‘Pimpernel sa Vatican’ – 125 bliain ó shin a rugadh Hugh O’Flaherty, fathach fir

Tá scéal suimiúil ag an sagart misniúil as Ciarraí atá mar phríomhcharachtar sa leabhar is déanaí le Joseph O’Connor

‘Pimpernel sa Vatican’ – 125 bliain ó shin a rugadh Hugh O’Flaherty, fathach fir

Seanphictiúr dubh agus bán a thosaíonn an scannán. Ansin cloistear ceol aitheantais an chláir teilifíse This is Your Life a bhíodh ar ITV tráth. Cloisimid glór duine éigin agus is léir gurb é seo deireadh an chláir – an buaicphointe. Cuirtear an Moinsíneoir Hugh O’Flaherty in aithne don lucht féachana agus do na daoine eile a ghlac páirt sa chlár.

Ach níl aon phictiúir ‘beo’ ón chlár sin. Bhíodh sé de nós ag craoltóirí san am a caitheadh, téipeanna a ghlanadh agus a úsáid in athuair. Níor coinníodh taifead oifigiúil den chlár sin ó na seascaidí. Ach bhí duine meabhrach i gCiarraí a thuig tábhacht na hócáide. Chuireadar gléas taifeadta fuaime in aice leis an teilifís agus rinneadar é a thaifeadadh iad féin.

Murach sin ní bheadh aon chóip ar chor ar bith ann den chlár, fuaim ná fís.

Is leis an mhír stairiúil sin a thosaíonn an clár faisnéise Pimpernel sa Vatican a rinne an léiritheoir Catherine O’Flaherty, garneacht leis an Moinsíneoir, do TG4 in 2008.

D’fhéach mé ar an gclár arís le gairid, i bhfianaise na poiblíochta ar fad faoin sagart misniúil as Ciarraí atá mar phríomhcharachtar i leabhar Joseph O’Connor My Father’s House.

Chuaigh mé chun cainte le Catherine, iníon le hiarBhreitheamh na Cúirte Uachtaraí Hugh O’Flaherty, chun tuilleadh a fháil amach faoin sagart cáiliúil. Ar ndóigh bhí Gregory Peck i bpáirt an tsagairt sa scannán mór The Scarlet and the Black a rinneadh sna hochtóidí. B’fhéidir go mbeadh suim ag Catherine í féin tabhairt faoi scannán nua den scéal anois ó tharla ráchairt chomh mór sin a bheith ar leabhar O’Connor?

Is cinnte go mbeadh suim aici ann ach tá cearta scannáin an leabhair fós ag an údar, deir sí.

Ach thug sí féin agus a muintir chuile chabhair do Joseph O’Connor agus é ag tabhairt faoin saothar. Bhí go leor páipéar, grianghraf agus ábhar eile coinnithe sa chlann agus roinn siad go fial leis an údar iad.

Bhain Catherine féin an-úsáid as agus í i mbun a cláir féin do TG4 in 2008. Ag féachaint siar ar an gclár sin, ba léir gur ‘fathach fir’ ar go leor bealaí a bhí sa Mhonsignor. Seasann sé amach i ngach pictiúr toisc chomh hard is a bhí sé, ach freisin is léir go raibh údarás agus muinín aige as féin. Ní haon iontas gur thug sé dúshlán na Naitsithe a bhí i gceannas ar an Róimh ag an am, tar éis titim Mhussolini agus gur éirigh leis féin agus a chiorcal comrádaithe na mílte príosúnach agus daoine eile a thabhairt slán ón dainséar mór a bhí ag bagairt orthu sa gcathair.

Sin ábhar an scéil ag O’Connor ach tá i bhfad níos mó faoi O’Flaherty féin i scannán Chatherine, Pimpernel sa Vatican. Insítear scéal a óige i gCiarraí, an t-oideachas a fuair sé, an chaoi a ndeachaigh sé isteach sna sagairt agus mar sin de. Ba dhuine an-mheabhrach é. Bhí ardoideachas air –bronnadh trí cinn de dhochtúireachtaí air agus bhí máistreacht aige ar sheacht gcinn de theangacha. Níorbh aon iontas é gur choinnigh an Eaglais sa Róimh é, seachas é a chur ar ais ag obair i bparóiste éigin. Bhí sé ceaptha a dhul chuig an Afraic Theas toisc go raibh easpag Capetown ina phátrún aige, ach iarradh air fanacht sa Róimh agus tugadh post ardleibhéil dó.

Bhí Catherine in ann a inseacht dhom go raibh leabhar O’Connor bunaithe cuid mhaith ar an bhfírinne – cé go maíonn sé féin gur saothar ficsin é, atá bunaithe ar fhíorcharactair.

