Pingin ar bith ó chiste de chuid an AE le dul i ngleic le damáiste tuilte Inis Eoghain

Deir Coimisiún na hEorpa go n-aithníonn siad go ndearna na tuilte go leor damáiste i nDún na nGall agus sna contaetha cois teorann ach nach mbeadh cúnamh airgid ar fáil

Pingin ar bith ó chiste de chuid an AE le dul i ngleic le damáiste tuilte Inis Eoghain

Ní bheidh cuidiú airgid ar fáil ó Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh chun dul i ngleic leis an damáiste a rinne tuilte in iarthuaisceart na tíre ar na mallaibh.

Dheimhnigh Coimisiún na hEorpa an méid sin do Nuacht TG4 tráthnóna.

Deineadh go leor damáiste do ghnóthaí, do bhóithre agus do thithe in Inis Eoghain i mí Lúnasa. I gcomhfhreagras ón Ard-Stiúrthóireacht um Pholasaí Réigiúnda agus Uirbeach Choimisiún na hEorpa, dúradh go n-áirítear Dún na nGall mar chuid de réigiún an tuaiscirt agus an iarthair. De thairbhe gur ceantar é seo a mheasann Aontas na hEorpa a bheith “sách forbartha”, ní féidir cur isteach ar mhaoiniú ón gCiste Eorpach um Struchtúir agus Infheistíocht.

Deir an Coimisiún go n-aithníonn siad go ndearna na tuilte go leor damáiste i gContae Dhún na nGall agus sna contaetha cois teorann ach nach mbeadh cúnamh airgid ar fáil ach an oiread ó Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh.

Ní féidir cáiliú don chiste seo murar deineadh damáiste sa bhreis ar 1.5% d’olltáirgeacht intíre nó GDP an cheantair. Meastar gur deineadh luach €15 milliún de dhamáiste i nDún na nGall le déanaí ach ó tharla gurbh fhiú beagnach €500 milliún é GDP an cheantair, titeann sé i bhfad faoin sprioc atá riachtanach, rud a fhágann nach mbeidh rialtas na tíre ábalta cur isteach ar chúnamh airgid ó Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh.

Fág freagra ar 'Pingin ar bith ó chiste de chuid an AE le dul i ngleic le damáiste tuilte Inis Eoghain'