Phléadáil an t-iar-uachtarán Donald Trump neamhchiontach sna cúisimh a cuireadh ina leith sa gcúirt dúiche in Washington inniu.
Cuireadh ina leith sa gcúirt gur bheartaigh sé torthaí thoghchán 2020 a chur ar ceal ar mhaithe le fanacht i gcumhacht sa Teach Bán.
Ar an 28 Lúnasa a éisteofar an cás arís.
Thíos ag bun Chnoc an Chaipiteóil, i gcúirt fheidearálach E. Barrett Prettyman, neamhchiontach a phléadáil Trump sna ceithre chúiseamh a cuireadh ina leith.
Cúisíodh é i gcomhcheilg chun calaois a dhéanamh ar na Stáit Aontaithe, i gcur isteach ar fhinné agus i gcomhcheilg in aghaidh chearta na saoránach.
I ndiaidh imeachtaí na cúirte, dúirt Trump gur “bocht an lá a bhí ann do Mheiriceá”.
Is é seo an tríú huair os comhair cúirte i mbliana ag an iar-uachtarán. Á thionlacan i dteach na cúirte inniu bhí oifigigh ón tSeirbhís Marascal atá freagrach as an tslándáil taobh istigh de dhoras na gcúirteanna feidearálacha.
Sé seachtainí ó shin a rinneadh Trump a dhíotchúiseamh in Miami Florida agus cúiseanna á gcur ina leith go ndearna sé mí-láimhseáil ar cháipéisí rialtais nuair a d’fhág sé an Teach Bán.
Rinneadh díotchúiseamh eile air san earrach maidir le hairgead a íocadh le haisteoir mná roimh thoghchán 2016 le cos a bhualadh ar an gcaidreamh collaí a deir sí a bhí aici leis.
D’fhéadfadh go bhfuil cás coiriúil eile fós i ndán don iar-uachtarán má chinneann dlíodóirí i stát Georgia é a chúiseamh in iarrachtaí torthaí thoghchán 2020 sa stát sin a threascairt.
Sa gcúirt dúiche i Washington inniu glacadh lorg méire Trump den dara huair le fearas scanta leictreonach agus cuireadh roinnt mioncheisteanna pearsanta air faoi fhéin, a aois agus mar sin.
Mar a bheifeá ag súil leis bhí dianslándáil i bhfeidhm taobh istigh agus taobh amuigh de theach na cúirte.
Chuir an rialtas i láthair na coinníollacha a bhain lena scaoileadh saor ón gcúirt.
Níor éiligh na hoifigigh rialtais aon bhannaí agus níor cuireadh aon srianta ar a chuid taistil.
Dúradh, áfach, go mbeadh “impleachtaí” ann do Trump dá bpléifeadh sé sonraí an cháis le finnéithe eile.
Tá fíorbhrú ar chúirteanna Washington ó thús na bliana seo de bharr cásanna a eascraíonn as an ionradh ar an gCaipiteól ar an 6 Eanáir 2021.
Tá breis is 1,000 duine cúisithe faoin eachtra sin agus tá dialanna cúirte na mbreithiúna lán go béal agus míonna moille agus i gcásanna áirithe moill bliana i gceist ar chás cúirte.
Áitíonn dlíodóirí Trump go raibh an ceart chun saoirse cainte ag an iar-uachtarán, ceart atá cumhdaithe sa gCéad Leasú ar Bhunreacht na Stát Aontaithe agus nach ann don ‘chaint choiriúil’ mura spreagann sí gníomhaíocht choiriúil nó mura ndéantar bagairtí sa gcaint sin in aghaidh duine nó grúpa.
Tá cáineadh go leor déanta ag Donald Trump ar an Uachtarán Joe Biden, atá é féin ar thóir téarma eile sa Teach Bán, agus é á mhaíomh ag an iar-uachtarán go bhfuil feachtas géarleanúna á eagrú ina aghaidh in iarracht cur as do thoghchán na huachtaránachta 2024.
Más fíor do na pobalbhreitheanna is cosúil nach bhfuil aon bheann ag lucht tacaíochta Trump ar na dúshláin chúirte seo go léir mar tá sé fós i gceann an rása d’ainmniúchán na bPoblachtánach.
Tá feisirí mór le rá a pháirtí ag tabhairt a dtacaíochta do Trump agus iadsan freisin ar a mine ghéire ag cáineadh an Uachtaráin Biden agus na Roinne Dlí agus Cirt.
Tá sé curtha i leith Donald Trump gur chuaigh sé i mbun comhcheilge chun torthaí an toghcháin uachtaránachta in 2020 a chur ar ceal ar mhaithe le fanacht i gcumhacht.
Seo an chéad chás coiriúil in aghaidh Trump a bhaineann lena thréimhse in oifig agus é curtha ina leith gur inis sé bréaga do mhuintir Mheiriceá arís agus arís eile fad is a bhí sé ina uachtarán.
Tá coireanna éagsúla á gcur i leith Trump mar thoradh ar fhiosrúchán faoi na círéibeacha in Washington DC ar an 6 Eanáir 2020, cúiseanna a bhaineann lena iompar sa tréimhse idir an toghchán i Samhain 2020 agus an lá ar fhág sé an Tigh Bán ar an 20 Eanáir 2021.
Baineann an chéad chúis leis an líomhain go ndein sé iarracht bac a chur ar bhailiú, ar chomhaireamh agus ar dheimhniú vótaí.
Baineann dhá chúis eile le hiarracht a dhéanamh bac a chur ar chlárú vótaí na gcoláistí toghcháin i gComhdháil na Stát Aonraithe ar an 6 Eanáir, an lá go ndein drong de lucht tacaíochta Donald Trump ruathar ar an gCaipeatól.
Baineann an ceathrú cúis le hiarracht a dhéanamh cur as don cheart atá ag daoine vótáil agus an ceart atá acu go ndéanfaí a vótaí a chomhaireamh.
Cuirtear i leith Trump gur chuaigh sé i mbun comhcheilge ar mhaithe le calaois a dhéanamh ar Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Fág freagra ar 'Pléadáilte neamhchiontach ag Trump as iarracht a dhéanamh toradh toghcháin a chur ar ceal'