Pingin bhreise ar bith do TG4 in ainneoin imní faoina inmharthanacht

Tá sé deimhnithe ag an Roinn Cumarsáide gur mar a chéile a bheidh maoiniú TG4 an bhliain seo chugainn

Pingin bhreise ar bith do TG4 in ainneoin imní faoina inmharthanacht

Níl ardú maoinithe ar bith i ndán do TG4 in 2019, in ainneoin rabhadh an BAI nach mbeidh an stáisiún inmharthana má bhíonn siad taobh leis an maoiniú atá acu faoi láthair.

San athbhreithniú cúig bliana is déanaí a rinne an tÚdarás Um Chraolacháin na hÉireann ar mhaoiniú TG4 agus RTÉ, moladh ardú €6 milliún do TG4 in aghaidh na bliana ag tosú láithreach, agus €30 milliún breise a moladh do RTÉ.

Dheimhingh an Roinn Cumarsáide inné, áfach, gur mar a chéile a bheidh maoiniú TG4 an bhliain seo chugainn agus gur ardú 5% atá geallta do RTÉ i mBuiséad 2019.

Dúirt urlabharaí ó TG4 le Tuairisc.ie tráthnóna inné go raibh “comhráití leanúnacha” ar siúl idir TG4 agus feidhmeannaigh na Roinne agus go rabhthas “dóchasach go mbeadh rath ar na comhráití sin idir seo agus deireadh na bliana seo”.

Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont cheana gur €6 mhilliún breise thar thréimhse cúig bliana a bhí ag teastáil le “stad a chur le síorthitim” lucht féachana TG4 agus chun go bhféadfadh an stáisiún Gaeilge “fás arís”.

€265 milliún san iomlán a fograíodh sa Bhuiséad don Roinn Cumarsáide le dáileadh ar earnáil na craoltóireachta, ag áireamh an t-ardú 5% do RTÉ agus €647,000 breise don Chiste Craoltóireachta.

Dúirt an BAI go raibh bunús le hardú buiséid do TG4, toisc, dar leis, nach leor an maoiniú atá ar fáil faoi láthair lena chinntiú go mbeidh an craoltóir inmharthana. 

Mhaígh an BAI go bhfaigheann pobal na hÉireann luach ar airgead ó TG4 agus RTÉ agus go dteastaíonn an maoiniú breise uathu chun tabhairt faoi na dúshláin “teicneolaíochta agus airgeadais” atá rompu agus chun freastal ar mhianta a lucht féachana sa lá inniu agus amach anseo. 

Dúradh nár cuireadh na moltaí ar fad a rinneadh cheana faoi mhaoiniú TG4 i bhfeidhm d’ainneoin a dhúshlánaí is atá tionscal na teilifíse faoi láthair.

€32 milliún a fuair TG4 i mbliana ón státchiste agus €2 mhilliún eile a bhí á lorg acu do 2019.

Fág freagra ar 'Pingin bhreise ar bith do TG4 in ainneoin imní faoina inmharthanacht'