Peileadóirí óga Chiarraí agus BÁC ag bláthú, ach go leor le foghlaim ag iománaithe óga na Gaillimhe

Ceachtanna CLG: Na scéalta is mó ó thús na sraitheanna peile agus iománaíochta an deireadh seachtaine seo

Peileadóirí óga Chiarraí agus BÁC ag bláthú, ach go leor le foghlaim ag iománaithe óga na Gaillimhe

Ógánach eile seachas David Clifford ag bláthú i gCiarraí

Ní hionadh ar bith é go raibh daoine ag súil le taispeántas David Clifford agus é ag imirt a chéad chluiche do shinsir Chiarraí inné agus cé gur éirigh cuibheasach maith le fear an Fhosaidh in aghaidh Dhún na nGall, d’éirigh níos fearr fós le fear eile a d’imir le foirne iontacha faoi-aois na Ríochta, sin é Seán Ó Sé.

Is ar an líne daichead slat a bhí Ó Sé ag imirt i gCill Airne, an áit is dual dó, agus bhí baint mhór aige le bua Chiarraí. Fuair sé dhá phointe ón imirt sa chéad deich nóiméad agus nuair a bhí an choimhlint idir dhá cheann na meá i gceart, ba é Ó Sé a chuir Ciarraí ar comhscór le cic saor breá. Ba é sin an seachtú pointe aige sa chluiche.

Tá i bhfad níos mó cainte déanta faoi Clifford le cúpla bliain anuas ach is maith a thuig na saineolaithe i gCiarraí go raibh sárthosaí eile acu. Bhí Ó Sé istigh leis na sinsir anuraidh agus sheas an taithí sin aréir leis. Tá an fear óg seo chomh maith céanna ag cruthú deiseanna d’imreoirí eile agus atá sé ag aimsiú a scóranna féin. Má leanann Ó Sé agus Clifford orthu ag feabhsú, beidh geansaithe 11 agus 14 Chiarraí ina seilbh acu ar feadh blianta fada.

Deis ligthe le sruth ag fir nua na Gaillimhe

Rinne Aontroim garda onóra d’fhoireann na Gaillimhe agus seaimpíní na hÉireann ag dul chun páirce i mBóthar na Trá inné, ach b’in deireadh le gothaí na humhlaíochta. Ba bheag nár thug fir Uladh údar náire do Ghaillimh agus iad trí phointe chun cinn agus gan ach ceathrú uaire nó mar sin fágtha.

D’éirigh le Gaillimh an bua a fháil sa deireadh, ach is cinnte nach mbeidh an bainisteoir, Micheál Donoghue, sásta lena dtaispeántas.

Seisear a thosaigh i gcluiche ceannais na hÉireann mí Mheán Fómhair seo caite a thosaigh do Ghaillimh inné agus thug Donoghue a seans do roinnt imreoirí nua. Níor thapaigh cuid acu an deis sin áfach agus bhí Gaillimh ag brath ar na himreoirí is mó a bhfuil taithí acu, leithéidí Conor Cooney, Cathal Mannion agus Joseph Cooney, chun an fhoireann a thabhairt slán.

Seans go mbeidh Donoghue anois ag iarraidh na seanfhondúirí eile a thabhairt ar ais chomh luath agus is féidir.

Léiriú eile ar chumas Bhaile Átha Cliath

Den séú bliain as a chéile, tá a gcéad chluiche sa tsraith buaite ag peileadóirí Bhaile Átha Cliath agus murab ionann is iománaithe na Gaillimhe, bhí Jim Gavin in ann neart athruithe a dhéanamh gan cur isteach ar chaighdeán imeartha na foirne.

Agus iad in aghaidh Chill Dara oíche Shathairn, thosaigh beirt den fhoireann a bhuaigh Craobh Faoi-21 na hÉireann anuraidh, Colm Basquel agus Brian Howard. D’éirigh go maith leo beirt: 0-3 a fuair Basquel agus 0-2 a fuair Howard.

Níorbh iad na hógánaigh amháin a chuaigh i bhfeidhm ar an imirt agus thug Bernard Brogan sárthaispeántas uaidh. Agus é 33 bliain d’aois, cheapfá go mbeadh fonn air scíth a ligean le linn na sraithe, ach bhí an tosach chomh lán brí agus a bhí sé riamh agus é ag iarraidh áit ar an bhfoireann a chinntiú don chraobh.

Is ar éigean go raibh a leithéid ag teastáil faoin am seo, ach fuair muid léiriú eile fós Dé Sathairn ar a chumasaí is atá painéal Bhaile Átha Cliath.

Céim bheag chun cinn tógtha ag Uíbh Fhailí

Údar imní eile do Mhicheál Donoghue go bhfuil an chuma ar an scéal go mbeidh Roinn 1B níos dúshlánaí i mbliana. Léirigh Aontroim a gcumas Dé Domhnaigh agus an chuma anois ar Uíbh Fhailí go bhfuil siad ag dul i bhfeabhas agus bua gan choinne faighte acu ar Bhaile Átha Cliath Dé Sathairn.

Tá lucht iománaíochta an chontae in ísle brí le tamall fada anois ach bhí údar dóchais acu an deireadh seachtaine seo agus cluiche buaite acu i bPáirc an Chrócaigh den chéad uair ó 2005.

Cinnte, ní hé seo an tús a shamhlaigh Pat Gilroy lena ré mar bhainisteoir ar iománaithe Bhaile Átha Cliath. Agus fir Chuala ag díriú ar chraobh na gclubanna faoi láthair, chuir sé scata imreoirí chun páirce nár imir don chontae cheana, ach mar sin féin ní bheidh Gilroy sásta leis an méid a chonaic sé ná baol air.

Fág freagra ar 'Peileadóirí óga Chiarraí agus BÁC ag bláthú, ach go leor le foghlaim ag iománaithe óga na Gaillimhe'