a chéile a mhairimid’?” a d’fhiafraigh sí.

Dúirt Róisín Shorthall, comhcheannaire na nDaonlathaithe Sóisialta go mbeadh laghdú 40% ar ioncam na ndaoine sin nach n-éireoidh leo post a fháil roimh mhí Feabhra seo chugainn.

Leanfar leis an Scéim Fóirdheontais Pá agus le Scéim Tacaíochta Shrianta an Covid-19 go dtí deireadh na bliana.

Cloífear leis an ráta 9% cáin breisluacha d’earnáil na turasóireachta agus an fháilteachais go dtí an chéad lá de Mheán Fómhair 2022.

Tá bearta tacaíochtaí sa bplean téarnaimh seo d’earnáil na dtaibhealaíon beo chomh maith le scéim phíolótach a chinnteoidh go mbeidh bunráta ioncaim ag ealaíontóirí.

Fág freagra ar 'Plean téarnaimh eacnamaíochta €3.6 billiún seolta ag an Rialtas'

  • Eoin Ó Riain

    Mar a dúirt an Coimisinéir Teanga ar maidin – ““…Nuair ba thábhachtaí agus ba phráinní an tseirbhís nó an t-eolas ón Stát gur lú an seans go gcuirfí ar fáil as Gaeilge í.”