Peter Casey ag smaoineamh ar éirí as toghchán na huachtaránachta

Deir Peter Casey go ndéanfaidh sé fógra Dé Luain faoi cé acu an bhfuil nó nach bhfuil sé i gceist aige tarraingt siar ó rás an Árais roimh thoghchán na seachtaine seo chugainn

Peter Casey ag smaoineamh ar éirí as toghchán na huachtaránachta

Tá an fear gnó Peter Casey ag smaoineamh ar éirí as toghchán na huachtaránachta. Dúirt Casey ar maidin go bhfuil fógra le déanamh Dé Luain aige faoi cé acu an bhfuil sé i gceist aige tarraingt siar ó rás an Árais roimh thoghchán na seachtaine seo chugainn.

Dúirt Casey an méid sin agus é faoi agallamh ar The Keith Finngean Show ar Galway Bay FM ar maidin.

Dúirt sé go bpléifeadh sé a bhfuil i ndán dá fheachtas lena bhean agus a muintir ag an deireadh seachtaine agus go bhfógródh sé a chinneadh ansin.

Bhain conspóid mhór le ráiteas a rinne Casey i dtús na seachtaine faoin lucht siúil. Mhaígh sé gur daoine “go bunúsach” iad an lucht siúil a bhíonn  “ag campáil ar thalamh daoine eile” agus mhaígh sé nach “mionlach eitneach” iad. Chuir iarrthóirí eile sa toghchán ciníochas ina leith ach sheas Casey go diongbháilte leis an méid a bhí ráite aige.

Dúirt sé inniu nárbh fhíor go raibh sé ciníoch agus gur ghoill sé go mór air go ndéarfaí a leithéid faoi. Cháin sé chomh maith an Taoiseach as tagairt don scéal agus dúirt sé gur chóir do Leo Varadkar “a chlab a choinneáil dúnta”.

Dúirt Casey inné gur chreid sé go raibh an lucht siúil “ar comhchéim le cách” agus nach raibh an lucht siúil “níos fearr nó níos measa ná éinne”.

Dúirt sé ar maidin nach raibh sé “ag iarraidh go dtoghfadh muintir na hÉireann mar Uachtarán” é “mar gheall ar aon ráiteas amháin” a rinne sé.

Léirigh na pobalbhreitheanna go n-uige seo gur sa séú háit sa toghchán a bhí Casey agus gan ach 1-2% ag tacú leis.

 

Fág freagra ar 'Peter Casey ag smaoineamh ar éirí as toghchán na huachtaránachta'