Peter Keane as Uíbh Ráthach le ceapadh mar bhainisteoir na Ríochta

Bhí Peter Keane as Cathair Saidhbhín ina bhainisteoir ar mhionúir Chiarraí le trí bliana anuas agus bhuaigh siad craobh na hÉireann gach bliain le linn na tréimhse sin

Peter Keane as Uíbh Ráthach le ceapadh mar bhainisteoir na Ríochta

Is é Peter Keane as Cathair Saidhbhín in Uíbh Ráthach a thiocfaidh i gcomharbacht ar Éamonn Fitzmaurice mar bhainisteoir ar fhoireann peile Chiarraí.

Tuairiscítear gurb é ainm Keane a chuirfidh Cathaoirleach Bhord an Chontae Tim Murphy faoi bhráid chomhaltaí na gclub ag cruinniú den bhord a bheidh ar siúl Dé Luain seo chugainn.

Bhí Keane ina bhainisteoir ar mhionúir Chiarraí le trí bliana anuas agus bhuaigh siad craobh na hÉireann gach bliain le linn na tréimhse sin. Roimhe sin bhíodh sé ag plé le Léigiún a bhain cluiche ceannais an chontae amach den chéad uair le fada agus iad faoina stiúir. Bhí sé ina bhainisteoir ar a chlub féin Naomh Muire Chathair Saidhbhín nuair a bhuaigh siad craobh shóisir na hÉireann in 2011. 

Ba iad Keane agus fear eile as an gcumann céanna, iar-réalta Chiarraí Maurice Fitzgerald, is mó a bhí á lua le post an bhainisteora i gCiarraí le tamall anuas.

Meastar go bhfuil seans mór ann i gcónaí go mbeidh Fitzgerald, a bhí mar roghnóir ag Fitzmaurice, mar chuid den fhoireann bainistíochta nua a bheidh ag Keane. Keane féin a roghnóidh an fhoireann sin.

I measc na ndaoine eile atá á lua leis an bhfoireann nua bainistíochta tá Tommy Griffin as an nDaingean i nGaeltacht Chiarraí, a bhí mar roghnóir ag Keane le foirne mionúir an chontae, agus Donie Buckley iarchóitseálaí le Ciarraí agus Maigh Eo.

Rachaidh Keane i mbun na foirne ag tréimhse chinniúnach do Chiarraí agus Áth Cliath ag déanamh ar a gcúigiú craobh as a chéile, rud nach bhfuil déanta ag Ciarraí ná aon fhoireann eile i stair Chumann Lúthchleas Gael.

Cé go bhfuil neart imreoirí óga cumasacha ag Ciarraí faoi láthair d’éirigh triúr dá seanfhondúirí as le mí anuas, Kieran Donaghy, Donnchadh Walsh agus Anthony Maher.

Fág freagra ar 'Peter Keane as Uíbh Ráthach le ceapadh mar bhainisteoir na Ríochta'

  • Rebekah McSpadden

    Tá go leor eolais ann faoi Peter Keane. Is féidir le daoine a fháil amach faoi a stair le peile agus an rath a bhí aige le foirne idirghnó. Tá sé deas go mbeadh a fhios ag daoine faoina bainisteoir nua.