Tá aoibhneas agus áilleacht na Gaeltachta le feiceáil ar na meáin shóisialta le seachtain anuas mar chuid d’fheachtas atá á reáchtáil ag lucht na pleanála teanga.
‘Seo í an Ghaeltacht’ is teideal don fheachtas, a bhfuil mar aidhm aige “ceiliúradh” a dhéanamh ar an Ghaeltacht.
Duais €1,000 atá le bronnadh ar an té a roinneann, faoin haischlib #SeoíanGhaeltacht, an phostáil is fearr a dhéanann “ceiliúradh ar an Ghaeltacht”. Fógrófar buaiteoir an chomórtais amárach, Dé hAoine.
Laethanta breátha i nGaeltacht Chorca Dhuibhne atá i measc na bhfíseán is mó a tharraing aird go dtí seo.
Beidh ‘Lá Breá’ againn amárach aríst. Woo hoo! Seo í an Ghaeltacht!@rumplenimhurchu @suil_amhain @TDhuibhne @MuireannNic @RuairiLBantum #síanghaeltachtí #gaeilge #gaeltacht pic.twitter.com/r9wN8ldJjq
— Áine Ní Chíobháin (@Ainenic) June 11, 2021
@citseap.ar.mo.gheansai“Conas tán saol sa Ghaeltacht?” 📍Corca Dhuibhne, Ciarraí. ##seoíanGhaeltacht ##gaeilge ##discoverireland ☘️♬ swing lynn – ✮❦lovdfilmz❦✮⋆
View this post on Instagram
Tá ‘blaiseadh beag’ de Ghaeltacht Ráth Chairn agus den cheol a chluintear sa chlub le feiceáil i bhfíseán eile.
Blaiseadh beag de Ghaeltacht Ráth Chairn 💚 Is fada liom a bheith ag casadh cúpla port sa gClub arís! 🎶🎶#seoíanghaeltacht @pleanteanga #mobhaile #RáthChairn #pobal pic.twitter.com/WjGGbmCeGx
— Caoileann (@nidhonnchadha) June 13, 2021
Bhí daoine meallta freisin ag an phictiúr de Cholm Dubh Ó Méalóid ar a chapall Shylo i Ráth Chairn ‘glas na Mí’ agus ag an radharc aoibhinn de chósta Uíbh Ráthaigh a roinn duine eile.
View this post on Instagram
#SeoÍAnGhaeltacht #UíbhRáthach pic.twitter.com/he6U2n8SQc
— Ciairín de Buis (@Ciairin) June 15, 2021
Roinneadh físeán de Rásaí Curacha ar Lá Mhic Dara i gCarna mar chuid den fheachtas agus dhá asal ar a sáimhín só i Muiceanach idir Dhá Sháile, i gConamara.
‘Tá trácht is cliú is cáil……nach i gCarna bhíonn’s an spóirt againn Lá Mhic Dara’ @ConamaraLair #SeoíAnGhaeltacht pic.twitter.com/xEtQbZqQ9I
— Neasa Ní Chualáin (@nedstaf) June 14, 2021
Cuimhní cinn i nGaeltacht Ghaoth Dobhair ón tréimhse dianghlasála atá le feiceáil i bpostáil duine eile.
An áit a bhfuil do chroí is ann a thabharfas do chosa thú 💚💛
Cuimhní cinn ó thosaigh mé ag obair ón bhaile! Iontach buíoch #SeoÍanGhaeltacht #Buíoch #TírChonaill #GaothDobhair #InisMeáin @mpt_it pic.twitter.com/IYY4WpJuKS
— Ceithleann (@Ceithleann) June 15, 2021
Tá pictiúir de luí na gréine ar Thráigh na Muirí i gCorca Duibhne agus i gCamas i gConamara ar na cinn eile a roinneadh faoin haischlib #SeoíanGhaeltacht.
Sin é uaimse @KatieNiM_15 👋🏻
Seo ceann amháin eile ➡️ Luí na gréine ar Thráigh na Muirí 😍
Codhladh sámh 😴#SeoíanGhaeltacht pic.twitter.com/AqBQ3B0qSH
— Tobar Dhuibhne (@TDhuibhne) June 10, 2021
View this post on Instagram
Dúirt Hannah Rua Ní Bhaoill, Oifigeach Pleanála Teanga i Ráth Chairn gur “ábhar lúcháire” do na hOifigigh Pleanála Teanga go léir iad na pictiúir agus na físeáin a fheiceáil faoin haischlib #seoíanGhaeltacht”
“Tá bród, beocht agus anam le sonrú sna postálacha a cuireadh in airde le linn na seachtaine agus b’iontach an deis an feachtas #seoíanGhaeltacht an Ghaeltacht a cheiliúradh ar líne,” a dúirt sí.
Donncha
Cén buntáiste fadtéarmach atá anseo do mhuintir na Gaeltachta? Céard a d’fhéadfaí a dhéanamh leis an t-airgead atá caite ag na hOifigigh “Pleanála Teanga” ar lógóanna agus ábhar a bheidh caite i leataobh nó sa mbruscar tar éis úsáid amháin? Agus anois €1000 á dtabhairt uathu ar son… céard? Tuilleadh ráiméis. Cé mhéid rása, siúlóid, selfie… eile sula dtosóidh siad ar an obair cheart?
Oifigeach na Seafóide
Magadh atá sibh?
Conradh na Gaeilge: ag plé le constaicí pleanála agus tithíochta sa nGaeltacht le cuidiú le slánú na Gaeltachta agus muintir na Gaeltachta.
Oifigigh Pleanála Teanga: ag moladh do dhaoine pictiúir a ghlacadh don view.
#FknUseless
Síle
Dearcadh iontach dearfach, bródúil agus dóchasach atá anseo in áit an diúltachais a chloisimid i gcónaí ó dhaoine eile. Ní mhairfidh na Gaeltachtaí gan dóchas. Mol an óige!
Ó Cualáin
#Gaeilge #Pleanáilteanga #nachdeasmuid #nachcumanachfeidirlemuintirnaháitetitheathógáiltáhataíagainn