An Rialtas agus NPHET in adharca a chéile agus plean díghlasála le fógairt

Tá an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí ar son cur chuige i bhfad níos coimeádaí ná mar atá á bheartú ag an Rialtas ó thaobh scaoileadh na dianghlasála

An Rialtas agus NPHET in adharca a chéile agus plean díghlasála le fógairt

Pictiúr: Leah Farrell/Rollingnews.ie

Fógróidh an Rialtas inniu a bplean do mhaolú na srianta Leibhéal 5 agus d’athoscailt an stáit an mhí seo chugainn.

Is í comhairle NPHET don Rialtas nár chóir cead a thabhairt do bhialanna agus tithe tábhairne ach seirbhís beir leat a chur ar fáil i rith mhí na Nollag ar fad.

Bhí tuairiscí ann aréir nach nglacfadh an Rialtas leis an gcomhairle sin agus go raibh fonn orthu cloí lena bplean díchuibhrithe trí chéim.

Tuairiscítear chomh maith go rabhthas ag plé cead a thabhairt do cheithre líon tí teacht le chéile faoin aon díon amháin an Nollaig seo.

Tá sé i gceist ag an Rialtas cead a thabhairt do bhialanna agus tithe tábhairne a bhfuil cistineacha acu oscailt mar chuid den dara céim de phlean díchuibhrithe na Nollag.

Tá an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí ar son cur chuige i bhfad níos coimeádaí ná mar atá á bheartú ag an Rialtas ó thaobh scaoileadh na dianghlasála de agus chuir baill NPHET an méid sin in iúl d’airí rialtais aréir.

Tá imní ar NPHET go háirithe faoi chuairteanna tí a bheith ceadaithe agus bialanna agus tithe tábhairne a bheith oscailte ag an am céanna.

Is é an cur chuige a fhógróidh an Rialtas go mbeifear ag scaoileadh na dianghlasála de réir a chéile, ag tosú an tseachtain seo chugainn le hathoscailt na siopaí, na n-ionad aclaíochta agus na ngruagairí.
Tá sé i gceist go gcuirfear deireadh an uair sin chomh maith leis an gcosc taistil 5 ciliméadar ach beidh ar dhaoine fanacht ina gcontaetha féin.

Le linn an tríú céim, níos gaire don Nollaig, beidh cead ag daoine taisteal lasmuigh dá gcontaetha agus beidh cuairteanna tí ceadaithe arís.

De réir tuairiscí, d’fhéadfadh go mairfeadh an maolú ar na srianta ón 18 nó an 19 Nollaig go dtí an 3 Eanáir.

Scaipfear eolas go luath faoi conas teacht le chéile sábháilte a eagrú don Nollaig.

Cé nach mbainfear amach sprioc NPHET go mbeadh níos lú ná 100 cás sa lá ann roimh dheireadh na míosa, údar uchtaigh don Rialtas na figiúirí a bheith ag titim ionas go bhféadfaí na srianta a scaoileadh go sábháilte sna seachtainí amach romhainn.

335 cás nua den Covid-19 a dheimhnigh an Roinn Sláinte tráthnóna inné, an chéad uair le ceithre lá gur fógraíodh níos mó 300 cás.

Triúr eile atá básaithe de dheasca an ghalair.

Thit ráta coicíse an ghalair arís agus 104 cás in aghaidh gach 100,000 duine an meánráta náisiúnta.

246 othar a bhfuil an aicíd orthu atá sna hospidéil agus 36 acusan atá in aonad dianchúraim.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt, mar ar tháinig srianta nua isteach ag meán oíche aréir, go raibh ochtar eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe.

431 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 39 díobhsan atá in aonad dianchúraim. Bhí 99% de na leapacha ansin lán inné.

Fág freagra ar 'An Rialtas agus NPHET in adharca a chéile agus plean díghlasála le fógairt'

  • Ruán Ó Gliasáin

    táimid ag dhul ró-thapa dar liom ach tuigim go bhfuil sé deacair ar shiopaí is mar sin de!

  • Antóin

    Níl aon deireadh leis an sorcas seo.

    Ba chóir don rialtas báta is bóthar a thabhairt do NPHET láithreach. An Dr Houlihan ag scuabadh isteach sa seomra, fillteán ár gcinniúna faoina ascaill aige ag craobhscaoileadh leis agus fuíoll an tsaoil anseo i ngleann na ndeor. Agus ansin ba cheart báta is bóthar a thabhairt don rialtas.

    A leithéid de mhasla! Beidh cead ag siopaí agus ag bialanna athoscailt arís. Tabharfar cead do cheithre líon tí teacht le chéile faoin díon amháin don Nollaig. Beidh cead againn teacht le chéile um Nollaig ach an t-eolas faoi conas teacht le chéile a bheith againn roimh ré agus beidh cead againn taisteal níos faide ná 5 chiliméadar.

    Níl ach ceist amháin agam. An bhfuil cead agam dul go dtí an leithreas?

  • Antóin

    Leigh mé anois beag, alt le Saoi na nGael, Alan Titley. “An Ceart Choíche” an t-ainm atá air agus foilsíodh é blianta ó shin.

    “Táimid ceart mar tá an ceart againn agus níor cheart d’aon duine ár gceartaiseacht a cheartú ina cheartmheabhair” an líne dheireanach san alt.

    Sin agat anois dearcadh an Rialtais seo agus NPHET.