Pianbhreith le gearradh ar iar-aisteoir le ‘Ros na Rún’ as bean óg a éigniú

Ina ráiteas tionchair íospartaigh sa chúirt inniu, dúirt bean óg go ndearna sí iarracht an rud ceart a dhéanamh nuair a thuairiscigh sí a héigniú láithreach ach gur bhraith sí go ndearnadh coirpeach di

Pianbhreith le gearradh ar iar-aisteoir le ‘Ros na Rún’ as bean óg a éigniú

Cuireadh ar athlá sa Phríomh-Chúirt Choiriúil inniu cinneadh maidir le pianbhreith a ghearradh Garrett Phillips, iar-aisteoir de chuid Ros na Rún, a ciontaíodh an mhí seo caite as éigniú béil a dhéanamh ar bhean óg ar thug sé síob di tar éis di club oíche a fhágáil.

Ina ráiteas tionchair íospartaigh sa chúirt inniu, dúirt an bhean óg, 23, a éigníodh in 2015 gur bhraith sí go raibh próiseas na cúirte ag cur locht a héignithe uirthi féin de bharr í a bheith óg agus leochaileach.

I mí Aibreáin a ciontaíodh an t-amhránaí agus aisteoir Garrett Phillips, as St Mary’s Terrace ar an mBóthar Ard i nGaillimh, as éigniú na mná óige ar an 5 Samhain 2015. Ar an 9 Iúil a ghearrfar pianbhreith air.

Le linn na trialach sa Phríomh-Chúirt Choiriúil chualathas gur fhág an bhean óg an club oíche timpeall 1am agus go raibh sí ina suí ina haonar ar shuíochán i bpáirc nuair a bhuail sí le Phillips, a bhí amuigh ag siúl lena ghadhar.

Dúirt sí go raibh sí trína chéile ag an am, gur labhair Phillips léi ar feadh 15 nóiméad, gur thug sé a sheaicéad di agus gur thairg sé síob abhaile di.

Dúirt sí gur thit a codladh uirthi le linn an turais sa veain agus ar dhúiseacht di go raibh Phillips ina sheasamh, a chos dheas ar an suíochán lena hais agus a bhod ina béal.

Dúirt an bhean le linn na trialach gur bhrúigh sí Phillips uaithi, gur thosaigh sí ag béicíl agus go ndúirt sí leis go n-inseodh sí cad a bhí déanta aige.

Dúirt sí go raibh sí “ag bladhradh caointe agus ag scréachaíl” agus gur rith sí ar chúl an veain chun uimhir an phláta a fháil.

Dúirt sí gur thiomáin Phillips leis faoi luas agus gur rith sí féin go dtí teach a bhí in aice láimhe, mar ar thosaigh sí ag cnagadh ar an doras agus ag bualadh an chloigín agus í ag rá uimhir phláta an veain gan stad.

Nuair a tháinig muintir an tí go dtí an doras d’inis sí an scéal dóibh agus ghlaoigh siad ar na Gardaí. Thug muintir an tí le fios do na Gardaí go raibh an bhean “an-trína chéile” agus í ag athrá uimhir an veain gan stad.

Phléadáil an t-aisteoir a dheineadh páirt an Dr Cathal Hennessy i sobaldráma TG4 Ros na Rún neamhchiontach i gcúis amháin d’éigniú béil a dhéanamh ar an mbean, 20, ar an 5 Samhain 2015.

Mhaígh sé gur thug an bhean gnéas béil dó ar feadh roinnt soicindí sular tháinig fearg uirthi agus dúirt go raibh páirtí fir aici.

Mhaígh an t-amhránaí agus aisteoir, a raibh páirt le déanaí aige sa cheoldráma The Rat Pack – Live from Las Vegas, gur iarr an bhean air tiomáint amach go dtí imeall na cathrach go dtí áit a bhfuil radharc na cathrach as agus gur tharla eachtra ghnéis chomhthola eatarthu ansin.

Dúirt an bhean le linn na trialach gur Phillips a mhol go rachfaí go dtí imeall na cathrach.

Dúirt Barry White dlíodóir an chosantóra sa chúirt inniu go ndeachaigh sé dian air a chur ina luí ar Phillips a thromchúisí agus a bhí an scéal. Níor inis an t-aisteoir, a bhí ar stáitse sa West End i Londain go gairid roimh an triail, dá bhean faoin gcás go dtí an lá sular thosaigh an triail. Dúirt White, áfach, go raibh treoir anois aige ó Phillips leithscéal ó chroí a ghabháil as a iompar.

Dúirt an bhean ina ráiteas don chúirt gur bhean óg gealgháireach a bhí ag déanamh go maith sa saol ab ea í sular tharla an eachtra ach gur duine eile anois í. Dúirt sí go raibh a saol roimh an eachtra “ar nós traein a bhí ar an gcosán ceart agus ag dul an treo ceart”, ach gur bhraith sí gurb í an cailín céanna fós is a bhí “í scanraithe, ag lascadh ar dhoras duine agus ag impí go dtabharfaí cúnamh di”.

Dúirt sí nár chríochnaigh sí a cúrsa ollscoile, go bhfuil an galar dubhach ag dul di, go raibh faitíos agus náire uirthi agus go mb’éigean di an Ghaillimh a fhágáil. Dúirt sí go mbíonn sí fós ag tógáil cógas frithdhúlagráin, gur fhan sí glan ar a clann agus ar a cairde i ndiaidh na heachtra agus go mbíonn doicheall uirthi an teach a fhágáil.

