Plean sláinte eile – cúis amhrais eile

Ní léir fós an cur chuige ná an cumas a chuirfeadh deireadh le fadhbanna an chórais sláinte

Plean sláinte eile – cúis amhrais eile

An tAire Sláinte Simon Harris Pictiúr: RollingNews.ie

Rachaidh an plean a d’fhoilsigh an tAire Sláinte Simon Harris inné chun tairbhe do gach duine sa stát, is é sin má bhíonn rath air. Faraor, beidh amhras ar mhórán, ar chúiseanna réasúnta.

Nuair a d’fhoilsigh an t-aire sláinte Micheál Martin plean cuimsitheach don chóras sláinte ag preasócáid mhór in 2001, bhí amhras láithreach ar scríbhneoir an cholúin seo agus ar go leor iriseoirí a bhí i láthair.

Rinne Micheál Martin cur síos an uair sin ar chóras cothrom atheagraithe ina mbeadh méadú suntasach ar chaiteachas agus ar líon soiléir foirne faoi cheann cúpla bliain.

Gheall Micheál Martin:

– Go mbeadh cóir leighis á cur ar gach duine fásta laistigh de 12 mí, ar a mhéid, faoi dheireadh 2002.

– Go mbeadh cóir leighis á cur ar gach páiste laistigh de shé mhí, ar a mhéid, faoi dheireadh 2002.

– Go mbeadh cóir leighis ar fáil do gach other poiblí laistigh de thrí mhí ar a mhéid, faoi dheireadh 2004.

Bhí gealladh den scoth faoin ‘Straitéis Sláinte’ a seoladh in 2001, ach ba léir an droch-chomhlíonadh tar éis achair ghairid. Níor cuireadh an t-airgead breise a bhí riachtanach leis an straitéis a chur i bhfeidhm ar fáil riamh. Níor cuireadh na leapacha ospidéil a dúradh a bhí riachtanach ar fáil ach oiread. Agus ar ndóigh níor comhlíonadh geallúint an rialtais go mbeadh cóireáil ar fáil d’othair laistigh de na tréimhsí thuasluaite.

Is léir mar sin teip Fhianna Fáil maidir le feabhsú an chórais sláinte ónar tharla ó 2001 ar aghaidh. Ach níl na páirtithe eile a bhí i mbun rialtais ó shin (Fine Gael, an Lucht Oibre agus an Páirtí Daonlathach nach maireann) slán ón gcáineadh a thuill Fianna Fáil rompu.

In 2011, gheall Fine Gael cúram ó dhochtúirí teaghlaigh a bheadh saor in aisce, chomh maith le córas árachais sláinte a chlúdódh gach saoránach. Níl an chéad gheallúint curtha i bhfeidhm fós agus cuireadh an plean árachais ar ceal trí bliana ó shin.

Dá fheabhas na beartais a d’fhógair Simon Harris inné, ní foláir cuimhneamh ar a ndúirt Leo Varadkar faoi chúrsaí sláinte agus é ina  Thaoiseach agus, roimhe sin, ina aire sláinte. Is leor tagairt do dhá ráiteas a rinne sé mar fhianaise nach bhfuil deireadh fós le héidreoir ná le hathruithe gan choinne ar chur chuige an rialtais.

Bhí Leo Varadkar ina aire sláinte nuair a dúirt sé le scoil samhraidh Mhic Giolla sna Gleannta in 2015 go mbeadh costas breise ag baint le hatheagrú an chórais sláinte agus go mbeadh sruth nua caiteachais ag teastáil lena aghaidh sin.

Dála an scéil, tá léargas breá ar fhadhbanna sa chóras sláinte agus ar an leigheas a mhol sé trí bliana ó shin san óráid, ar féidir í a léamh anseo.

Ach tá a mhalairt á rá ag an Taoiseach le tamall anuas. Tar éis chruinniú speisialta an rialtais i dteach Dhónaill Uí Chonaill i gContae Chiarraí an mhí seo caite, dúirt sé go raibh lear mór airgid á chaitheamh ar an gcóras sláinte cheana féin.

Bheadh sé deacair breis airgid a aimsiú, a dúirt sé, agus ní fhéadfaí na hathruithe a moladh i ‘Sláintecare’ (an tuairisc a d’fhoilsigh coiste uilepháirtí anuraidh) a chur i bhfeidhm de réir amchlár na tuairisce sin.

Fuarthas amach freisin ó shin nach gcuirfidh an rialtas cuntas ar leith ar bun, mar a mhol Leo Varadkar in 2015, chun íoc as an atheagrú a moladh i ‘Sláintecare’.  Teastaíonn riar níos fearr ar an gcóras agus béim ar fhreagracht agus ar thrédhearcacht, a deir sé. Mar a dúirt gach Taoiseach agus aire sláinte le scór bliain, ar a laghad. Is fusa a leithéid a rá ná déanamh dá réir.

Idir an dá linn, tá na liostaí feithimh ag síneadh i gcónaí – tá 997,258 othar seachtrach ag feitheamh le coinne cóireála, de réir na faisnéise a chruinnigh Fianna Fáil ó cheisteanna Dála. Léirigh na figiúirí céanna, a foilsíodh inné, go bhfuil breis agus 140,00 ag feitheamh le breis agus bliain.

Ainneoin na mbeartas a d’fhógair Simon Harris inné, nó a mhol Dara Calleary thar ceann Fhianna Fáil, is léir nach bhfuil réiteach simplí ná gearrthéarmach ar staid náireach an chórais sláinte.

Dúirt Brian Turner, eacnamaí i gColáiste na hOllscoile i gCorcaigh a dhéanann staidéar ar chúrsaí sláinte, nach mbeadh rath ar atheagrú ar bith mura gcuirtear airgead ar fáil chun íoc as.

Ní léir fós toil dá leithéid i dTeach Laighean. Ní léir fós ach oiread cur chuige ná cumas a chuirfeadh deireadh leis an ábhar náire seo.

Fág freagra ar 'Plean sláinte eile – cúis amhrais eile'

  • leitheoir

    Is fearr an tsláinte ná na táinte ach is teip suaithní an córas sláinte sa tír seo in ainneoin na dtáinte. Mar a dúirt bean Ghaeltachta liom: “Gach duine á bhlídeáil ar dalladh”!