Peileadóirí Mhicheál Breathnach ag súil le púcaí na bliana seo caite a dhíbirt

Lá mór atá ann do chumann Mhicheál Breathnach agus iad ag imirt in athimirt chluiche ceannais idirmheánach peile na Gaillimhe. Ó dheas, rachaidh Daingean Uí Chúis chun páirce anocht i gcraobh shinsir peile Chiarraí

Peileadóirí Mhicheál Breathnach ag súil le púcaí na bliana seo caite a dhíbirt

Rónán Mac Donnacha ag imirt do Mhicheál Breathnach. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Mar a tharla anuraidh, tá Micheál Breathnach ag fáil réidh d’athimirt chluiche ceannais idirmheánach peile na Gaillimhe. Bhí briseadh croí ann do chumann Indreabháin i gcoinne an Spidéil anuraidh agus cé go bhfuil an t-ardú céime go dtí grád na sinsear faighte cheana acu cheana féin, beidh na Breathnaigh ar a míle dícheall ag iarraidh craobh an chontae a bhaint i mBóthar na Trá tráthnóna.

Don dara bliain as a chéile, ghéill Micheál Breathnach pointe ó chic saor in am cúitimh chun deis eile a thabhairt dá gcéilí comhraic. Is é Matthew Tierney a d’aimsigh pointe an chomhscóir d’Uachtar Ard sa chéad chluiche coicís ó shin nuair a shlánaigh sé cic saor 43m sa chúigiú nóiméad d’am cúitimh.

Tá Tierney ar dhuine de na himreoirí óga is fearr sa chontae faoi láthair agus cé gur léirigh sé a chumas leis an gcic iontach sin ag deireadh an chluiche, níor éirigh leis scór ar bith a fháil ón imirt. Rinne Dinny Ó hÉallaithe jab iontach chun Tierney a choinneáil faoi chois.

D’éirigh réasúnta maith le cosantóirí Mhicheál Breathnach trí chéile.  Fuair Uachtar Ard 3-15 agus 3-18 sa chluiche ceathrú ceannais agus sa chluiche leathcheannais. Ach níor scóráil siad ach 0-3 sa chéad leath i gcoinne na mBreathnach.

Bhí fir Chois Fharraige buíoch freisin de Rónán Ó Beoláin, fear a thug an-taispeántas sa chúl. D’éirigh leis scata iarrachtaí a choinneáil amach aige i rith an chluiche.

Bhí an dara leath níos oscailte agus rinne na tosaithe ón dá fhoireann níos fearr. Thuill Seán Denvir ardmholadh agus é ar fheabhas do Mhicheál Breathnach. D’aimsigh comhchaptaen na foirne ceithre phointe ón imirt sa dara leath nuair a bhí an cluiche fós idir dhá cheann na meá.

Bhí dualgais bhreise ar chuid d’imreoirí na mBreathnach an deireadh seachtaine seo caite agus Denvir, Ó Beoláin agus roinnt eile mar chuid d’fhoireann iomána an chumainn a bhuaigh Craobh Shóisir 1 na Gaillimhe. Tá an chuma ar an scéal, áfach, gur tháinig siad uile slán ón gcluiche sin agus cé go mbeadh foireann bainistíochta na bpeileadóirí níos sásta dá mbeadh scíth faighte ag na himreoirí, údar misnigh is ea freisin gur bhuaigh siad an cluiche ceannais sin i gcoinne Bhearna-Na bhForbacha.

Is é cluiche an lae inniu an ceathrú huair ag Micheál Breathnach agus Uachtar Ard aghaidh a thabhairt ar a chéile ó thús 2018. Ní raibh níos mó ná dhá phointe eatarthu in aon cheann de na cluichí sin. Bua amháin an taobh atá ann agus, ar ndóigh, chríochnaigh an cluiche is déanaí ar comhscór. Beidh an cluiche tráthnóna chomh dian céanna arís

Cluiche ceannais Chraobh Idirmheánach Peile na Gaillimhe

Micheál Breathnach v Uachtar Ard – Staid an Phiarsaigh, 3.30pm

Ciarraí

Paul Geaney ag imirt do Dhaingean Uí Chúis. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Tá Daingean Uí Chúis ag dul san iomaíocht i gCraobh Shinsir Peile Chiarraí arís an deireadh seachtaine seo agus na babhtaí ceathrú ceannais ar siúl. Imreoidh fir an Daingin i gcoinne Chiarraí Thoir i bPáirc Aibhistín de Staic anocht.

Casadh na foirne céanna ar a chéile sa bhabhta leathcheannais in 2018. Bhí athimirt ag teastáil anuraidh ach tháinig an Daingean slán faoi dheireadh i gcluiche achrannach. Beidh scata imreoirí contae ar an bpáirc anocht agus Paul Geaney, Mikey Geaney agus Tom O’Sullivan an Daingin agus ag tabhairt aghaidh ar leithéidí David Clifford, Jack Sherwood agus Dara Moynihan.

Cé gur chaill Ciarraí Thoir sa chéad bhabhta, ní raibh teacht acu an lá sin ar na deartháireacha Clifford, David agus Paudie, mar gur cuireadh den pháirc iad sa chluiche i gcoinne an Daingin bliain ó shin.

Tá Ciarraí Thoir feabhsaithe ó shin agus níor cheart go mbeadh mórán idir na foirne anocht.

Cluiche ceathrú ceannais Chraobh Shinsir Peile Chiarraí

Daingean Uí Chúis v Ciarraí Thoir – Páirc Aibhistín de Staic, 7.00pm (Beo ar RTÉ 2)

Fág freagra ar 'Peileadóirí Mhicheál Breathnach ag súil le púcaí na bliana seo caite a dhíbirt'