Pinginí suaracha ón Chrannchur Náisiúnta ‘ina masla’ do phobal na Gaeilge

Bhí aighneas idir Roinn na Gaeltachta agus an Roinn Airgeadais i 1987 faoi mhaoiniú don Ghaeilge ón gCrannchur Náisiúnta

Pinginí suaracha ón Chrannchur Náisiúnta ‘ina masla’ do phobal na Gaeilge

Ní mó ná sásta a bhí Aire na Gaeltachta, Paddy O’Toole i 1987 faoin mhéid airgid a bailíodh ón Chrannchur Náisiúnta a bhíothas le bronnadh ar thograí teanga.

Bhí sé i gceist ag an Roinn Airgeadais £400,000 a chur ar fáil do thograí Gaeilge ach scríobh Ard-Rúnaí Roinn na Gaeltachta, Tadhg Ó hÉalaithe, chuig Rúnaí na Roinne Airgeadais lena mhíshástacht a chur in iúl faoin tsuim sin.

Dúirt sé gurb é tuairim an Aire go bhféachfaí ar an tsuim seo mar mhasla don teanga. Ba é an tuairim láidir a bhí ag an Aire O’Toole ná gur cheart ar a laghad 20% d’airgead an chrannchuir a chaitheamh ar mhaithe le cur chun cinn na Gaeilge:

“Tá cúiseanna maithe ann chun seasamh leis an moladh sin ag féachaint do thábhacht na Gaeilge, don staid lag ina bhfuil sí faoi láthair agus don fhíorbheagán airgid a chaitear uirthi,” a scríobh Ard-Rúnaí Roinn na Gaeltachta, Tadhg Ó hÉalaithe.

Dúradh go raibh sé i gceist ag Roinn na Gaeltachta dul chun cinn le ceithre thogra ó mhaoiniú an chrannchuir, cé go gcosnóidís £1.5m. Is iad na tograí a bhí i gceist ná Áras Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe, cúnamh breise do Chumann na bhFiann, feachtas fógraíochta don Ghaeilge agus Amharclann agus Aonad don Óige a bhí molta ag Bord na Gaeilge.

Ní mó ná sásta a bhí an Roinn Airgeadais faoin chur chuige sin:

“Roinn na Gaeltachta, upon occasion, has sought to avoid responsibility for collecting statistics relevant to progress on the language on the basis that such progress is not quantifiable. This excuse is plausible but will not withstand critical examination,” a scríobh Liam Mac Éamoinn ón Roinn Airgeadais i Márta 1987.

I nóta rúnda a scaipeadh ar an 21 Samhain tugadh le fios nach mbeadh ach £363,000 le caitheamh ar imeachtaí Gaeilge. Faoin am sin, bhí rialtas nua i bhfeidhm agus cúraimí na Gaeltachta glactha ag an Taoiseach nua, Charles Haughey.

Fág freagra ar 'Pinginí suaracha ón Chrannchur Náisiúnta ‘ina masla’ do phobal na Gaeilge'