Plé ‘substaintiúil’ le déanamh ag Kyne agus McHugh faoi chóras bunaithe scoileanna lán-Ghaeilge

Deir Aire Stáit na Gaeltachta gur údar mór imní dó nach bhfuil an córas bunaithe scoileanna atá faoi láthair ann ag freastal ar an éileamh ar oideachas trí Ghaeilge

Plé ‘substaintiúil’ le déanamh ag Kyne agus McHugh faoi chóras bunaithe scoileanna lán-Ghaeilge

Tá sé i gceist ag Aire Stáit na Gaeltachta Séan Kyne plé “substaintiúil” a dhéanamh leis an Aire Oideachais Joe McHugh faoi chóras nua a thabhairt isteach a chinnteoidh go mbeidh an gaeloideachas ar fáil don uile dhuine a bhfuil sé uathu.

Thug an tAire Stáit Séan Kyne le fios do Tuairisc.ie gur phléigh sé an cheist “go hachomair” leis an Aire McHugh cheana ach go mbeadh cruinniú níos faide acu faoin ábhar “sna seachtainí romhainn amach”.

Tá ráite ag Aire Stáit na Gaeltachta gur údar mór imní dó nach bhfuil an córas bunaithe scoileanna atá faoi láthair ann ag freastal ar an éileamh ar oideachas trí Ghaeilge.

Agus Gaelscoil Mhic Amhlaigh á hoscailt go hoifigiúil aige le déanaí, dúirt Kyne nach bhfuil an próiseas pátrúnachta mar atá “ag cuidiú linn freastal ar an éileamh ar oideachas trí Ghaeilge”.

“Níl sé ag cabhrú linn freastal ar an ngá atá le gaelscoileanna a bhunú, mar shampla, agus creidim gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar an mbealach atá ann faoi láthair agus é a athrú ionas go mbeidh an rogha oideachais trí Ghaeilge ar fáil do gach pobal.

“Tá ról ríthábhachtach ag scoileanna Gaeilge, lena n-áirítear scoileanna Gaeltachta agus gaelscoileanna i dtodhchaí na Gaeilge. Spreagann siad daltaí agus tugann siad scileanna dóibh atá tairbheach tar éis an oideachais fhoirmiúil. Tá sé ríthábhachtach inár n-iarrachtaí chun a chinntiú go léiríonn agus go bhfreastalaíonn muid ar an gcóras oideachais atá ag Éirinn inniu go bhfuil rogha oideachais trí Ghaeilge ar fáil do gach duine,” a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne.

Dúirt Kyne sa Dáil níos túisce i mbliana go raibh sé chun ceist an chórais faoina mbunaítear scoileanna lán-Ghaeilge a phlé leis an Aire Oideachais.

Le linn díospóireacht faoin nGaeilge sa Dáil mí an Mhárta, dúirt roinnt Teachtaí Dála go ndéantar éagóir sa chóras bunaithe scoileanna ar an ngaeloideachas.

Rinne an Foras Pátrúnachta agus na sé cheanneagraíocht Ghaeilge achainí ar an Aire Oideachais Joe McHugh ag deireadh na bliana seo caite seasamh le lucht an ghaeloideachais agus dlús a chur le bunú an chórais atá molta ag an Roinn Oideachais féin chun a gceart a thabhairt do dhaoine atá ag iarraidh scoil lán-Ghaeilge a chur ar bun.

Is mar thoradh ar chinneadh a rinne an Coimisinéir Teanga go raibh an dlí á shárú ag an Roinn Oideachais agus Scileanna i gcás an éilimh ar Ghaelscoil nua do Dhroim Conrach a gealladh go ndéanfaí leasú ar an gcóras maidir le bunú scoileanna nua chun go mbeadh sé níos éasca scoil lán-Ghaeilge a bhunú. 

Ní raibh an córas nua sin bunaithe áfach in am do phróiseas pátrúnachta na bliana seo.

Dúirt an Grúpa um Bhunú Scoileanna Nua go raibh “dul chun cinn maith” á dhéanamh ag an Roinn Oideachais i dtaobh cheist na gaelscolaíochta agus go raibh eolas curtha ar fáil acu maidir le conas a d’fhéadfaí cur leis an soláthar gaeloideachais.

Cuireadh i leith an Aire Oideachais agus Aire Stáit na Gaeltachta mí Aibreáin nach bhfuil dóthain airde acu ar an “bpráinn” a bhaineann le leasú a dhéanamh ar an gcóras faoina mbunaítear scoileanna lán-Ghaeilge.

Chuir an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Aindrias Moynihan easpa gnímh i leith an Aire Stáit an uair sin nuair a dúirt sé nach raibh ach plé neamhfhoirmeálta go fóill aige leis an Aire Oideachais Joe McHugh faoin scéal.

Dhá bhunscoil lán-Ghaeilge a bhí i measc an 12 bunscoil nua a d’fhógair an Roinn Oideachais mí Feabhra.

De réir na pobalbhreithe iarvótála a rinne RTÉ agus TG4 i ndiaidh na dtoghchán Eorpach agus áitiúil, creideann daoine gurb iad na beartais is tábhachtaí maidir le cur chun cinn na Gaeilge ná tacú leis an ngaeloideachas.

Dúirt an Coimisinéir Teanga go raibh “lón machnaimh” don Roinn Oideachais i dtorthaí na pobalbhreithe.

De réir phobalbhreith iarvótála RTÉ agus TG4, bhí 34% de dhaoine den tuairim gurb é an beartas is mó a dhéanann leas na teanga ná na scoileanna lán-Ghaeilge.

Fág freagra ar 'Plé ‘substaintiúil’ le déanamh ag Kyne agus McHugh faoi chóras bunaithe scoileanna lán-Ghaeilge'

  • Pól Ó Braoin

    Níl aon chíos ar an gcaint.