Ardú den chéad uair le 10 mbliana anuas ar dheontas na ‘mná tí’ á phlé

An ráta laethúil a íoctar in aghaidh an scoláire le mná tí na Gaeltachta á phlé ag Aire na Gaeltachta leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus súil le ‘cinneadh go luath’

Ardú den chéad uair le 10 mbliana anuas ar dheontas na ‘mná tí’ á phlé

Den chéad uair le deich mbliana anuas, d’fhéadfadh go bhfuil ardú i ndán don liúntas in aghaidh an scoláire a íoctar le mná tí na Gaeltachta as lóistín a chur ar fáil do scoláirí na gcoláistí samhraidh.

Faoi Scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge íocann Roinn na Gaeltachta deontas laethúil de €9.50 in aghaidh an scoláire le teaghlaigh atá aitheanta faoin scéim.

Tháinig ardú leanúnach ar an deontas seo idir 1997 agus 2007 agus ní raibh aon ghearradh i gceist go dtí 2010 nuair a gearradh siar an íocaíocht ó €10.50 go dtí €10.00 in aghaidh an lae do gach scoláire.

An bhliain dár gcionn, €9.50 in aghaidh an scoláire a bhí á íoc leis na mná tí agus is é an ráta céanna sin atá á íoc ó 2011 i leith. Ba é an ráta sin – €9.50 – a mhol an Bord Snip nua, a bunaíodh ag tús na géarchéime eacnamaíochta chun moltaí a dhéanamh maidir le ciorruithe ar chaiteachas stáit.

D’fhéadfadh go bhfuil ardú i ndán anois áfach do ráta Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge agus an ráta á phlé faoi láthair ag Aire Stáit na Gaeltachta leis an Roinn Caiteachais Phoiblí.

Nuair a cuireadh ceist ar Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne sa Dáil an tseachtain seo an raibh sé i gceist aige an ráta laethúil a íoctar le teaghlaigh faoin Scéim a ardú i mbliana, níor chuir sé a leithéid as an áireamh.

Dúirt an tAire Stáit leis an Teachta Dála Éamon Ó Cuív go raibh an ráta “á bhreithniú” aige i gcomhar leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus go mbeadh toradh ar an bplé sin gan mhoill.

“Táthar ag súil le cinneadh ina taobh a fhógairt go luath,” a dúirt an tAire Kyne.

Tá méadú ag teacht arís ar líon na scoláirí a fhreastalaíonn ar na coláistí samhraidh sa Ghaeltacht tar éis na titime tubaistí a tháinig ar an líon scoláirí le linn na géarchéime.

D’fhreastail 26,024 scoláire ar chúrsaí Gaeltachta in 2016, méadú 17% ar an 22,201 a d’fhreastail ar na cúrsaí in 2014, de réir anailíse a rinne Tuairisc.ie.

Cé go bhfuil ardú ar líon na scoláirí i gceist le dhá bhliain anuas, tá titim 7% fós i gceist i gcás 2016 nuair a cuirtear  figiúirí na bliana sin i gcomparáid le figiúirí 2008.

Anuas air sin, níl an titim 7% sin ag teacht leis an titim mhór san airgead atá á chaitheamh ar Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge. Tá titim 28% ar an airgead sin ó bhí 2008 ann. 

Íocadh €5,593,486 faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge in 2008, nuair a d’fhreastail 28,112 ar chúrsaí samhraidh Gaeltachta. 

€4,013,806 a íocadh anuraidh, nuair a d’fhreastail 26,024 ar na cúrsaí.

Deir an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív nach gcosnódh sé “ach fíorbheagán airgid” €0.50 a chur leis an ráta laethúil a íoctar le teaghlaigh Ghaeltachta faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge.

Dar leis an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar gur €200,000 an costas a bhainfeadh lena leithéid de bheartas.

Tá an t-airgead a shaothraíonn teaghlaigh Ghaeltachta faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge saor ó cháin agus ní chuirtear san áireamh é ach oiread agus iarratais ar íocaíochtaí leasa shóisialaí ón Roinn Coimirce Sóisialaí á meas.

Fág freagra ar 'Ardú den chéad uair le 10 mbliana anuas ar dheontas na ‘mná tí’ á phlé'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Caidé mar a chláraíonn tú mar ‘bean tí’ nó mar ‘teaghlach Gaeltachta’ faoi na scéimeanna Gaeilge seo?
    Nár dheas bheith ábalta ioncam a shaothrú gan cáin a íoc air.
    Agus nár dheas deontais a fháil le cóiriú a dhéanamh agus síneadh a fháil ar do theach sa dóigh is go dtig lóistéirí a choinneáil – chan a amháin i rith am samhraidh ach i rith na bliana!
    Char mhiste liom féin sin….ach caidé mar a chláraíonn duine…