Piollaí frithghiniúna do na faoileáin – nach iontach an saol é?

Tá faoileáin ag déanamh an diabhail i gcontae Átha Cliath ach b’fhéidir nach iad piollaí frithghiniúna an leigheas

Piollaí frithghiniúna do na faoileáin – nach iontach an saol é?

Pictiúr: Leon Farrell / RollingNews.ie

Nach iontach an cor sa saol go bhfuiltear ag smaoineamh ar phiollaí frithghiniúna a thabhairt do chuid de na faoileáin! Is cosúil go bhfuil faoileáin ag déanamh an diabhail i gcontae Átha Cliath.

Is minic iad ag teacht de ruathar ón spéir le bia a sciobadh leo. Scaití tharlódh sé go n-ionsódh ceann acu duine a mbeadh an bia ina láimh aige.

Dúirt Louise O’Reilly, atá ina Teachta Dála ag Sinn Féin ,go raibh daoine ag glaoch uirthi as éadan ag casaoid faoi na faoileáin, go háirithe daoine as Baile Brigín atá ar an gcósta. Sláinte agus sábháilteacht an phobail atá i gceist anois, a dúirt sí.

Ní hé amháin go mbíonn faoileáin ag ionsaí daoine ach tá baol don tsláinte freisin i salachar na bhfaoileán. Is iomaí foirgneamh a bhfuil an salachar sin ar a dhíon agus ní bhíonn sé éasca é a ghlanadh. Teastaíonn trealamh speisialta lena aghaidh.

Ach is imní do na gasúir is mó a bhíonn ar dhaoine. Dúirt bean amháin leis an Teachta O’Reilly go raibh faitíos uirthi a garpháiste a ligean amach sa ngairdín agus bia ina láimh.

D’ionsaigh faoileán cheana é a dúirt sí. Bhí an t-ádh dearg air gur éirigh léi é a shroicheadh in am.

Tharraing an Teachta O’Reilly an t-ábhar anuas sa Dáil. Mheas sí go bhféadfaí níos mó a dhéanamh le líon na bhfaoileán a laghdú.

Ó shin i leith shínigh an tAire Tithíochta Darragh O’Brien ordú ag tabhairt cead neadacha agus uibheacha faoileán a scrios ina thoghcheantar féin, Fionnghlas, go dtí mí an Aibreáin seo chugainn.

Ní dheachaigh an cinneadh sin i bhfeidhm rómhór ar an mbitheolaí Éanna Ní Lamhna. Is beag is féidir a dhéanamh go dtí an t-earrach, a dúirt sise. An uair sin féin ní réiteach ar bith a bheadh ann na neadacha a scrios. Dhéanfadh an faoileán nead eile agus bhéarfadh sí tuilleadh uibheacha.

Mheas Éanna Ní Lamhna gurb é an beart ab fhearr a dhéanamh na huibheacha a aimridiú. Níor chuala mé gur mhínigh sí cén chaoi a ndéanfaí é sin ach is léir óna cuid cainte go bhfuil bealach ann lena dhéanamh.

Maidir leis na piollaí frithghiniúna, dúirt urlabhraí ar son Chairde Éanlaith Éireann nach molfaidís siúd na piollaí frithghiniúna a thabhairt do na faoileáin.

Cén dáileog a bheadh feiliúnach, a d’fhiafraigh sé, agus cén chaoi a gcinnteofaí nach n-íosfadh éanlaith eile iad?

Tá a fhios agam, a dúirt an t-urlabhraí, gur tugadh piollaí frithghiniúna do cholúir i gcathracha sa mBeilg. Trí shlámanna gráin a cuireadh iad.

Ach, ar seisean, ní hionann an colúr agus an faoileán. Grán is fearr leis an gcolúr ach íosfaidh an faoileán bruscar ar bith. Sin é a chuirfeadh i mbaol éin eile agus ainmhithe, madraí mar shampla.

Ar na daoine féin a chuirfeadh urlabhraí Chairde Éanlaith Éireann an milleán faoi fhadhb seo na bhfaoileán. Níl aon chóras nua-aimseartha bainistithe dramhaíola againn, a dúirt sé.

Dála an scéil, ní i mBaile Átha Cliath amháin a bhíonn faoileáin dána. Tá staic de chat sa teach seo agus uair ar bith a gcuireann muid bia amach dó tagann faoileán de sciotán. Ní bhíonn sé de mhisneach ag an gcat an bia a chosaint.

Pointe beag amháin eile: bí cinnte go raibh faoileáin Bhaile Átha Cliath i bhfad níos sibhialta ná atá siad anois nuair a scríobh Pádraig Mac Piarais an méid seo:

Ar thrá Bhinn Éadair

Briseann tonn le fuaim;

Screadann faoileán aonrach

Os cionn an chuain.

Fág freagra ar 'Piollaí frithghiniúna do na faoileáin – nach iontach an saol é?'