Piardaí móra na hiomána i gcoinne a chéile i gcraobh na gclub

Tá Baile Gunnair i mbarr a réime le tamall de bhlianta anois agus tá na Piarsaigh in uachtar arís i Luimneach

Piardaí móra na hiomána i gcoinne a chéile i gcraobh na gclub

Tá dhá chluiche leathcheannais sinsir na Mumhan amárach againn agus péire de phiardaí mhóra na hiomána i gcoinne a chéile i bPáirc na nGael i Luimneach.

Sea, tá Baile Gunnair i mbarr a réime le tamall de bhlianta anois agus tá na Piarsaigh in uachtar arís i Luimneach agus dar ndóigh is mór an t-údar gaisce é sin i gcontae Luimnigh i láthair na huaire.

Maidir le Bhaile Gunnair agus an churiarracht naoi gcraobh contae i ndiaidh a chéile atá buaite acu, bhuel níl ach dhá chraobh cúige buaite acu sa tréimhse chéanna. Chailleadar cluiche ceannais 2015, 2017 agus 2019, chomh maith le leathdhosaen eile roimhe sin. Is dócha gur féidir a rá nach bhfuil siad lánsásta leis an méid atá buaite acu go dtí seo taobh amuigh den chontae . Ach is féidir a rá freisin go bhfuil Craobh na hÉireann buaite acu, rud nach bhfuil déanta ag aon chlub eile as na Déise agus níl aon amhras ach go bhfuil siad sásta faoi sin.

Ó bhuaigh na Piarsaigh a gcéad chraobh contae in 2011 tá ceithre chraobh cúige buaite acu agus cluiche ceannais amháin caillte acu in 2018 i gcoinne fhreasúra an lae amárach.

Dar ndóigh 2022 atá anois againn, agus is iad imreoirí 2022 a bhuafaidh nó a chaillfidh an cluiche seo. Tá mórán taithí ar an dá thaobh. Tá Baile Gunnair feicthe againn go minic le roinnt blianta anuas agus eolas maith againn ar na seanfhondúirí atá acu. Tá corr-imreoir nua acu chomh maith. Luaigh mé an t-ógánach Patrick Fitzgerald anseo cheana agus bhí sé i measc na n-imreoirí a fuair cúl sa chluiche deireanach a bhí acu i gcoinne Chill Ruáin Mhic Dhonnchadhaí, cluiche inar chuireadar 4-19 ar chlár na scór. Bhíodar thar barr sa chluiche sin agus níor léirigh siad aon rian den mheirg a bheith ar a gcuid imeartha cé nár imríodar le dhá mhí roimhe sin.

Ach bhí na Piarsaigh thar barr ina gcluiche deireanach freisin i gcoinne Chill Mocheallóg. Tá imreoirí contae acu, Mike agus Peter Casey, William O’Donoghue agus Conor Boylan agus iar-imreoirí contae leis, Cathal King Kevin Downes, Adrian Breen agus David Dempsey.

Is beag, i mo thuairimse, a bheidh idir na foirne seo cé go dtugann na geallghlacadóirí an nod do Bhaile Gunnair.

Suas an N18, níos luaithe sa lá, tabharfaidh ‘buachaillí nua’ an chomórtais, Cumann Barra Chorcaí faoi sheaimpíní cúige na bliana 2016, Baile Aodha an Chláir, foireann a bhfuil mórán buaite acu.

Bhí an chuma ar an scéal roimh an gcluiche ceannais peile i gCorcaigh go mbeadh sé deacair ar na Barrs an dá thrá a fhreastal sna comórtais chúige. Bhíodar ina rogha láidir na coitiantachta do chraobh na peile ach dar ndóigh theip orthu i gcoinne Raonaithe Nemo, rud a thug cúpla seachtain don fhoireann iománaíochta le díriú go hiomlán ar Bhaile Aodha. Tá an-spiorad i measc an ghrúpa óig seo. Déarfainn go mbraitheann siad gur bónas atá anseo agus dar ndóigh tagann saoirse leis sin. Ach ní hamhlaidh an cás ag foireann agus club Bhaile Aodha, mar tá taithí acusan a bheith ag imirt an t-am seo bliana sa chomórtas seo. Ní dóigh liom go mbeidh mórán eatarthu ach is dócha gur mó an seans go mbeidh an bua ag foireann an Chláir.

Beidh cluiche ceannais na Gaillimhe ar siúl chomh maith amárach agus na seaimpíní Naomh Tomás ag súil leis an gcúigiú craobh i ndiaidh a chéile a bhuachan. Tá Baile Locha Riach rompu agus gan dabht ní bheidh siadsan ag iarraidh an gaisce stairiúil sin a scaoileadh leo. Bhuaileadar lena chéile sa chluiche ceannais deich mbliana ó shin, tráth ar bhuaigh Naomh Tomás a gcéad chraobh. Tá cúig cinn buaite acu ó shin agus iad go láidir mar rogha na coitiantachta amárach.

Agus níos faide ó thuaidh arís beidh seaimpíní Chúige Uladh Sleacht Néill agus Port an Pheire an Dúin i gcoinne a chéile amárach sna babhtaí leathcheannais i bPáirc Uí Corragáin. Sleacht Néill rogha na coitiantachta, gan dabht.

Fág freagra ar 'Piardaí móra na hiomána i gcoinne a chéile i gcraobh na gclub'