Plean Forbartha do Ráth Chairn agus Baile Ghib le foilsiú

Tá cruthú fostaíochta ar cheann de na haidhmeanna ag an bplean nua atá á ullmhú le dhá bhliain ag Fóram Fiontraíochta 2017

Plean Forbartha do Ráth Chairn agus Baile Ghib le foilsiú

Foilseofar plean forbartha trí bliana do Ghaeltacht Ráth Chairn agus Bhaile Ghib i gcontae na Mí sna “seachtainí romhainn”, dar le hAire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne.  

Toradh a bheidh sa phlean seo ar an obair a rinne Fóram Fiontraíochta 2017, a bhunaigh Údarás na Gaeltachta le taighde agus moltaí a dhéanamh faoi fhorbairt agus cruthú fostaíochta i nGaeltacht na Mí.

Fuair an Fóram cabhair le breis agus dhá bhliain anuas ó gheallsealbhóirí éagsúla agus iad i mbun a gcuid oibre. Bhíodar i dteagmháil le heagraíochtaí pobail agus gnó an cheantair, Comhairle Contae na Mí, Solas, Bord Oideachais agus Oiliúna Lú agus na Mí, an tÚdarás Forbartha Tionsclaíochta, Fiontraíocht Éireann, Ollscoil na hÉireann Má Nuad, An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí agus an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Ba í an phríomhaidhm a bhí ag Fóram Fiontraíochta 2017 borradh a chur faoi fhorbairt Ghaeltacht na Mí mar lárionad do chruthú fostaíochta mar go bhfuil sé “ar leac an dorais” ag cathair Bhaile Átha Cliath. Cuireadh mar dhualgas ar an bhfóram taighde a dhéanamh agus plean trí bliana a ullmhú chomh maith le buiséad a mholadh d’fheidhmiú an phlean sin. 

Thug an tAire Stáit Seán Kyne le fios gur ar mhaithe le tacú leis an “ngnáthobair” a bhíonn ar siúl ag Údarás na Gaeltachta i nGaeltacht na Mí a tugadh faoin tionscnamh sin.

Thug an tAire Stáit an t-eolas faoin bplean nua mar fhreagra ar cheist Dála ón teachta Dála áitiúil de chuid Fhianna Fáil, Shane Cassells.

Thug an tAire Stáit Kyne le fios freisin go raibh plean teanga do cheantair Ráth Chairn agus Bhaile Ghib faofa aige i nDeireadh Fómhair 2018 agus go raibh €100,00 in aghaidh na bliana ceadaithe aige d’fheidhmiú an phlean teanga sin.

Fág freagra ar 'Plean Forbartha do Ráth Chairn agus Baile Ghib le foilsiú'