Pexit? Tá tuairim choitianta sa Phortaingéil go bhfuil an tír ar fad ar díol ar shladmhargadh

Agus paidir chapaill á déanamh den Grexit, táthar ann ag ceann eile na hEorpa, sa Phortaingéil, a dteastaíonn uathu cúl a thabhairt don euro freisin. Ach in ainneoin an chlampair, ní dócha go mbeidh sé ina ‘Pexit’ go luath

IMG_0357

Bheadh sé deacair ar chuairteoir neamhaird a dhéanamh orthu: na cláir fógraíochta ollmhóra atá curtha in airde i gcathair Liospóin ar a bhfuil imeacht na Portaingéile ón euro agus filleadh an Escudo, an seanairgeadra, á éileamh ag Páirtí Cumannach na Portaingéile (páirtí a bhfuil tacaíocht réasúnta láidir aige, i gceantair tuaithe lárdheisceart na tíre go háirithe).

Ar mhaithe leis an gcuairteoir ón nGearmáin – agus ní bhíonn siad sin gann i Liospóin – tá an téacs ar fhógraí ollmhóra eile sa chathair aistrithe go Gearmáinis:

‘Rialtas níos Gearmáiní ná rialtas na Gearmáine féin’, a thugann Bloco de Esquerda, páirtí polaitiúil eile ar an eite chlé, ar an gcomhrialtas de chuid na heite deise atá i gcumhacht sa Phortaingéil le ceithre bliana anuas faoi stiúir an Chéad Aire Pedro Passos Coelho.

Bliain sular tháinig comhrialtas Passos Coelho i gcumhacht, agus an tóin tite as eacnamaíocht na tíre go hiomlán, bhí ar an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (IMF), ar an mBanc Ceannais Eorpach agus ar an Aontas Eorpach an Phortaingéil a tharrtháil, mar a tharla sa Ghréig, sa Spáinn, sa Chipir agus in Éirinn féin. Íocadh 78 míle milliún euro leis an bPortaingéil mar chuid den phacáiste tarrthála.

D’éirigh le comhrialtas Passos Coelho an tír a thabhairt slán ó scéim an troika i mBealtaine na bliana seo caite, ach tá polasaithe déine i bhfeidhm i gcónaí agus tá príobháidiú á dhéanamh fós ar ghnólachtaí luachmhara stáit, mar a éilíodh tráth an phacáiste tarrthála.

Sladmhargadh

Coicís ó shin, díoladh an chuid is mó den aerlíne náisiúnta, TAP Portugal, le húinéir na haerlíne Azul ón mBrasaíl, ar 10 milliún euro agus geallúintí go ndéanfaí infheistíocht 338 milliún euro eile san aerlíne.

Tá leabhar dar teideal O Angolano que comprou Lisboa (por metade do preço) (‘An tAngólach a cheannaigh cathair Liospóin [ar leath an phraghais]’), leis an udar Angólach Kalaf Epalanga, ag barr na gcairteanna i siopaí leabhar na Portaingéile.

Dhá rud a léiríonn an dá shampla thús.

Ar dtús, go bhfuil an tuairim choitianta sa Phortaingéil go bhfuil an tír ar fad ar díol ar shladmhargadh. (Ní haon rún é go bhfaigheann an cuairteoir ón iasacht luach a chuid airgid sa tír: ní chosnaíonn cupán espresso ach caoga cent. Ar ndóigh, bhainfeadh an tuarastal a íoctar le muintir na Portaingéile – an freastalaí sin a dhéanann an cupán espresso, mar shampla – an anáil de chuairteoirí as an gcuid eile den Eoraip freisin).

Ach chomh maith leis sin, léiríonn díolachán na haerlíne náisiúnta le comhlacht ón mBrasaíl agus teideal tarcaisniúil leabhar Kalaf Epalanga gurb iad iarchóilíneachtaí na Portaingéile go háirithe atá ag teacht i dtír ar ghéarchéim eacnamaíochta na tíre a rinne creach orthu ar feadh na gcéadta bliain.

IMG_0512

Pexit?

Casaim le cara Portaingéileach de mo chuid ar bhruach abhain an Tejo, i bhfoisceacht scread asail ó na céibheanna ónar chuir mairnéalaigh na Portaingéile chun seoil fadó chun a saibhreas a dhéanamh san Áise, san Afraic agus i Meiriceá Theas.

Múinteoir Béarla é Marco a chaithfidh ranganna príobháideacha a thabhairt san oíche toisc nach leor an tuarastal a shaothraíonn sé mar mhúinteoir meánscoile chun na billí ar fad íoc.

Pléim na cláir fógraíochta ollmhóra leis ar a bhfuil filleadh an tseanairgeadra á éileamh agus ar a bhfuil ‘tréas tíre’ á chur i leith chomhrialtas Passos Coelho (as ucht an aerlíne náisiúnta agus gnólachtaí stáit eile a dhíol, is dócha).

Déanann Marco gáire. ‘Sin é an rud is measa a d’fhéadfadh tarlú, an euro a fhágáil. An fhadhb leis an tír seo ná nach bhfuil cumas ag ár bpolaiteoirí an tír a rialú; níl ag polaiteoirí an lae inniu, ní raibh ag dream an lae inné, ní raibh an cumas sin ag muintir na tíre seo riamh. Tírín ar imeall na hEorpa muid ach san Eoraip atá ár dtoghchaí.’

Léiríonn torthaí an toghcháin dheireanaigh sa Phortaingéil – toghchán Eorpach na bliana seo caite, a bhfuair na páirtithe atá ag iarraidh droim láimhe a thabhairt leis an euro 15 faoin gcéad de na vótaí ann – gur le Marco a d’aontódh mórchuid na bPortaingéalach.

Fág freagra ar 'Pexit? Tá tuairim choitianta sa Phortaingéil go bhfuil an tír ar fad ar díol ar shladmhargadh'

  • Breathnóir

    Alt spéisiúil. Ach nach mbréagnaíonn ábhar an ailt an ceannteideal a cuireadh leis, is é sin le rá in ainneoin na cainte ar ‘pexit’ gur beag duine atá ag iarraidh an euro a fhágáil sa Phortaingéil dáiríre?