Phil Lynott, foireann rugbaí Chorca Dhuibhne, Antaine ‘Toto’ Ó Gríofa agus ‘Cosáin cheoil’ – na cláir Ghaeilge i sceideal fómhair RTÉ

I measc na gcláracha nua Gaeilge i sceideal an fhómhair RTÉ tá comhléiriú idir RTÉ agus BBC Alba a dhéanann scagadh ar na ceangail idir ceol traidisiúnta na hÉireann agus na hAlban le leathchéad bliain anuas

Phil Lynott, foireann rugbaí Chorca Dhuibhne, Antaine ‘Toto’ Ó Gríofa agus ‘Cosáin cheoil’ – na cláir Ghaeilge i sceideal fómhair RTÉ

'Cosáin Cheoil', sraith ceoil i sceideal fómhair RTÉ

Cúig chlár Gaeilge atá i sceideal an fhómhair ag RTÉ, ag áireamh trí shraith agus dhá chlár faisnéise aonair.

I measc na gcláracha Gaeilge nua i sceideal an fhómhair RTÉ a fógraíodh inniu, tá Cosáin Cheoil, comhléiriú idir RTÉ agus BBC Alba a dhéanann scagadh ar na ceangail idir ceol traidisiúnta na hÉireann agus na hAlban le leathchéad bliain anuas. Sé chlár a bheidh sa tsraith seo a chuirfear tús léi ar an 28 Meán Fómhair ar RTÉ One.

 I measc na gceoltóirí a bheidh le cloisteáil sa chlár beidh Zoe Conway, Doimnic Mac Giolla Bhríde agus Andy Irvine.

 Dúirt Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Rónán Mac Con Iomaire,  gur sraith shuaithinseach é Cosáin Cheoil “ní hamháin ó thaobh sárchaighdeán an chláir agus an cheoil” ach ó thaobh an “suntas” atá á thabhairt dó ar sceideal RTÉ One. Craolfar Cosáin Cheoil ag 8.30pm sé Aoine i ndiaidh a chéile.

“Le blianta beaga anuas, tá muid ag bogadh cláracha amach as an spás traidisiúnta a bhíodh ag cláracha Gaeilge ar RTÉ, agus tá an clár áirithe seo dhá chur os comhair an lucht féachana ag buaic-am féachana oíche Dé hAoine,” arsa Mac Con Iomaire.

 Tá sraith nua den tsraith spóirt An Geansaí ag filleadh ar RTÉ One an fómhar seo ach spóirt eile seachas cluichí CLG a bheidh faoi chaibidil ann i mbliana. I gceann amháin de na cláir seo leanfar beirt dornálaithe óga, Antaine ‘Toto’ Ó Gríofa as Gaeltacht Chonamara agus Christina Desmond ó Chill na Martra, agus iad ag iarraidh áit a bhaint amach ar fhoireann Oilimpeach na hÉireann. I gclár eile sa tsraith tabharfar cuairt ar chlub rugbaí  Ghaeltacht Chorca Dhuibhne.

Pléifidh an tsraith Ar Son na Poblachta le scéalta ó Chogadh na Saoirse “nach bhfuil go mór i mbéal an phobail ach a léiríonn cé chomh casta agus conspóideach atá stair na hÉireann go dtí an lá atá inniu féin”.

 Clár leathuaire é Phil Lynott: Scéalta ón Old Town, ina dtugtar turas timpeall ar chathair Bhaile Átha Cliath bunaithe ar an bhfíseán cáiliúil a ghabh le hamhrán iomráiteach Lynott.

 

Fág freagra ar 'Phil Lynott, foireann rugbaí Chorca Dhuibhne, Antaine ‘Toto’ Ó Gríofa agus ‘Cosáin cheoil’ – na cláir Ghaeilge i sceideal fómhair RTÉ'

  • Breathnóir

    Is maith ann do na cláir seo; bíonn go leor acu fíorspéisiúil agus déantar go slachtmhar iad.
    ACH… tá gearán beag agam maidir le RTÉ, a bhaineann leis an Seinnteoir. Tá an seinnteoir céanna fós aonteangach agus ní i gcónaí a oibríonn sé i gceart. Freisin, tá Gaeilge fós curtha sa chatagóir céanna ar an Seinnteoir le ´Religious Programming´, rud nach dtuigim ar chor ar bith; níl ar fáil mar chláir sa chatagóir sin ach eagráin na seachtaine roimhe de ´Nuacht´ & eipeasóid amháin de chlár a rinneadh cúpla bliain ó shin… Seans ar bith go dtiocfadh libh feabhas a chur ar chúrsaí, RTÉ?