Píblíne Nord Stream 2 ón Rúis stoptha ag an nGearmáin, an teannas faoin Úcráin ag éirí níos measa

Tá trúpaí na Rúise á gcur isteach in dhá réigiún in oirthear na hÚcráine atá á rith ag scarúnaithe a bhfuil tacaíocht acu ó Mhoscó

Píblíne Nord Stream 2 ón Rúis stoptha ag an nGearmáin, an teannas faoin Úcráin ag éirí níos measa

Tá cosc curtha ag an nGearmáin le próiseas deimhniúcháin phíblíne chonspóideach gháis Nord Stream 2. Ba é seo freagra na Gearmáine ar aitheantas na Rúise don dá réigiún in oirthear na hÚcráine, Luhansk and Donetsk, a d’fhógair gur dhá phoblacht iad.

D’ordaigh an Rúis a cuid trúpaí isteach sa dá réigiún sin a scar ón Úcráin agus atá á rith ag scarúnaithe a bhfuil tacaíocht Mhoscó acu.

Thug Uachtarán Vladimir Putin na Rúise aitheantas don neamhspleáchas a d’fhógair an dá réigiún, Donetsk and Luhansk.

Mhaígh an Rúis gur “an tsíocháin a choinneáil” an t-aon chúram a bheidh ar na trúpaí sa dá réigiún mar go raibh siad i gcontúirt ón Úcráin ach “seafóid” a thug údaráis na Stát Aontaithe ar an gcaint sin.

Dúirt Príomh-Aire na Breataine, Boris Johnson, go gcuirfidh an Ríocht Aontaithe smachtbhannaí ar an Rúis de bharr “a hiompar díchéillí”. Tá smachtbhannaí á mbeartú ag an Aontas Eorpach chomh maith.

Tá an dá cheantar in oirthear na hÚcráine atá faoi smacht na Rúise ag áitiú gur chóir go mbeadh dúiche níos mó faoina smacht ná mar atá. Má thacaíonn Moscó lena n-éileamh, d’fhéadfadh an Rúis ionsaí a dhéanamh ar an Úcráin chun na críocha sin a ghabháil.

Ní heol go fóill cé acu an do na críocha atá faoi cheannas an dá réigiún sin faoi láthair a thug Putin aitheantas aréir nó na críocha ar fad atá á n-éileamh acu.

Mhaígh Boris Johnson go gcuirfeadh smachtbhannaí “as go mór don Rúis” agus go ndíreofaí ar an “lucht eacnamaíochta atá ag tacú le meaisín cogaidh na Rúise”.

Dúirt sé “gur mór eile a dhéanfaimid” má dhéantar ionradh iomlán ar an Úcráin.

Tá an phíblíne mhór gháis, an Nord Stream 2, a bhí réidh le gás a thabhairt ón Rúis chun na Gearmáine curtha ar athlá ag an nGearmáin.

Agus an fógra sin á dhéanamh aige, dúirt an Seansailéir Olaf Scholz: “Tá cuma theicniúil ar an stop seo ach is céim riachtanach den tionscnamh deimhniúchán a dhéanamh ar an bpíblíne agus dá uireasa ní féidir le Nord Stream 2 tosú ag feidhmiú.”

Tá Nord Stream 2, an phíblíne gháis 1207 ciliméadar idir an Rúis agus an Ghearmáin, críochnaithe ach ní féidir aon ghás a scaoileadh  tríthi go mbeidh deimhniúcháin déanta ag rialtóir fuinnimh na Gearmáine ar an obair.

“Tá cúrsaí athraithe ó bhonn anois,” a deir Scholz.

Dúirt Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen go raibh ionsaí na Rúise ar an Úcráin “mídhleathach agus nach bhféadfaí glacadh leis”.

“Tá an tAontas Eorpach ar aon intinn faoi fhlaitheas na hÚcráine agus sláine a críocha. Cuirfear an chéad phacáiste smachtbhannaí i láthair inniu.”

Mar chuid de na smachtbhannaí sin tá cosc á chur ag na AE ar iasachtaí chuig banc ceannais na Rúise.

Rinne Vladimir Putin óráid theasaí ar an teilifís aréir inar mhaígh sé nach fíornáisiún atá san Úcráin agus gur finscéal a chum Vladimir Lenin, ceannaire réabhlóid na mBoilséiveach, a bhí i státacht na hÚcráine.

Sa bhliain 1991 a reáchtáladh reifreann san Úcráin faoi neamhspleáchas na tíre agus vótáil 92% den phobal ar a shon.

Ina óráid féin aréir, dúirt Uachtarán Zelensky na hÚcráine, nach raibh aon fhaitíos ar an tír sin agus nach ngéillfeadh sí d’aon duine.

Fág freagra ar 'Píblíne Nord Stream 2 ón Rúis stoptha ag an nGearmáin, an teannas faoin Úcráin ag éirí níos measa'

  • Pádraig O'hEipicín

    Go bhfóire Dia orainn.

  • Críostóir Ó Faoláin

    Buíochas le Dia go bhfuil an diabhal píblíne úd marbh.