Pictiúr na Bliana – ‘Tá mo bháidín ar an talamh’

Chomórtas Grianghrafadóireachta eagraithe ag Comhar Creidmheasa Cholm Cille Teo

GradamPic

‘Ta mo bháidín ar an talamh’ an teideal a thug Mícheál Óg Ó Braonáin, Sruthán, An Cheathrú Rua, ar an ngrianghraf thuas a tógadh ar Inis Treabhair agus a bhain amach duais sa Chomórtas Grianghrafadóireachta a d’eagraigh Comhar Creidmheasa Cholm Cille Teo le gairid.

Bhí an comórtas seo oscailte do bhaill an Chomhar Creidmheasa agus roghnaíodh dhá ghrianghraf déag a fhoilseofar ar fhéilire a.

Beidh an grianghraf seo ar chlúdach Féilire 2015 an Chomhar Creidmheasa agus beidh an féilire ar fáil do na baill i mí na Nollag in oifig an Chnoic agus oifig na Ceathrún Rua.