Plean Gníomhaíochta don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ‘aontaithe agus réidh’

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh sa Dáil inné go mbeadh brú á chur aige ar a chomhghleacaithe Plean Gníomhaíochta Cúig Bliana na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge a chur ar chlár bhord an Rialtais go gairid

Plean Gníomhaíochta don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ‘aontaithe agus réidh’

Déanfaidh Aire Stáit na Gaeltachta “a dhícheall” a chinntiú go gcuirfear Plean Gníomhaíochta Cúig Bliana na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge faoi bhráid an Rialtais go luath agus go bhfoilseofar é “sna seachtainí romhainn amach”.

Thug Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh an méid sin le fios sa Dáil tráthnóna inné.

Plean tras-rannach atá i gceist leis an bplean gníomhaíochta nua agus tuigtear gur bhain cuid den mhoill le bheith ag fanacht ar ranna áirithe a gcodanna féin den phlean a aontú.

Dúirt an tAire Stáit inné go raibh an plean “réidh” agus é “comhaontaithe” anois leis na ranna éagsúla. Bheadh brú á chur aige, a dúirt sé, ar a chomhghleacaithe an plean a chur ar chlár bhord an Rialtais go gairid.

Dúirt an Teachta Dála neamhspleách, Catherine Connolly, a chuir an cheist ar an Aire Stáit faoin scéal, go raibh “gá práinneach” leis an bplean gníomhaíochta. Dúirt sí go raibh an tAire Stáit ag rá le “blianta” go bhfoilseofaí an plean sna “seachtainí amach romhainn”.

Gheall Aire Stáit na Gaeltachta i mí Feabhra go bhfoilseofaí an plean roimh dheireadh na míosa sin, ach dúirt sé sa Dáil i mí an Mhárta go raibh sé ag súil an uair sin é a fhoilsiú “taobh istigh de choicís nó trí seachtaine”.

Bhí an Plean Gníomhaíochta le foilsiú ar dtús i mí Iúil na bliana seo caite agus gheall an tAire Stáit Gaeltachta Joe McHugh Seanad sa bhfómhar seo caite go bhfoilseofaí “faoi dheireadh” 2017 é.

Fág freagra ar 'Plean Gníomhaíochta don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ‘aontaithe agus réidh’'

  • Jamie Ó Tuama

    Cá mhéad bliain den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge atá fágtha?

  • Seán Mac Gearailt

    Jamie,
    Is ceist mhaith í seo. Cuirfidh “Comical Joe” (mar a thug duine eile air) an cheist faoi bhráid na ranna éagsúla. Déanfaidh siad macnamh dian ar an scéal, pléifidh siad go mion é. Fágfaidh siad ar leathtaobh ansin go ceann tamaill. Nuair atá freagra neamhshoiléir, nach dtugann aon eolas d’einne, cumtha acu gheobhaidh tú ciorcalán ó roinn éigin nach bhfuil aon bhaint acu leis an scéal olc ,maith ná donaí. Má ceistionn tú seo, bunófar binse fiosruithe chun an sceal a fhiosrú agus chun a chinntiu nach dtarlóidh a leithéid arís. Faoin am seo ní bheidh éinne abalta an cheist a fhreagairt mar ni bheidh cuimhne cruinn ag aon duine acu ar an bhfadhb. Ar ndoigh ní bheidh teacht ar aon cháipéis ach oiread , dála fón na nGardaí.