Plean naoi mí le foilsiú maidir leis an saol agus an coróinvíreas faoi réim

Cúig leibhéal a bheidh i bplean nua an Rialtais don saol i ré an Covid-19 agus beidh srianta éagsúla ag baint le gach leibhéal ag brath ar conas mar a bhíonn an víreas ag scaipeadh

Plean naoi mí le foilsiú maidir leis an saol agus an coróinvíreas faoi réim

Gealltar go mbeidh an saol a bheidh againn agus an coróinvíreas faoi réim níos soiléire inniu nuair a fhoilseoidh an Rialtas plean nua meántéarmach na paindéime – Living with Covid.

Ag deireadh mhí Lúnasa a tháinig deireadh le plean an Rialtais chun an tír a chur ag obair arís agus plean an rialtais do na sé nó naoi mí seo romhainn atá sa gceann nua seo.

Bhí cruinniú ag fochoiste Covid-19 an Rialtais inné chun an plean nua seo a phlé agus cuirfear faoi bhráid an Rialtais é inniu.

Cúig leibhéal a bheidh sa bplean agus srianta éagsúla ag baint le gach leibhéal ag brath ar conas mar a bhíonn an víreas ag scaipeadh.

Nuair a bhogfaidh réigiún ó leibhéal amháin go leibhéal eile tiocfaidh srianta áirithe i bhfeidhm ar an toirt ach beidh bearta eile ag brath ar an gcomhairle sláinte phoiblí.

Ag Leibhéal a Cúig is measa a bheidh cúrsaí agus dá mbeadh an scéal chomh dona sin, chuirfí dianghlasáil agus srianta taistil i bhfeidhm go náisiúnta, mar a rinneadh ag tús an Mhárta agus san Aibreán.

D’fhéadfadh go mbeadh an tír ar fad ag leibhéal amháin ach go mbeadh leibhéil éagsúla i bhfeidhm ó chontae go contae ag brath ar líon na gcásanna den Covid-19 a bheadh ann nó cibé an ag dul i bhfeabhas nó in olcas a bheadh cúrsaí.

An ráta ’R’ nó an líon daoine as gach 100,000 duine a bheidh buailte ag an gcoróinvíreas sa gcoicís a shocróidh cén leibhéal ag a mbeidh contae nó réigiún. 48 duine in aghaidh gach 100,000 duine atá i gceist faoi láthair, de réir na figiúirí is déanaí ón Roinn Sláinte.

Ag brath ar an bhfigiúir sin, d’fhéadfaí srianta logánta a chur i bhfeidhm mar a rinneadh cheana i gcontaetha Chill Dara, Laoise agus Uíbh Fhailí nó cur chuige níos áitiúla fós a chur i bhfeidhm.

Meastar go bhfuil an chuid is mó den tír ag Leibhéal a 2 faoi láthair agus go bhfuil Baile Átha Cliath ag Leibhéal a 3 agus ardú suntasach i líon na gcásanna tarlaithe ansin le cúpla seachtain.

Táthar á thuar go gcuirfear srianta breise i bhfeidhm i mBaile Átha Cliath inniu agus tá sé á mholadh ag NPHET nár chóir do dhaoine sa gcontae sin níos mó ná seisear as dhá theaghlach éagsúla a ligean isteach chun an tí.

Ceaptar go bhfógrófar inniu go mbeidh deireadh leis an gcosc ar lucht féachana ag imeachtaí spóirt faoin aer. Bhíodh cead ag 200 duine freastal ar chluichí faoin aer go dtí gur cuireadh cosc air sin i dtús mhí Lúnasa agus ní raibh aon lucht féachana ag cluichí ó shin.

Tá caint ann go mbeidh cead ag suas le 500 duine freastal ar chluichí in ionaid bheaga agus bheadh fáilte mhór ag CLG roimhe sin mar go mbeidh roinnt cluichí ceannais contae á n-imirt sna seachtainí beaga seo.

Tuairiscítear go mbeidh cead ag suas le 5,000 duine freastal ar imeachtaí spóirt sna páirceanna móra, Páirc an Chrócaigh, an Aviva agus a leithéid.   

Dhearbhaigh Cumann Lúthchleas Gael ag an deireadh seachtaine go mbeadh tús a chur leis na comórtais shinsir pheile agus iomána an mhí seo chugainn mar a bhí beartaithe.

Ceaptar gur de réir a cheile a ardófar an líon daoine a mbeidh cead acu freastal ar chluichí agus níl aon mhioneolas faoi sin ar fáil go fóill.

Meastar go nglacfaidh an Rialtas le ‘cód daite comhchoiteann’ an Aontais Eorpaigh ó thaobh cúrsaí taistil idirnáisiúnta.

Ag deireadh mhí Iúil a thug an Rialtas isteach an Liosta Glas ó thaobh cúrsaí taistil agus ceaptar go gcuirfear córas cód-daite i bhfeidhm feasta, córas atá bunaithe ar eolas ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú.

Dath glas a bheidh ar chríocha ina bhfuil líon na gcásanna den choróinvíreas íseal, níos lú ná 25 cás in aghaidh gach 100,000 duine i dtréimhse coicíse agus níos lú ná 3% de thorthaí na dtástálacha diúltach.

Oráiste a bheidh ceantair a bhfuil níos lú ná 50 cás in aghaidh gach 100,000 duine iontu agus Dearg a bheidh ceantair má bhíonn níos mó ná 50 cás in aghaidh gach 100,000 duine ann. Aon tír nach bhfuil dóthain sonraí ar fáil fúithi, dath liath a bheidh uirthi.

Ní gá do dhaoine a thiocfaidh as críocha Glasa coraintín a chur orthu féin agus aon duine a thiocfaidh as ceantar Oráiste caithfidh siad tástáil a dhéanamh agus foirm a líonadh ag insint cá mbeidh fáil orthu.

Caithfidh paisinéirí ó cheantair Dhearga nó Liatha dul ar coraintín nó tástáil a dhéanamh ar thuirlingt dóibh.

Fág freagra ar 'Plean naoi mí le foilsiú maidir leis an saol agus an coróinvíreas faoi réim'