Plean ag Údarás na Gaeltachta líon na bpost i Ráth Chairn a mhéadú 30%

Deirtear i dTuairisc Fhóram Fiontraíochta na Mí, a sheolfar inniu, gur gá ‘tallann a mhealladh’ go dtí Gaeltacht na Mí agus cur lena próifíl i measc lucht gnó

Plean ag Údarás na Gaeltachta líon na bpost i Ráth Chairn a mhéadú 30%

Tá sprioc leagtha síos ag Údarás na Gaeltachta líon na bpost a dtacaíonn siad leo i nGaeltacht na Mí a mhéadú nach mór 30% as seo go ceann trí bliana.

Tá an sprioc sin curtha rompu ag an eagraíocht fiontraíochta i dTuairisc Fhóram Fiontraíochta na Mí, a sheolfaidh Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne i Ráth Chairn maidin inniu.

Bhí Údarás na Gaeltachta ag tacú le 178 post i nGaeltacht na Mí ag deireadh na bliana seo caite agus tá súil acu 60 post eile a chruthú i Ráth Chairn agus Baile Ghib idir seo agus 2022.

Deirtear sa tuairisc gur chóir díriú sa cheantar ar an turasóireacht chultúrtha, an innealtóireacht, gnóthaí agraibhia agus cúrsaí teicneolaíochta.

Deirtear gur gá “tallann a mhealladh” go dtí Gaeltacht na Mí agus cur lena próifíl i measc lucht gnó.

Aithnítear i dTuairisc Fhóram Fiontraíochta na Mí gur gá infreastruchtúr fiontraíochta a thógáil i nGaeltacht na Mí, ceann de na ceantair Ghaeltachta bheaga is láidre sa tír. 

Dar leis an bhFóram bhí “easnaimh reatha bhonneagair, an easpa soláthair tallainne agus an bonn lagaithe fiontraíochta mar chuid de na príomhdheacrachtaí a chuirfeadh bac ar fhorbairt gheilleagrach an cheantair”.

Deirtear sa tuarascáil go bhfuil gá le háiseanna nua-aimseartha a fhorbairt chun tacú leis an bhfiontraíocht sa cheantar.

Is gá freisin, a deirtear, forbairt a dhéanamh ar chúrsaí teicneolaíochta agus ar an bhfiontraíocht dhigiteach “le tallann a mhealladh” agus leis an bhfórsa saothair “a uasoiliúint”.

Ba chóir freisin, a deirtear, leas níos mó a bhaint as saibhreas na Gaeilge agus as cultúr agus oidhreacht an cheantair chun an pobal féin sa cheantar a neartú.

Is gá freisin, a mhaítear, Gaeltacht na Mí “a chur chun cinn” i measc fiontraithe agus lucht gnó chun iad a mhealladh go dtí an ceantar.

I measc na bpríomh-mholtaí sa tuairisc deirtear gur gá láthair fiontraíochta a fhorbairt, go háirithe mol nuálaíochta agus digiteach mar chuid de ghréasán gteic Údarás na Gaeltachta.

Moltar chomh maith plean a ullmhú a dhíreodh ar fhorbairt na turasóireachta cultúrtha agus teanga. Moltar cúrsaí oiliúna a chur ar fáil sa cheantar agus deirtear gur gá cur le próifíl Ghaeltacht na Mí “mar áit chun gnó a lonnú agus a fhorbairt”.

Moltar Tionól Forbartha Pobail do Ghaeltacht na Mí a bhunú chomh maith.

Fág freagra ar 'Plean ag Údarás na Gaeltachta líon na bpost i Ráth Chairn a mhéadú 30%'

  • Daithi Mac Carthaigh

    Is as baile isteach a thagann formhór mór na ndaoine atá ag obair ar eastát tionsclaíoch Ráth Chairn gach lá agus imíonn siad leo abhaile tráthnóna. Tarlaíonn go bhfuil an tEastát sa Ghaeltachta ach d’fhéádfadh sé bheith in aon áit in iarthar na Mí. Is beag a dhéanann sé chun forbairt na Gaeltachta mar Ghaeltacht a chur chun cinn. Caithfear díriú ar riachtanais na háite agus mhuintir na háite seachas gnónna Béarla a phlandáil ann.