Tá plean deich mbliana don chóras sláinte seolta ag an Rialtas tráth a bhfuil nach mór milliún duine ar liostaí feithimh.
Dúirt an tAire Sláinte gur plean “radacach” a bhí i Sláintecare, ina bhfuil geallúintí maidir le líon na ndaoine ar liostaí feithimh a laghdú, tuilleadh leapacha ospidéil a chur ar fáil agus an córas sláinte poiblí a scaradh ón gcóras príobháideach.
De réir figiúirí a bhailigh Fianna Fáil bhí 997,258 duine ag fanacht ar choinne dochtúra sa chéad sé mhí de 2018.
Dúirt urlabhraí sláinte Fhianna Fáil gur “scannal náisiúnta” é go raibh an oiread sin daoine ar na liostaí feithimh, ach chuir an tAire Sláinte i leith Fhianna Fáil gur chleasaíocht pholaitiúil ab ea a leithéid de scéal a scaoileadh amach an lá céanna go raibh Sláintecare á sheoladh aige.
Dúirt an tAire go mbeadh €1 billiún á chaitheamh ar an gcóras E-sláinte, go gcuirfí 2,600 leaba bhreise ar fáil sna hospidéal agus go gcaithfí €800 milliún ar threalamh diagnóiseach a chur ar fáil don phobal ionas nach mbeadh ar dhaoine dul go dtí an t-ospidéal chun x-gha a fháil.
Níl aon chostas ar leith luaite i Sláintecare leis an 106 beart sonrach atá sa phlean ná leis an gcostas iomlán a bhainfeadh leis as seo go ceann deich mbliana.
€2.6 billiún agus costas caipitil aon uaire €3 billiún a luadh le Sláintecare nuair a foilsíodh an tuairisc thraspháirtí i mBealtaine na bliana seo caite.
Ag labhairt dó ar Today with Miriam ar RTÉ, dúirt Simon Harris nach bhféadfadh aire sláinte a bheith “ag sodar ó ghéarchéim amháin go géarchéim eile gach lá” agus go raibh “géarghá” le plean deich mbliana chun athchóiriú a dhéanamh ar an gcóras sláinte.
Dúirt an Dr Padraig McGarry, leasuachtarán an IMO, go gcuirfeadh sé fáilte roimh aon ghníomh maidir le feidhm a thabhairt do phlean a bhí fágtha ar an tseilf go n-uige seo.
Dúirt sé go gcaithfí ciste substaintiúil a chur ar fáil chun tús a chur le bearta an phlean, ag áireamh an bhéim níos mó atá le cur ar chúram ó dhochtúirí teaghlaigh, an infheistíocht atá geallta do na hospidéil agus na bearta i dtaobh earcaíochta agus coinneáil foirne.
Fág freagra ar 'Plean deich mbliana don chóras sláinte seolta agus nach mór milliún duine ar liostaí feithimh'