Dúirt an bhean go ndearna sí iarracht an rud ceart a dhéanamh nuair a thuairiscigh sí an t-éigniú láithreach ach gur bhraith sí go ndearnadh coirpeach di. Bhí dhá bhliain ann sular tháinig an cás chun cúirte agus b’éigean di taisteal chun na cúirte gach uair a liostáladh ach nár éisteadh an cás le linn na tréimhse sin. Bhí a déileáil le próiseas na cúirte ar cheann de na rudaí ba dheacra dá ndearna sí riamh, a dúirt sí.

B’éigean di suí roinnt orlaí ón bhfear a d’ionsaigh í agus labhairt faoin méid a tharla fad is a bhí bréaga á gcur ina leith. Ba é toradh phróiseas na cúirte gur taibhsíodh di gur uirthi féin a bhí an locht faoin méid a tharla di. “Bhraith mé go raibh an milleán á chur orm toisc mé óg agus leochaileach,” a dúirt sí.

Dúirt sí go raibh sí saonta an oíche sin, go ndearna sí an botún is mó dá ndearna sí riamh ach nach ndearna sí aon rud as bealach.

Ní ghlacfadh sí freagracht as iompar duine eile, a dúirt sí.

Dúirt an bhean óg nach mbraitheann sí sábháilte níos mó agus í ag siúl léi féin nó fiú agus í ina teach féin.

“Ní bhainim aon sásamh as an saol sóisialta níos mó agus is minic a cheistím mo shaol agus a chuirim an cheist: cad is fiú é? Cén fáth mise?”

Dúirt an bhean óg nach raibh aon ghean aici ar an gcineál duine atá inti ó éigníodh í agus go mbraitheann sí go bhfuil mar a bheadh ualach ar a clann agus a cairde.

“Ní maith liom an bhean atá ionam anois. Tá mé in ísle brí, searbh agus an-fheargach, Ní mé an deirfiúr, an páirtí, an cara ná an iníon ba mhaith liom a bheith ná ba cheart dom a bheith. Bím seasta ag gabháil leithscéil ach ní ormsa an locht. Níor cheart go dtarlódh na rudaí seo,” a dúirt sí.

Dúradh sa chúirt gur thug Phillips, agus baill eile a theaghlaigh aire dá máthair a bhfuil néaltrú uirthi.

Dúradh go raibh bean chéile Phillips trína chéile faoin gcás nach bhfuair sí amach mar gheall air go dtí an lá sular thosaigh an triail.

Nuair a ciontaíodh Phillips an mhí seo caite, chuir an Breitheamh Eileen Creedon srianta tuairisceoireachta i bhfeidhm a d’fhág nach bhféadfaí Phillips a ainmniú roimhe seo.

Rinne a fhoireann dlí iarratas go leanfaí leis na srianta tuairisceoireachta sin agus dúirt gur íospartaigh a bhí ina bhean agus a bheirt pháistí chomh maith. Dúirt an Breitheamh Creedon gur minic an scéal amhlaidh agus nach raibh aon ní eisceachtúil faoin gcás seo a d’fhágfadh nár cheart ainm Phillips a thuairisciú.

D’iarr Barry White go n-aithneofaí sa phianbhreith go mbeadh cineál “halfway house” ann i gcás duine a phléadáil ciontach agus duine nach ndearna amhlaidh toisc nár tuigeadh dó a thromchúisí is a bhí an scéal.

Dúirt abhcóide na mná Paul Byrnes nárbh ann d’aon “halfway house” sna cúrsaí seo. Dúirt sé gur troideadh an cás seo gan aon phléadáil agus gur údar imní dó go raibh Phillips, in ainneoin a leithscéil, fós den tuairim gur eachtra ghnéis chomhthola a bhí i gceist.

Sa ghailearaí poiblí a bhí Phillips ina shuí le linn na héisteachta inniu, é gléasta i gculaith dhubh, léine bhán agus carbhat dhubh.

Cuireadh Phillips, atá cláraithe anois mar chiontóir gnéis, siar faoi bhannaí go dtí an 9 Iúil ionas go bhféadfaí tuairisc phromaidh a fháil.

Ceithre uair an chloig agus 15 nóiméad a ghlac sé ar an ngiúiré d’ochtar fear agus ceathrar ban a mbreith 11-1 a thabhairt sa chás an mhí seo caite.

Fág freagra ar 'Pianbhreith le gearradh ar iar-aisteoir le ‘Ros na Rún’ as bean óg a éigniú'

  • Seánie

    DO chreidthe an méid éigniú atá ag tarlú. Cá bhfuil meas ar mná.

  • tommy

    ‘Ní maith liom an bhean atá ionam anois’. Táim ‘searbh’ agus ‘an-fheargach’. Ráiteas lomláidir óna croí amach. Claochlú tubaisteach ó bhonn a chuir an boc sotalach féinghrách sin faoi deara di. Tógfaidh sé tamall uirthi bheith ‘istigh léi féin’ arís agus an fuath agus an nimh sin a ruaigeadh as a hintinn, as a saol. Ach éireoidh léi, táim cinnte. Bítear ag caint coitianta ar rudaí tromchúiseacha dá leithéid a ‘mhaitheamh’ agus nach féidir cneasú thar goimh a dhéanamh dá éagmais. Nach féidir teacht chugat féin gan an choir sin ‘a mhaitheamh’. Ach an bhfuil ‘maithiúnas’ á iarraidh ag an éigneoir sin? Céard é go díreach atá i gceist leis an bhfocal sin? An seafóid é? Nach róchuma le drochdhaoine (dá mhacasamhail sin) faoi shuáilce saonta den sórt sin? Nach cúis mhagaidh a bheadh ann dóibh?