Plé tuisceanach is ea plé tuisceanach is cuma cén meán

Bíodh dúil agat in iris nó sa teilifís is fiú amharc ar dheis agus ar chlé sula dtrasnaíonn tú bóthar na polaitíochta

Plé tuisceanach is ea plé tuisceanach is cuma cén meán

Andrew Neil, láithreoir ar Spectator TV

Tá an iris, The Spectator, an iris sheachtainiúil is sine ar an domhan, i ndiaidh cainéal nua teilifíse a bhunú, Spectator TV. Thiar sa bhliain 1828 a cuireadh tús leis an fhoilseachán; tá ráchairt air go fóill agus díol 85,000 sa tseachtain air. Le traidisiún caomhnach na Breataine a bhaineann an iris ach ní foilseachán páirtí é.

Bíodh is go bhfuil díol maith ar an iris go seachtainúil – thart ar 85,000 – shocraigh lucht na hirise go seolfadh siad cainéal teilifíse dá gcuid féin, Spectator TV. Níor craoladh mórán ar an chainéal go fóill; dhá chlár ar chúrsaí reatha a mhair uair an chloig an ceann. Oiread chéanna le mórán eile ar na saolta seo is ar YouTube atá an t-ábhar le feiceáil.

Ceann de na rudaí is suntasaí faoin fhiontar nua gurb é Andrew Neil an láithreoir. Tá Neil ar dhuine de na hiriseoirí is mó le rá sa Bhreatain agus is iomaí sin caismirt ina raibh sé páirteach thar na blianta. Bhíodh clár ag Neil ar an BBC ar feadh i bhfad ach chuir an institiúid sin deireadh leis ar na mallaibh. Ach, ar íoróin an tsaoil, tá idirlíon na hóige ag tabhairt deis do sheanfhondúir na hiriseoireachta leanstan ar aghaidh.

Ní raibh rud ar bith sofaisticiúil faoi chur i láthair na gclár go dtí seo: láithreoir, Neil, ag caint le haíonna a bhí i bhfad i gcéin mar gheall ar Covid. Níl iarracht ar bith déanta le lucht féachana a mhealladh le geáitsíocht nua-aimseartha. Daoine ag caint. Sin a raibh ann go dtí seo. Déanta na fírinne, chuirfeadh sé craoladh bradach i gcuimhne duit; iriseoirí ag craoladh as a dtithe féin ar neamhchead na n-údarás – ach ó tharla go mbaineann lucht an Spectator leis na huaisle, is doiligh a shamhlú go bhfuil údarás ar bith os a gcionn.

Shaothraigh an chéad chlár lucht féachana 120,000 go tapa agus an dara clár 90,000. Sin measarthacht. Cinnte, ní figiúr ollmhór é sin i gcomparáid le cuid den ábhar a bhíonn ar YouTube ach tá sé á chur i láthair le linn éigeandála domhanda agus is beag poiblíocht a rinneadh faoin chainéal. Dá dtagadh deireadh leis na coinníollacha dianghlasála atá anois ann, cá bhfios cad é mar a thiocfadh leo na háiseanna agus an cur i láthair a fheabhsú?

Ó tharla gur iriseoir den seandéanamh mé féin – is maith liom amharc ar dheis agus ar chlé sula dtrasnaím an bóthar – amharcaim ar oiread foinsí nuachta agus léim oiread ábhair agus is féidir liom. Seans go mbeadh fonn ort clár nua Neil a sheachaint de bharr go mbaineann an Spectator le traidisiún polaitíochta na dTóraithe? Tuigtear duit. Amharc, mar sin féin, ar ábhar na gclár. Labhair Neil agus iriseoirí de chuid The Spectator ar an chonspóid faoin chinneadh a rinne rialtas na Breataine dlí idirnáisiúnta a shárú.

Ábhar deas tráthúil agus conspóideach a bhí ann agus rinne Neil agus na hiriseoirí ina chuideachta plé bríomhar géar ina ndearna siad cíoradh ar chinneadh rialtas na Breataine, ar na cúiseanna a bhí leis, ar na himpleachtaí, ar an iaróg a chothaigh an cinneadh agus ar an chontúirt a bhain leis an tsocrú. Labhair Neil ar chur chuige a bhí “mídhlíthiúil”. I mbeagán focal, iriseoirí gairmiúla i mbun iriseoireachta gairmiúla a bhí ann.

Thairis sin ar fad, plé tuisceanach a bhí ann, plé a bhí bunaithe ar aithne na dTóraithe agus ar na clanna cantalacha ar fad a mhaireann sa treibh sin agus ar mhioneolas ar chóras polaitíochta agus dlí na Breataine agus an Aontais Eorpaigh. Ní cur chuige tablóideach a bhí ann ná baol air agus déarfainn go bpillfeadh an lucht féachana ar an fhoinse nuachta seo amach anseo ach ábhar fiúntach bheith le fáil inti.
Níor mhaith liom paidir chapaill a dhéanamh de seo ach an dtugann an fhorbairt seo nod eile dúinn faoina bhfuil i ndán do na meáin chlóite? Thiocfadh le lucht The Spectator luí siar ar na rámhaí nó tá díol maith ar an iris.

Tuigeann siadsan, mar a thuigeann gach foilseachán faoin am seo, go maireann siad sa ré dhigiteach agus tá iarracht déanta acu, agus ag cuid mhór eile, freastal ar an ré nua sin trí ábhar scríofa agus podchraoltaí a chur ar fáil ar líne.

Ní leor é, is cosúil. Is léir go gcreideann lucht an Spectator go gcaithfidh siad dúshlán an BBC, Sky, seirbhísí nuachta ITV agus Channel 4 a thabhairt ‘ar aer’ fosta. Caithfidh sé go gcreideann siad nach leor an podchraoladh, abair, ach gur gá aithris a dhéanamh ar an chlár thraidisiúnta polaitíochta teilifíse agus é sin a aistriú ar líne.

Cad é a thabharfaimis air seo – forbairt eile ar na meáin sheanbhunaithe nó coscairt ar rólanna traidisiúnta? An dá rud?

Fág freagra ar 'Plé tuisceanach is ea plé tuisceanach is cuma cén meán'