‘Pistols at dawn. I f***king wish that was an option today’ — aighneas idir iriseoir agus léachtóir ollscoile faoi fhíseán Gaeilge

Thug an t-iriseoir Eoin Butler le fios ar líne gur mhaith leis an léachtóir Caoimhín de Barra a chur “sé troithe faoin bhfód” mar gheall ar argóint faoi fhíseán conspóideach a bhain le cúrsaí Gaeilge

‘Pistols at dawn. I f***king wish that was an option today’ — aighneas idir iriseoir agus léachtóir ollscoile faoi fhíseán Gaeilge

Caoimhín de Barra agus Eoin Butler

Bhí ar riarthóir suímh idirlín teacht idir iriseoir agus léachtóir ollscoile nuair a thug an t-iriseoir le fios gur mhaith leis an léachtóir a chur “sé troithe faoin bhfód” mar gheall ar argóint faoi fhíseán conspóideach a bhain le cúrsaí Gaeilge.

Bhain an díospóireacht ar an suíomh An Sionnach Fionn le físeán YouTube faoi cheist na Gaeilge a rinne an t-iriseoir Eoin Butler. Scríobh Caoimhín de Barra, ollamh cúnta le Stair agus Cultúr na hÉireann in Ollscoil Drew i SAM, aoi-bhlag ar An Sionnach Fionn inar chaith sé amhras ar bhailíocht na n-argóintí a rinne Butler san fhíseán An Bhfuil Cead Agam?.

Bhí conspóid ar líne faoin bhfíseán céanna nuair a foilsíodh anuraidh ar TheJournal.ie é agus rinne de Barra a fhíseán féin, An Bhfuil Tú Dáiríre?, mar fhreagra ar shaothar Butler.

D’éirigh idir an bheirt arís an tseachtain seo agus bhí an plé chomh teasaí sin an turas seo gurbh éigean do riarthóir An Sionnach Fionn rialacha a shuímh i dtaobh tráchtanna a mheabhrú dá chuid léitheoirí.

I measc na rudaí a spreag an teachtaireacht sin ó riarthóir an tsuímh, bhí ráiteas Butler gur trua leis nach ann níos mó don nós réiteach a fháil ar argóintí le “pistols at dawn”.

“Long ago, something like this would have been settled with pistols at dawn. I’m not fucking kidding. Either you or I would have had to die. Honestly, I fucking wish that was still an option today.

“With your portly frame and slow reflex times, you’d be six feet under before I’d even had breakfast,” a dúirt Butler agus é den tuairim go raibh an léachtóir ollscoile ag cur mí-ionracais ina leith.

Spréach Butler go háirithe mar gur cheistigh de Barra a chur chuige iriseoireachta agus a mhodhanna taighde. Dúirt sé go raibh de Barra mícheart faoin uile phointe aige agus gur iriseoir cruthanta é féin a bhfuil gradaim mhóra buaite aige.

“Here’s what really happened. Some mean person on the internet knocked your hobby and you’re all mad about it. That doesn’t make me wrong. That doesn’t make me a liar,” a dúirt an t-iriseoir.

Chuir Eoin Butler roimhe ina fhíseán cuid de na ‘miotais’ a bhaineann le tacaíocht an Stáit don Ghaeilge a bhréagnú, ach dar le mórán níor éirigh lena iarracht. Le linn na díospóireachta faoin scannán, cuireadh i leith Butler gurbh amhlaidh go raibh go leor miotas nua dá chuid féin ina shaothar.

Ba iad na rudaí ba chonspóidí ann ná a mhaíomh go gcaitear €1.2 billiún ar an nGaeilge in aghaidh na bliana agus an mhír a bhain le comhartha bóthair i nGaeltacht na Gaillimhe.

Mhaígh Butler go raibh contúirt do leanaí ag baint leis an gcomhartha slándála in Indreabhán toisc é a bheith i nGaeilge amháin, ach chuir lucht a cháinte ar a shúile dó go raibh dhá chomhartha eile i ngiorracht don chomhartha sin  ar a dtugtar an rabhadh céanna ag úsáid siombailí a aithnítear go hidirnáisiúnta.

Is féidir an plé a léamh anseo.

Fág freagra ar '‘Pistols at dawn. I f***king wish that was an option today’ — aighneas idir iriseoir agus léachtóir ollscoile faoi fhíseán Gaeilge'

  • tglurgan

    Fair plé do Chaoimhín de Barra. Tá an chaoi ar úsáid sé Google Earth leis an bpleota seo a bhréagnú ar an bpíosa iriseoireachta iniúchte is fearr atá feicithe le fada.

  • Lillis Ó Laoire

    Maith thú a Chaoimhín. An maistín nochta agat.