Plean gnímh don Ghaeilge á ullmhú ag an BAI agus a gcaiteachas ar an nGaeilge á scagadh acu

Agus ceisteanna á bhfreagairt aige faoi imeallú na Gaeilge sna meáin Bhéarla, dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás Craolacháin na hÉireann Michael O’Keeffe go bhfoilseofaí Plean Gnímh don Ghaeilge roimh dheireadh na bliana

Plean gnímh don Ghaeilge á ullmhú ag an BAI agus a gcaiteachas ar an nGaeilge á scagadh acu

Príomhfheidhmeannach Údarás um Chraolacháin na hÉireann Michael O’Keeffe

Tá plean gnímh don Ghaeilge á ullmhú ag an BAI agus scagadh á dhéanamh acu chomh maith ar an tslí a dháileann siad maoiniú ar chraoltóirí féachaint an bhféadfaí cur leis an méid Gaeilge a chraolann na stáisiúin tráchtála raidió.

Príomhfheidhmeannach Údarás um Chraolacháin na hÉireann Michael O’Keeffe a thug an méid sin le fios i dTithe an Oireachtaisan tseachtain seo, mar a raibh plé ar bun faoi thaighde a léirigh nach gcraolann na stáisiúin raidió Bhéarla, den chuid is mó, ach fíorbheagán Gaeilge.

De réir an taighde a rinne an Dr John Walsh agus an Dr Rosemary Day, níl ach “ról imeallach” ag an nGaeilge ar na stáisiúin raidió a chraolann i mBéarla den chuid is mó, in ainneoin dualgas reachtúil a bheith orthu an teanga a chur san áireamh ina gcuid cláracha.

Ag labhairt dó ag cruinniú de chuid choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán Dé Máirt, dúirt ceannasaí an BAI nárbh údar iontais dó a laghad Gaeilge a bhíonn le cloisteáil ar na stáisiúin tráchtála raidió. Dúirt sé áfach nár tuigeadh dóibh, nó go bhfaca siad an taighde nua, go raibh stáisiúin áirithe ann agus gan aon ábhar Gaeilge á chraoladh acu. I measc na stáisiún sin bhí Galway Bay FM. Dúirt O’Keeffe go raibh teagmháil déanta ag an BAI leis an stáisiún sin chun a ndualgais i dtaobh na teanga a chur ar a súile dóibh agus go raibh an scéal á chur ina cheart acu.

Dúirt Príomhfheidhmeannach an BAI go gcaithfí “glacadh leis” go mbíonn an t-eolas a chuireann na stáisiúin ar fáil faoina soláthar Gaeilge cruinn.

Tugadh le fios nach ndéantar ach “monatóireacht randamach” ar na stáisiúin maidir leis an soláthar Gaeilge sin, ach dúradh go bhféadfadh go dtiocfadh athrú ar an tslí a chuireann na stáisiúin tuairiscí ar fáil don BAI faoi seo de thoradh an phlean gnímh nua.

Dúirt Michael O’Keeffe go mbeadh an Plean Gnímh don Ghaeilge ar fáil roimh dheireadh na bliana. Dúirt sé go bhféachfaí chomh maith ar chuid den airgead a dháileann an BAI faoin scéim Fís agus Fuaim a thabhairt do na stáisiúin tráchtála chun cur lena soláthar Gaeilge. Cuireann an BAI 25% den chiste sin ar leataobh do chláir agus scannáin Ghaeilge.

De réir an taighde a rinne John Walsh agus Rosemary Day, ní chuireann aon stáisiún tráchtála ná pobail seirbhís laethúil nuachta Gaeilge ar fáil. Bíonn a leithéid ar RTÉ Radio 1 agus RTÉ lyric fm agus craoltar nuacht Ghaeilge ar RTÉ 2fm ó Luan go hAoine, ach seachas sin is ag brath go hiomlán ar athchraoltaí ó RTÉ Raidió na Gaeltachta a bhíonn stáisiúin eile RTÉ.

Dúirt Príomhfheidhmeannach an BAI gur dócha gurb é an dearcadh atá ag RTÉ ná go mbíonn an lucht éisteachta ag súil leis an sceideal áirithe céanna ar RTÉ Radio One agus go gcaitheann siad an buiséad atá acu don Ghaeilge ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Dúirt cathaoirleach choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta, an Teachta Dála neamhspleách, Catherine Connolly, gurbh “údar imní” a leithéid de dhearcadh a bheith ag RTÉ i bhfianaise na ndualgas reachtúil atá ar an stáisiún féin i dtaobh na Gaeilge.

Dúirt Peadar Tóibín, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, gur “masla” é a laghad Gaeilge a chraoltar ar stáisiúin raidió RTÉ.

Fág freagra ar 'Plean gnímh don Ghaeilge á ullmhú ag an BAI agus a gcaiteachas ar an nGaeilge á scagadh acu'