Philip King ceaptha ina Ollamh Cúnta i DCU

Deir Uachtarán DCU, an tOllamh Brian Mac Craith go mbeidh baint mhór ag King le forbairt phlean na hOllscoile ceantar cultúrtha bríomhar a bhunú i dtuaisceart Átha Cliath

Philip King ceaptha ina Ollamh Cúnta i DCU

Tá an ceoltóir, craoltóir, léiritheoir agus Gaeilgeoir aitheanta as Corcaigh Philip King, ceaptha ina Ollamh Cúnta i nDámh na nDán agus na nEolaíochtaí Sóisialta in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Tréimhse trí bliana a bheidh ag King, a bhain cáil amach ar dtús sa bhanna Scullion, ina Ollamh Cúnta sa Ollscoil.

In imeacht na mblianta, tá obair déanta ag King i dteannta leis an iliomad mórcheoltóirí, mórscríbhneoirí agus mórscannánóirí, ina measc Paul Brady, Christy Moore, Liam O’Flynn, Seamus Heaney, John McGahern, , Mark Knopfler, The Everly Brothers, The Waterboys, Elvis Costello, John Cage, Emmylou Harris, Pete Seeger, Bono, Amy Winehouse agus Tom Waits.

Bhuaigh sé duais teilifíse Emmy dá shraith cheoil Bringing It All Back Home i 1991 agus ba é a léirigh an ceol do scannán John Boorman, The General. Bhain sé cáil amach chomh maith leis an bhféile cheoil a bhunaigh sé sa Daingean Other Voices, féile ar bunaíodh an tsraith den teideal céanna ar RTÉ uirthi. Tá King ina léiritheoir ar an tsraith de chuid TG4 Sé Mo Laoch agus tá sé ina láithritheoir ar South Wind Blows ar  RTÉ Radio 1, sraith a chraoltar ó stiúideó RTÉ Raidió na Gaeltachta i mBaile na nGall.

Dúirt Philip King go raibh sé ag súil go mór lena ról nua agus le cur chun cinn na n-ealaíon, an chultúir agus na cruthaitheachta ar an gcampas.

Dúirt Uachtarán DCU, an tOllamh Brian MacCraith, gur “iontach” an scéal a bhí ann do DCU agus gur gaiscíoch é King. Dúirt Mac Craith go mbeadh baint mhór ag King le plean na hOllscoile ceantar cultúrtha bríomhar a bhunú i dtuaisceart Átha Cliath.

Fág freagra ar 'Philip King ceaptha ina Ollamh Cúnta i DCU'

  • teaimi

    Deir gach duine ‘i dteannta le’ anois seachas ‘ i dteannta’ nó ‘in éineacht le’ nó fiú amháin ‘fara’ ….?