Pléadálann Uisce Éireann ciontach as gan plean uisce a chur i bhfeidhm don Cheathrú Rua

I gCúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath inniu, ordaíodh don áisíneacht uisce €3,000 a íoc le hÁras Mhic Dara, ionad altranais ar an gCeathrú Rua

Pléadálann Uisce Éireann ciontach as gan plean uisce a chur i bhfeidhm don Cheathrú Rua

Chuir an EPA i leith Uisce Éireann nár chloígh an áisíneacht uisce, idir an 1 Nollaig 2015 agus an 8 Eanáir 2016, le treoir a tugadh di plean gnímh a thabhairt isteach chun feabhas a chur ar an uisce i gcóras poiblí na Ceathrún Rua, togra a raibh €1 milliún luaite leis.

Níos túisce i mbliana tugadh fógra do dhaoine i gceantar na Ceathrún Rua i gConamara uisce a bheiriú nuair a aimsíodh cripteaspóiridiam sa chóras uisce poiblí.

Phléadáil Uisce Éireann ciontach as gan treoir an EPA maidir le caighdeán an uisce ar an gCeathrú Rua a chur i bhfeidhm.

Thug an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil treoir d’Uisce Éireann, de réir dlíthe Eorpacha, plean gnímh a thabhairt isteach chun feabhas a chur ar an uisce i gcóras poiblí na Ceathrún Rua.

Cé gur aontaíodh an Plean Gnímh ar an 9 Meán Fómhair 2014, níor cuireadh i bhfeidhm é go dtí i mbliana.

I gCúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath inniu, thug cigire sinsearach de chuid an EPA le fios nár chóir go mbeadh níos mó ná 100mgs de THMs (Trihalomethanes) in aghaidh an lítir in uisce a bhítear a ól.

Léirigh tástálacha ar uisce na Ceathrún Rua go raibh an leibhéal de na ceimiceáin sin níos airde ná mar ba chóir.
Thug cigire an EPA le fios chomh maith gur thug sé cuairt ar an ionad cóireála uisce i mí Eanáir, cúig seachtaine i ndiaidh an spriocdháta d’fheidhmiú an phlean gnímh agus nach raibh aon athrú ar an leibhéal THMs an uair sin.

Mhaígh abhcóide Uisce Éireann gur leagadh amach an plean gnímh “le dea-thoil” agus gur measadh an scála ama a luadh leis a bheith “réadúil”. D’fhág deacrachtaí cumarsáide leis an EPA agus deacrachtaí eile a bhain le cead pleanála go raibh moill ar chur i bhfeidhm an phlean, a dúirt abhcóide Uisce Éireann.
Tá an plean curtha i bhfeidhm ó shin, a dúirt sé.

D’ordaigh an Breitheamh O’Neill d’Uisce Éireann €3,000 a íoc le hÁras Mhic Dara ar an gCeathrú Rua agus d’aontaigh Uisce Éireann costais dlí agus fiosrúcháin an EPA a íoc.

Dúirt an Breitheamh nár cheart d’Uisce Éireann talamh slán a dhéanamh de nach mbeadh aon fhadhb ó thaobh cead pleanála le cur i bhfeidhm an phlean.

Tá fadhbanna le blianta fada le caighdeán an uisce i gcóras poiblí na Ceathrún Rua.

Dúirt an Breitheamh go bhféachfadh sé arís ar an gcás mura n-íocfadh Uisce Éireann €3,000 le hÁras Mhic Dara faoin 30 Meán Fómhair.
“Nílim sásta a rá faoi láthair cén cinneadh a dhéanfaidh mé sa chás nach ndéanfaí sin,” a dúirt an Breitheamh O’Neill.

Fág freagra ar 'Pléadálann Uisce Éireann ciontach as gan plean uisce a chur i bhfeidhm don Cheathrú Rua'