Pinsean níos airde le tabhairt do dhaoine a fhanann ag obair go dtí go mbeidh siad 70

Den chéad uair tabharfar aitheantas ina bpinsin don obair chúraim a dhéanann daoine a mbíonn orthu éirí as a bpoist chun aire a thabhairt do dhuine muinteartha

Pinsean níos airde le tabhairt do dhaoine a fhanann ag obair go dtí go mbeidh siad 70

Fanfaidh aois phinsin an stáit ag 66 ach tabharfar íocaíocht bhreise gach seachtain don té a fhanfaidh ag obair go dtí go mbeidh sé 70.

Thug an Rialtas a mbeannacht inniu do chóras nua pinsin a fhágfaidh go mbeidh pinsean 24% níos mó ag an té nach n-éireoidh as an obair go dtí go mbeidh sé 70. €253.30 atá sa phinsean stáit faoi láthair. Faoin moladh is déanaí, an té a fhanfaidh ag obair go dtí go mbeidh sé 67, beidh €266 ag dul dó sa tseachtain, €281 ach fanacht bliain eile go dtí 68, agus €297 ach fanacht sa phost go dtí aois a 69.

Bunaithe ar an ráta pinsin atá faoi láthair ann, faoin gcóras nua bheadh €315 sa tseachtain ag an té a d’éireodh as ag 70.

Ó mhí Eanáir 2024 ar aghaidh beidh rogha ag duine obair go dtí go mbeidh sé 70 chun pinsean níos airde a fháil.

Tabharfar isteach socruithe pinsin níos fearr do chúramóirí fadtéarmacha chomh maith i dtús 2024. Den chéad uair tabharfar aitheantas ina bpinsean don obair chúraim a dhéanann daoine a mbíonn orthu éirí as a bpoist chun aire a thabhairt do dhuine muinteartha.

Ghlac ceannairí an Chomhrialtais leis an bplean a chuir an tAire Coimirce Sóisialaí Heather Humphreys faoina mbráid.

Tá ceist aois an phinsin stáit ina húdar aighnis idir Fianna Fáil agus Fine Gael le fada agus bhí an cheist ina cnámh spairne le linn an toghcháin dheireanaigh agus sna cainteanna rialtais a lean.

Dúirt an tAire  Heather Humphreys go mbeadh gá le harduithe sa PRSI, nó íocaíochtaí Árachas Sóisialta Pá-Choibhneasa,  amach anseo chun an plean nua a chur i gcrích.

In earrach na bliana seo chugainn a chuirfear na sonraí i dtaobh na n-arduithe “measartha beag” ar PRSI faoi bhráid an Rialtais, a dúirt sí.

Fág freagra ar 'Pinsean níos airde le tabhairt do dhaoine a fhanann ag obair go dtí go mbeidh siad 70'