Tá athair Chatherine, in ann go leor den scéal faoina uncail a dhearbhú. Bhí aithne mhaith aige air.

‘Ach ní shílimid gur fear gluaisrothair a bhí ann, mar a dúirt an t-údar,’ arsa Catherine agus í ag gáire. ‘Bhí carr aige sa Róimh agus b’fhíordroch-thiománaí é – i gcathair a bhí lán le drochthiománaithe.’

Ach bhí mioneolas aige ar an Róimh, rud a bhí an-úsáideach nuair a bhí sé ag obair le príosúnaigh agus le teifigh a bhí ag iarraidh éalú ó na Naitsithe. Bhí mioneolas aige go háirithe ar na bealaí éalaithe agus ar na háiteanna rúnda sa Vatacáin. Agus ar ndóigh, ní raibh cead ag na Naitsithe dul tar teorainn isteach, toisc go raibh stát na Vatacáine neodrach.

Sin cúis eile gur féidir a rá gur fear an-mhisniúil a bhí ann – ní raibh aon chead aige ó éinne de lucht ceannais na Vatacáine tabhairt faoin obair rúnda a bhí ar siúl aige. Tá mír áirithe i leabhar O’Connor ina ndéantar cur síos ar ‘argóint’ idir an sagart agus an Pápa Pius X11. An bhfuil bunús ar bith leis sin? Níl éinne in ann a chruthú gur tharla, nó nár tharla a leithéid d’eachtra ach shamhlófá go mbeadh an Vatacáin imníoch faoina stádas neodrach dá bhfaigheadh na Gearmánaigh amach go raibh cabhair á tabhairt don ‘taobh eile’.

Léirigh O’Flaherty a phrionsabail Chríostaí i ndiaidh an chogaidh. Tar éis dhó na blianta a chaitheamh ag tabhairt cúnamh do shaighdiúirí Briotanacha, Giúdaigh agus daoine eile a bhí ar a dteitheadh, dhírigh sé a aird agus a charthanacht ansin ar an taobh eile.

Tugann Joseph O’Connor ‘Hauptmann’ ar an nGearmánach a bhí i gceannas ar an Róimh, fear a bhí naimhdeach amach is amach i leith O’Flaherty. Bhí duine dá leithéid ann, a deir Catherine agus ‘Kappler’ a bhí air.

Tar éis do na Comhghuaillithe an bua a fháil sa gcogadh, caitheadh Kappler sa phríosún sa Róimh. Bheadh sé le cur faoi thriail mar gheall ar na sluaite a bhí curtha chun báis faoina chúram.

Rinne an Mons Hugh O’Flaherty an rud céanna a rinne sé i rith an chogaidh leis na príosúnaigh Bhriotanacha. Thosaigh sé ag tabhairt cuairt ar an bpríosúnach.

Tá mír sa leabhar ina n-iarrann an Gearmánach air é a bhaisteadh mar Chaitliceach. Ar dtús, dhiúltaigh an Monsignor, toisc gur mheas sé nach raibh ann ach seift chun é féin a shaoradh. Ach ar deireadh ghéill sé agus tugadh isteach an t-iarcheannasaí Naitsíoch san Eaglais.

Bhí O’Flaherty i ndrochshláinte agus gan é ach sna seascaidí. B’fhearr i bhfad le Eamonn Andrews, (Bleá Cliathach) láithreoir cáiliúil an chláir This is Your Life, go mbeifí ag díriú go hiomlán ar an Mons Hugh O’Flaherty ina chlár teilifíse. Ach ní raibh an tsláinte sách maith aige le clár iomlán a dhéanamh. Ba faoi dhuine den chiorcal comrádaithe sa Róimh, an Major Sam Derry a rinneadh é agus bhí píosa beag leis an Monsignor gar don deireadh – an ‘surprise guest’ a bhíodh acu go rialta.

Agus gan ach 65 blain slánaithe aige fuair sé bás i gCathair Saidhbhín i 1963. Bhí lá breithe an Mons Hugh O’Flaherty ann an tseachtain seo caite – 125 bliain ó rugadh é.

Fág freagra ar '‘Pimpernel sa Vatican’ – 125 bliain ó shin a rugadh Hugh O’Flaherty, fathach fir'

  • Ciaran Ó hAgáin

    An-mhaith … ach ce hé nó ce hí an colúnaí anseo ? Ní fheicim an t-údar … b’fhéidir go bhfuil mé ag éirí dall

  • Mairéad Ní Nuadháin

    Mise atá ann