Bhí ‘géarchéim’ ar na focail is minice a luadh le linn plé sa Dáil inniu do Sheachtain na Gaeilge.
18 Teachta Dála ar fad a rinne píosaí cainte do ráitis Sheachtain na Gaeilge, seisear ó pháirtithe an chomhrialtais agus dháréag ón bhfreasúra.
Aire na Gaeltachta Catherine Martin an t-aon aire sinsearach a thug ráiteas agus ní raibh aon cheannaire páirtí i láthair.
Cé go ndúirt Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O’Donovan go raibh sé “dóchasach” go bhféadfaí Dáil ‘dátheangach” a bhaint amach, ba é an t-aon Teachta Dála óna pháirtí féin, Fine Gael, a bhí i láthair le linn an phlé.
Ag Sinn Féin a bhí an líon is mó Teachtaí Dála a rinne ráiteas.
Ba é leascheannaire Shinn Féin sa Dáil, Pearse Doherty, an Teachta Dála ba shinsearaí i bpríomhpháirtí an fhreasúra a labhair le linn an tseisiúin. A chomhghleacaí Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, a chuir tús leis an bplé i ndiaidh ráitis oscailte na n-airí Gaeltachta.
Ba iad na Teachtaí Dála eile ó Shinn Féin a labhair Mairéad Farrell, Pa Daly, Mark Ward agus Ruairí Ó Murchú
Chomh maith leis an Aire Martin, labhair beirt Teachtaí Dála eile de chuid an Chomhaontais Ghlais, Marc Ó Cathasaigh agus Brian Leddin.
Beirt ó Fhianna Fáil a labhair, Aindrias Moynihan agus an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív.
Bhí an t-iar-aire ar dhuine de na Teachtaí Dála a léirigh amhras faoi fhiúntas na ráiteas.
“Tá an t-am atá tugtha don díospóireacht seo i bhfad róghearr agus tá faitíos orm go raibh sí leagtha amach d’fhocla dea-mhéine seachas d’obair a dhéanamh,” arsa Ó Cuív.
Urlabhraí oideachais Pháirtí an Lucht Oibre an t-aon duine de sheachtar Teachtaí Dála an pháirtí a rinne ráiteas.
Ba iad na Teachtaí Dála eile a labhair ná Gary Gannon ó na Daonlathaithe Sóisialta, Paul Murphy ó Phobal Seachas Brabús agus na Teachtaí Dála neamhspleácha Catherine Connolly, Mattie McGrath agus Carol Nolan.
Rinneadh trácht go minic le linn an phlé do na ‘géarchéimeanna’ éagsúla a luaitear le cás na Gaeilge agus na Gaeltachta faoi láthair – sa chóras oideachais agus i gcúrsaí tithíochta.
Luadh go minic chomh maith an gá le tuilleadh scoileanna lán-Ghaeilge le freastal ar an éileamh ar an ngaeloideachas.
Cháin urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh an Rialtas as “easpa infheistíochta” a dhéanamh sa teanga, go háirithe i réimse an oideachais.
Chosain Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O’Donovan a raibh á dhéanamh ag an rialtas ar son na teanga. Mhaígh sé go raibh dul chun cinn maith á dhéanamh agus go raibh rún ag an Rialtas gach a raibh geallta acu i dtaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta a chomhlíonadh.
Dúirt an Teachta Dála Neamhspleách Catherine Connolly go raibh díomá uirthi nach raibh aon dul chun cinn déanta ag Tithe an Oireachtais maidir le plean a chur i gcrích le cur leis an méad Gaeilge a labhraítear sa Dáil agus sa Seanad.
Gheall Tithe an Oireachtais i straitéis don teanga a foilsíodh in 2021 go gcuirfí leis an méid Gaeilge a úsáidtear sa Dáil agus sa Seanad agus bhí an Teachta Connolly ina cathaoirleach ar ghrúpa stiúrtha a scrúdaigh na bealaí a bhféadfaí sin a bhaint amach.
Cuireadh tuarascáil faoi bhráid oifig an Cheann Comhairle i bhfómhar na bliana seo caite ach tá plean gnímh fós le réiteach agus grúpa monatóireachta le bunú i gcónaí.
Dúirt Catherine Connolly tráthnóna gur tuarascáil “thar a bheith gonta” a bhí i gceist ina raibh “moltaí praiticiúla” agus gur trua léi nach raibh aon dul chun cinn déanta.
I measc na moltaí a bhí sa tuarascáil dúirt sí go raibh moladh ann go gcuirfí ceist bhreise i nGaeilge gach lá ar na hairí a bhíonn os comhair na Dála. Dúirt sí freisin gur moladh gur chóir “múinteoirí pearsanta” a chur ar fáil dóibh siúd a bhí ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim agus ansin go mbeadh tréimhse sa Ghaeltacht ar fáil “saor in aisce” dóibh.
Fág freagra ar 'Píosa cainte sa Dáil déanta ag 18 Teachta Dála do Sheachtain na Gaeilge'