Píosa cainte i nGaeilge déanta ag an Taoiseach sa Teach Bán

Meastar gurb é seo an chéad uair ag Taoiseach cuid shuntasach dá chuid cainte a dhéanamh i nGaeilge sa Teach Bán

Píosa cainte i nGaeilge déanta ag an Taoiseach sa Teach Bán

Labhair an Taoiseach Leo Varadkar Gaeilge sa Teach Bán in Washington inniu, mar ar thug sé cuairt ar Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Joe Biden.

Meastar gurb é seo an chéad uair ag Taoiseach cuid shuntasach dá chuid cainte a dhéanamh i nGaeilge sa Teach Bán.

Labhair an Taoiseach, atá in Washington do Lá Fhéile Pádraig, Gaeilge ar feadh leathnóiméid ag tús a chuid cainte agus dúirt sé go rabhthas ag súil go mór le cuairt Biden ar Éirinn an mhí seo chugainn.

“Tá áthas orm a bheith anseo sa Teach Bán, agus táimid buíoch duit a Uachtaráin don tacaíocht maidir le Brexit, agus do ceannaireacht maidir leis an gcogadh san Úcráin.

“Tá mé ag tnúth le do cuairt mhór go hÉirinn. Beidh sé ina cuairt den scoth, geallaim,” arsa Leo Varadkar.

Dúirt an Taoiseach go raibh cruinniú “maith” agus “cairdiúil” aige leis an Uachtarán.

Phléigh an bheirt cheannairí an cogadh san Úcráin agus an comóradh a dhéanfar an mhí seo chugainn ar 25 bliain de Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Fág freagra ar 'Píosa cainte i nGaeilge déanta ag an Taoiseach sa Teach Bán'