Picéid ar Bhanc na hÉireann molta mar fhreagra ar chinneadh faoin nGaeilge

Deir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Peadar Tóibín gur ‘céim siar agus léiriú dímheasa’ ar an nGaeilge atá i gcinneadh Bhanc na hÉireann deireadh a chur leis an rogha Ghaeilge ar ATManna nua

Picéid ar Bhanc na hÉireann molta mar fhreagra ar chinneadh faoin nGaeilge

Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Tá an Teachta Dála de chuid Shinn Féin Peadar Tóibín ag iarraidh ar lucht labhartha na Gaeilge picéad a chur taobh amuigh de chraobhacha Bhanc na hÉireann ar fud na tíre ag deireadh na seachtaine seo mar gheall ar chinneadh an bhainc deireadh a chur leis an rogha Ghaeilge ar ATManna nua.

“Táim ag tathant ar dhaoine a gcuid míshástachta a léiriú maidir leis an gcinneadh seo agus picéadú a dhéanamh ag a mbrainse áitiúil de Bhanc na hÉireann, Dé hAoine, an 1 Meán Fómhair idir a 1:30pm agus 2:30pm,” a dúirt sé.

Dúirt Tóibín gur “céim siar agus léiriú dímheasa” ar an nGaeilge atá sa chinneadh agus gurb é “an rud is lú” a d’fhéadfadh an banc a dhéanamh rogha teanga a thabhairt do shaoránaigh an Stáit “a tháinig i gcabhair orthu”.

“Bhí Banc na hÉireann go sainiúil ag déanamh iarrachta tacú leis an nGaeilge agus í a chur ar fáil mar theanga roghnach sna UBManna. Bhí fíorbheagáin costais i gceist leis seo, d’fhreastail sé ar riachtanais teanga na mílte duine agus thug sé deis don bhanc meas a léiriú ar chuid lárnach dár bhféiniúlacht.

“Faraor, tá an Banc ag cúlú siar ar an rogha theanga seo a chur ar fáil – cé gur rud beag a bhí ann, bhí sé luachmhar. Ní chuireann an earnáil phríobháideach an Ghaeilge ná cearta teanga san áireamh in aon chor agus ní inghlactha an scéal é,” a dúirt Tóibín.

Mhaígh sé go dtéann sé i bhfeidhm ar an bpobal “i gcoitinne” nuair a chuirtear an Ghaeilge san áireamh “i gcúrsaí brandála, margaíochta agus seirbhís chustaiméirí” agus go bhfuil “díluacháil” á déanamh ag Banc na hÉireann ar an nGaeilge.

Dúirt sé gur cheart go mbeadh rogha Ghaeilge ar fáil ar ATManna i gceantair Ghaeltachta agus i mbailte seirbhíse Gaeltachta amhail cathair na Gaillimhe, ar a laghad, agus go bhfuil cinneadh an bhainc ag “cur isteach ar na hiarrachtaí atá ar bun ag an bpobal agus ag an rialtas an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga laethúil sna ceantair Ghaeltachta”.

Thug Banc na hÉireann le fios do Tuairisc.ie inné nach bhfuil sé “inmharthana” rogha Ghaeilge a chur ar fáil ar na hinnill nua airgid atá á gcur ar fáil le seacht mbliana anuas.

Dúirt urlabhraí de chuid Bhanc na hÉireann le Tuairisc.ie nach bhfuil rogha Ghaeilge ar an hinnill nua mar gheall ar an “éileamh beag” a bhí ar an rogha Ghaeilge a bhíodh ar na ATManna a bhíodh ann roimhe seo.

Agus ceisteanna ó Tuairisc.ie á bhfreagairt anuraidh acu, thug an banc le fios go roghnaítear an Ghaeilge do níos lú ná 1% de na hidirbhearta ar a ATManna. Dúradh linn anuraidh, freisin, nár choinnigh Banc na hÉireann “súil ghéar” roimhe sin ar líon na ndaoine a roghnaíodh an Ghaeilge ar a ATManna.

Is é Banc na hÉireann an t-aon bhanc in Éirinn a mbíonn rogha Ghaeilge ar fáil ar a chuid UMBanna. Bíonn rogha Ghaeilge ag custaiméirí de chuid Applegreen ar na UMBanna atá ina gcuid stáisiún peitril ar fud na tíre, ach níl aon bhaint acusan le haon bhanc faoi leith.

Thug Conradh na Gaeilge le fios ar Twitter go bhfuil cruinniú á lorg ag an eagraíocht teanga le Banc na hÉireann leis an gceist a phlé.

Fág freagra ar 'Picéid ar Bhanc na hÉireann molta mar fhreagra ar chinneadh faoin nGaeilge'

  • Mánus

    Nár chóir picéid a chur ar AIB agus bancanna eile freisin?

  • Art

    Roghanna Gaeilge agus Fraincis, Gearmáinis agus Spáinnis chomh maith, is sinne Éireannach agus Eorpach, Hello! níl breathimeacht ar siúl anois. An bhfuil an tíogar ina dhúiseacht arís agus boladh sainte san aer.

  • Brian-less

    Cén luach ar áthas? Go minic, bíonn drochscéal ag m’UBM dom ach maolaíonn an Ghaeilge giota beag é! Anois, tá laethanta amach anseo romhainn gan focal denár dteanga cineálta féin; laethanta gan áthas ina mbuann gruaim dhanartha an maorlathais arís agus arís eile!
    Níor mhaith liom le bheith i mo “unholy prophet” i gceist na mbancanna, ach . . .