Plé ar bun faoi chlár nuachta RTÉ 1 a áireamh i soláthar reachtúil RTÉ do TG4

Tuigtear gur mar chúiteamh ar an athbhrandáil atá le déanamh ar sheirbhís nuachta Gaeilge theilifís RTÉ atáthar ag éileamh go n-áireofaí an feasachán nuachta mar chuid de sholáthar RTÉ do TG4

Plé ar bun faoi chlár nuachta RTÉ 1 a áireamh i soláthar reachtúil RTÉ do TG4

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil plé ar bun ag TG4 agus RTÉ faoin gclár nuachta Gaeilge tráthnóna a théann amach ar RTÉ 1 a áireamh feasta mar chuid de sholáthar reachtúil RTÉ do TG4.

Faoi mar a tuairiscíodh an tseachtain seo caite, tá socrú déanta ag RTÉ agus TG4 gur ‘Nuacht TG4 ar RTÉ’ a bheidh mar bhranda feasta ar an tseirbhís nuachta Ghaeilge a chraoltar ar RTÉ 1 agus RTÉ News Now.

Tuigtear gur ghéill RTÉ don socrú sin ar an dtuiscint go n-áireofaí an feasachán nuachta mar chuid de sholáthar RTÉ do TG4.

Níl clabhsúr curtha go fóill ar an bplé atá ar bun faoi láthair idir an dá stáisiún faoin 365 uair an chloig de chláracha a chaitheann RTÉ a chur ar fáil do TG4 faoin reachtaíocht chraolacháin, ach tá RTÉ ag iarraidh go mbeadh an feasachán teilifíse ar RTÉ 1 áirithe mar chuid don soláthar reachtúil.

Faoin Acht Craolacháin, ní mór do RTÉ uair an chloig in aghaidh an lae de chláracha a sholáthar do TG4. Is mar chuid den soláthar reachtúil a chuireann RTÉ clár nuachta tráthnóna TG4 ar fáil, mar shampla.

Ó thús na bliana seo chugainn, tá sé i gceist go gcuirfeadh RTÉ clár seachtainiúil leathuair an chloig cúrsaí reatha ar fáil do TG4 chomh maith.

I bhfianaise na reachtaíochta, bheadh ceisteanna móra ann, do RTÉ agus TG4, faoi aon socrú a dhéanfaí maidir le feasachán nuachta RTÉ 1 a áireamh mar chuid de sholáthar RTÉ do TG4.

Faoin reachtaíocht chraolacháin, tá dualgais chomh maith ar RTÉ féin cláracha nuachta agus cúrsaí reatha Gaeilge agus Béarla a sholáthar beag beann ar an soláthar reachtúil do TG4.

Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont le Tuairisc.ie inné go bhfuil an “reachtaíocht dubh agus bán” agus go bhfuil dualgas reachtúil ar RTÉ 365 uair an chloig de chláracha a sholáthar chun go gcraolfaí ar TG4 féin iad. Ní fhéadfaí dá bharr ceathrú uaire nuachta a rachadh amach ar RTÉ 1 amháin a áireamh mar chuid den soláthar reachtúil sin, a dúirt sé.

Dúirt an tArd-Stiúrthóir nach raibh aon rud socraithe sa phlé faoi sholáthar reachtúil RTÉ, ach níor chuir sé as an áireamh go dtiocfaí ar bhealach éigin le go bhféadfaí an clár nuachta ar RTÉ 1 a áireamh mar chuid de sholáthar reachtúil RTÉ do TG4.

Luaigh sé an múnla atá cheana féin ann faoina gcraoltar cláracha faisnéise a dhéanann RTÉ do TG4, mar shampla, ar TG4 agus ar RTÉ.

Nuair a fiafraíodh d’Esslemont an bhfuil sé i gceist go n-úsáidfí an cur chuige sin – ‘Nuacht TG4 ar RTÉ’ a chraoladh ar an dá stáisiún – nó cur chuige éigin eile a aimsiú chun go bhféadfaí an feasachán nuachta ar RTÉ 1 a áireamh mar chuid de sholáthar RTÉ do TG4, dúirt sé go raibh “mionphlé” le déanamh go fóill i dtaobh socruithe éagsúla.

Dúirt Alan Esslemont le Tuairisc.ie nach raibh i gceist leis an gcaint faoi sholáthar reachtúil RTÉ do TG4 ach “cuid bheag” den phlé atá ar bun idir an dá stáisiún faoi láthair maidir le tuilleadh comhoibrithe.

Dúirt sé gur “acmhainn iontach” do TG4 a bheadh sa socrú gur ‘Nuacht TG4 ar RTÉ’ a bheidh ar sheirbhís nuachta RTÉ 1 agus thug sé le fios chomh maith go bhfógrófaí amach anseo seo tograí éagsúla eile mar chuid den chomhpháirtíocht nua idir TG4 agus RTÉ.

“Táim lánsásta, agus is dóigh liom go bhfuil RTÉ lánsásta, go bhfuil comhoibriú an-mhaith idir an dá stáisiún. Tá an plé faoi chomhpháirtíocht fós ag dul ar aghaidh agus beidh cúpla mí eile ann sula mbeidh na socruithe ar fad déanta.

“Tá roinnt buntáistí ag RTÉ  agus tá roinnt buntáistí ag TG4. Tá lucht féachana mór ag RTÉ, sin an buntáiste is mó atá acu. Níl lucht féachana chomh mór sin againne, ach tá branda náisiúnta fíorláidir ag TG4 freisin.

“An buntáiste is mó atá againne ná go bhfuil muidne in ann freastal ar lucht féachana phobal na Gaeilge ar bhealach i bhfad níos éifeachtaí. Mar sin tá buntáistí ag an dá thaobh agus tá súil againn leas a bhaint as na buntáistí sin ar mhaithe leis an lucht féachana,” a dúirt Alan Esslemont le TG4.

Fág freagra ar 'Plé ar bun faoi chlár nuachta RTÉ 1 a áireamh i soláthar reachtúil RTÉ do TG4'