Plé á dhéanamh ar ‘iachall’ a chur ar dhaltaí i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta siollabas nua a dhéanamh

Deir an Roinn Oideachais go bhfuil an tslí a gcuirfear an dá shiollabas Gaeilge Ardteiste i bhfeidhm i scoileanna Gaeilge agus scoileanna Béarla fós á plé

Plé á dhéanamh ar ‘iachall’ a chur ar dhaltaí i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta siollabas nua a dhéanamh

Tá plé á dhéanamh sa Roinn Oideachais faoinar cheart go mbeadh iachall ar dhaltaí i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge siollabas nua don chainteoir líofa a dhéanamh don Ardteist.

Tá sé ina imní i measc lucht an ghaeloideachais go ráineodh gur mhó dochar ná maitheas a dhéanfadh an dara siollabas sa chás go mbeadh sé éigeantach ach gan aon mharcanna breise le fáil as.

Ní raibh urlabhraí ón Roinn Oideachais sásta a rá an mbeadh iachall ar dhaltaí i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta an siollabas nua (T1) do chainteoirí líofa a dhéanamh ná an mbeadh cosc orthu an gnáthshiollabas (T2) a dhéanamh.

Tá sé i gceist go mbeadh an dréachtsiollabas nua don Ghaeilge ar fáil roimh dheireadh na bliana seo agus go gcuirfí i bhfeidhm é tar éis babhta comhairliúcháin.

Deirtear i bPlean Gnímh Oideachais an Rialtais do 2019 go gcuirfear tús roimh dheireadh na bliana seo le próiseas comhairliúcháin maidir le dhá shiollabas éagsúla Gaeilge, ceann do scoileanna a bhíonn ag teagasc trí Bhéarla agus ceann eile do scoileanna a bhíonn ag teagasc trí Ghaeilge.

Mar fhreagra ar shraith ceisteanna a chuir Tuairisc.ie ar an Roinn Oideachais, dúradh go raibh an tslí a gcuirfí an dá shiollabas i bhfeidhm i scoileanna Gaeilge agus scoileanna Béarla fós á plé.

De réir an Polasaí don Oideachas Gaeltachta, beidh dualgas ar gach iarbhunscoil Ghaeltachta an siollabas nua T1 a chur ar fáil.

Maidir le ceist na marcanna bónais, a cheapann a lán a bheith riachtanach má tá aon ní cóir i ndán don chur chuige nua, thug urlabhraí na Roinne le fios nach raibh aon chinneadh déanta ina leith fós.

Thug an tAire Oideachais Joe McHugh le fios i bhfreagra ar cheist Dála le déanaí nach bhfuil marcanna breise san áireamh sa phlé atá á dhéanamh ar an gcúrsa nua.

Dúirt McHugh gurb amhlaidh go mbeadh aon spreagadh a thabharfaí do dhaltaí tabhairt faoin gcúrsa nua ag teacht leis an méid atá sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta maidir le slite chun daltaí a mhealladh chuig an siollabas nua.

Ní luaitear marcanna bónais a bheag nó a mhór sa pholasaí sin, locht a fuarthas ar an gcuid sin den pholasaí nuair a foilsíodh é.

Dúirt urlabhraí na Roinne go raibh forbairt agus feidhmiú shiollabas nua na Gaeilge don Ardteist á phlé ag an Roinn agus ag eagrais éagsúla.

Tá coiste tugtha le chéile ag an NCCA chun plé a dhéanamh ar fhorbairt na Gaeilge ag leibhéal na hArdteiste. Tá ionadaithe ar an gcoiste sin ag dreamanna éagsúla, ina measc múinteoirí agus bainisteoirí scoile, an Roinn Oideachais féin, an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí Iar-bhunscoile, Tuismitheoirí na Gaeltachta agus an Coimisiún um Scrúduithe Stáit. 

Dúirt urlabhraí na Roinne go rabhthas “tiomanta caighdeán na Gaeilge i measc daoine óga a ardú” agus na scileanna a thabhairt dóibh atá “riachtanach” le go mbeidh siad ábalta an Ghaeilge a labhairt lasmuigh den seomra ranga.

Luaigh an t-urlabhraí roinnt beart ar leith. Ar na beartais sin tá na curaclaim T1 agus T2 a tugadh isteach don bhunscoil agus don Teastas Sóisearach agus an scéim phíolótach nua ina mbeidh an Ghaeilge á teagasc tríd an gcorpoideachas agus ábhair eile i 22 scoil agus ionad luathoideachais Béarla ar fud na tíre.

Ba é an beartas eile a luadh ná cinneadh go mbeadh mír na sraithe pictiúr ag deireadh scrúdú cainte na hArdteiste feasta. Tiocfaidh an t-athrú sealadach sin i bhfeidhm in 2020.

Dúirt an t-urlabhraí go raibh na hathruithe seo á meá mar chuid den athbhreithniú ar an tsraith shinsearach go léir.

Tá an t-athbhreithniú sin ina údar imní ag daoine ar cás leo stádas na Gaeilge sa chóras oideachais.

Fág freagra ar 'Plé á dhéanamh ar ‘iachall’ a chur ar dhaltaí i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta siollabas nua a dhéanamh'

  • Sibéal

    Píonós a bheidh ann i súile na ndaltaí sna meánscoileanna Gaeltachta sgus lánGhaeilge má tá iachall urthu an cúrsa T1 a leanúint , fiú má tá poinntí bónais ag dul leis.

  • tg lurgan

    “Dúirt urlabhraí na Roinne go rabhthas “tiomanta caighdeán na Gaeilge i measc daoine óga a ardú agus na scileanna a thabhairt dóibh atá “riachtanach” le go mbeidh siad ábalta an Ghaeilge a labhairt lasmuigh den seomra ranga.”

    Dearg bhreág eile ón RoinnÉadóchais.