Tá sé fógartha ag Roderic O’Gorman, an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige agus ag an Seanadóir agus aire stáit Pippa Hackett go mbeidh siad ina n-iarrthóirí ar cheannaireacht an Chomhaontais Ghlais.
Dúirt Roderic O’Gorman: “Tá mé ag fógairt go mbeidh mé i m’iarrthóir ar cheannaireacht pháirtí an Chomhaontais Ghlais.
“Tá mé ag rith don cheannaireacht, tar éis 24 bliain i mo bhall den Chomhaontas Glas, chun páirtí a fhorbairt a bheidh ábalta dul chun cinn a dhéanamh ar fud na tíre ar fad, agus ár n-aidhmeanna a bhaint amach.”
Tá sé dearbhaithe ag Marc Ó Cathasaigh, cainteoir líofa Gaeilge agus Teachta Dála de chuid an pháirtí i bPort Láirge, go mbeidh seisean ag tacú leis an Aire O’Gorman.
D’fhógair an Seanadóir Pippa Hackett tráthnóna go mbeadh sí féin san iomaíocht don fholúntas. Rugadh Pippa Hackett i Maigh Eo ach tá sí ina cónaí in Uíbh Fhailí agus tá sí ina hAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara le freagracht speisialta as Úsáid Talún agus Bithéagsúlacht. Tá tacaíocht léirithe di ag an Aire Stáit Ossian Smyth, an Seanadóir Pauline O’Reilly agus an Teachta Dála, Brian Leddin.
Dá gceapfaí Hackett bheadh sí ar an gcéad cheannaire ar na Glasaigh as taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath agus áitíonn a lucht tacaíochta sin go gcruthódh a ceannaireacht nach bhfuil an Comhaontas Glas i gcoinne mhuintir na tuaithe in Éirinn.
Tá caint ann freisin go bhfuil rún ag Joe O’Brien, Aire Stáit sa Roinn Coimirce Sóisialaí, Forbartha Tuaithe agus Imeascadh agus freagracht air as Forbairt Pobail agus Carthanas,
Dheimhnigh Catherine Martin, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta agus Meán, inné nach mbeadh sí fhéin ag cur a hainm i hata na ceannaireachta agus go mbeadh sí ag éirí as leascheannaireacht an Chomhaontais Ghlais.
“Ag an tráth seo, ní bheidh mé ag cur m’ainm chun cinn mar iarrthóir ar cheannaireacht an pháirtí. Éireoidh mé as an Leas-Cheannaireacht chomh maith,” a dúirt sí.
Ba í Martin ba mhó a bhí á lua leis an bpost le teacht in áit Eamon Ryan, a éireoidh as an gceannaireacht agus nach mbeidh ag seasamh sa gcéad olltoghchán eile. Dúirt an tAire Martin inné go mbeadh sí féin ina hiarrthóir sa gcéad olltoghchán eile.
D’fhógair Eamon Ryan inné go bhfuil sé ag éirí as a cheannaireacht ar an gComhaontas Glas.
Dúirt Eamon Ryan go bhfanfadh sé ina Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide go dtiocfaidh deireadh le téarma oifige an rialtais agus go bhfanfaidh sé ina cheannaire ar a pháirtí go dtí go roghnófar ceannaire nua.
Séadna Mac Seoin
Ní fhaca nó níor chuala mé ceachtar acu riamh ar TG CEATHAR nó ar Raidió na Gaeltachta.